Voyager 1

Dé Céadaoin, an 18ú Samhain 2026


Ar chuala tú iomrá riamh ar an spásárthach Voyager 1? Seans nár chuala nó sheol NASA isteach sa spás é thiar sa bhliain 1977, 49 bliain ó shin. Ba é an jab a bhí aige ná dul isteach sa spás agus nóta a dhéanamh de na rudaí atá amuigh ansin. Taiscéalaí spáis gan fhoireann a bhí ann a bhí le taisteal ar shiúl ón Domhan agus teachtaireachtaí a chur ar ais chugainn. Shíl NASA nach mairfeadh Voyager 1 ach 5 bliana ach tá sé ag leanúint leis go dtí an lá inniu. Tá sé ar an spásárthach is faide ar shiúl ón Domhan a chruthaigh daoine!

Tá an spás iontach mór

Cé go bhfuil Voyager 1 ag taisteal ar 17km sa soicind ar shiúl ón Ghrian, tá an spás iontach iontach mór! Deir eolaithe gur fhág Voyager 1 an Grianchóras sa bhliain 2012, turas a ghlac thart ar 35 bliain. Tá sé anois sa spás idir na réaltaí. Agus an lá inniu, an 18ú Samhain, shroich Voyager 1 áit iontach speisialta – thaistil sé ‘solas-lá’ ar shiúl ón Domhan. Is é atá i gceist le ‘solas-lá’ ná an fad a thaistealódh solas i gceann aon lá amháin. Taistealaíonn solas an-ghasta ar fad, an rud is gasta atá ar eolas againn. Ciallaíonn solas-lá 26 billiún ciliméadar!

Bíonn radaiteileascóp de dhíth le coinneáil i dteagmháil le Voyager 1

Cé go bhfuil sé chomh fada sin ar shiúl, tá Voyager 1 ábalta teachtaireacht iontach lag a chur ar ais chuig an Domhan go fóill. Agus glacann sé lá iomlán leis an teachtaireacht teacht an bealach uilig anois! Más maith le NASA teachtaireacht a chur ar ais, glacfaidh sé lá iomlán eile.

An diosca órga

Bhí turas suimiúil ag Voyager 1. Ar a bhealach isteach sa spás, chuaigh sé thart ar Iúpatar agus Satarn. Ghlac sé pictiúir den dá phláinéad agus den ghealach Tíotán. Tá rud suimiúil eile ag baint le Voyager 1. Tá diosca órga air ar a bhfuil caint daoine ina lán teangacha, pictiúir den Domhan, fuaimeanna ainmhithe agus ceol. Má bhuaileann eachtráin ó phláinéad eile leis, beidh barúil acu cé muid agus cé a chuir Voyager 1 ar a bhealach.


Ceisteanna:

1. Cén bhliain ar sheol NASA Voyager 1 isteach sa spás?

2. Cé chomh fada a shíl NASA a mhairfeadh Voyager 1 ar dtús?

3. Cén luas atá faoi Voyager 1 anois?

4. Cad iad na pláinéid a ndeachaigh Voyager 1 thart orthu?

5. Ainmnigh 3 rud atá ar an diosca órga ar Voyager 1.


Le déanamh:

Samhlaigh go bhfuil NASA ag seoladh spásárthach nua amárach. Roghnaigh 5 rud ón Domhan a chuirfeá ar an diosca órga nua (amhrán amháin, fuaim amháin, pictiúr amháin, frása Gaeilge amháin, agus rud eile de do rogha féin). Scríobh míniú gearr le gach ceann.


Mata an spáis:

Má thaistealaíonn Voyager 17km in aon soicind amháin, cá mhéad ciliméadar a thaistealaíonn sé in aon nóiméad amháin?


Pictiúir:

Diosca órga: Schager / Shutterstock.com

Radaiteileascóp Fort Irwin, California: Nancy Hajjar / Shutterstock.com


meas