Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Píotsa – bia clúiteach ón Iodáil
An maith leatsa píotsa? Cén barrán is fearr leat? Cáis agus muiceoil? Beacáin? Pepperoni?
Píotsa le pepperoni agus beacáin
Sicín? 😬 Anann? 😱 Bhuel, más maith leat anann ar do phíotsa, is dócha gurbh fhearr duit GAN sin a rá le Davide Tamburella, cócaire as an Iodáil. Cén fáth?
Cosúil le cuid mhór cócairí as an Iodáil – ní chuirfeadh Davide anann ar phíotsa choíche!
Bhuel, bhí Davide ag obair i mbialann san Astráil, ach tugadh bata agus bóthar dó níos luaithe i mbliana mar gur dhiúltaigh sé anann a chur ar phíotsa. D’iarr an custaiméir píotsa le muiceoil agus anann, nó Píotsa Haváíoch, mar a thugtar air. Ach dhiúltaigh Davide é a dhéanamh. Dúirt sé gur MASLA é do chultúr na hIodáile anann a chur ar phíotsa agus dhiúltaigh sé glan. Bhris úinéir na bialainne as a phost é.
(Is fiú a rá gur dhúirt an t-úinéir gur nós le Davide a bheith drochmhúinte le custaiméirí agus le baill foirne eile agus nach raibh sa scéal seo faoin phíotsa ach buille maraithe na muice. Níor éirigh linn taobh Davide den scéal a chluinstin.)
I mBéarla a labhraíonn siad ar an sop a bhris droim an chamail ach sa Ghaeilge, deir muid buille maraithe na muice
Is as an Iodáil do Davide agus bhí sé ag iarraidh fíor-phíotsa a dhéanamh, go díreach mar a dhéantar é sa bhaile. Ní chuireann na hIodálaigh anann ar phíotsa mar go bhfuil sé rómhilis. Deir siad go bhfuil an t-anlann trátaí ar an phíotsa milis go leor cheana féin agus nach bhfuil an dara rud milis de dhíth.
Is maith leis na hIodálaigh cineálacha difriúla muiceola a chur ar a gcuid píotsaí
Mar a tharlaíonn sé, ní chuireann Iodálaigh sicín ar a gcuid píotsaí ach an oiread. Déanann na hIodálaigh a gcuid píotsaí a chócaráil in oigheann iontach go deo te. Ní thógann sé ach 90 soicind an píotsa a chócaráil. Síleann siad go n-éiríonn an sicín ró-thirim sa teas sin agus nach mbíonn sé blasta.
Píotsa Haváíoch
Ní bheidh iontas ort a chluinstin nach fíor-phíotsa Iodálach é an Píotsa Haváíoch, ach níor thosaigh sé in Haváí, go fiú. Is fear Gréagach, a bhí ina chónaí i gCeanada, a tháinig aníos leis an smaoineamh in 1962.
Tá clú agus cáil ar bhia na hIodáile
Tá clú agus cáil ar bhia na hIodáile ar fud an domhain agus tá sé de cheart acu a bheith bródúil as. Ach an bhfuil sé de cheart acu a rá le gach duine eile cad é ba cheart, agus nár cheart, dóibh a chur ar a bpíotsa féin? Ag deireadh an lae, is é an custaiméir atá ag íoc as an phíotsa, agus tá a fhios againn uilig an rud a deirtear faoin chustaiméir…
Agus, tar éis an tsaoil, ní hé anann, nó sicín go fiú, ar phíotsa an rud is measa ná is aistí ar domhan. Creid é nó ná creid, tá ar a laghad sceallóglann amháin i nDoire a dhíolann barraí Mars faoi fhuidreamh! Cén bharúil a bheadh ag Davide air sin? An mbainfeá féin triail as ceann? 🤢
Ar cheart dúinn cuireadh a chur ar Davide go Doire?
Ceisteanna le freagairt
1. Cén fáth ar chaill Davide Tamburella a phost?
2. Cén fáth nach maith leis na hIodálaigh anann ar phíotsa?
3. Cén fáth nach gcuireann na hIodálaigh sicín ar a gcuid píotsaí?
4. Cé a tháinig aníos leis an Phíotsa Haváíoch agus cén tír ina raibh sé ina chónaí?
5. Cén mhilseog aisteach is féidir a cheannach i nDoire?
6. Tá dhá bhealach le ‘chaill sé a phost’ a rá? luaite san alt seo – cad iad?
Le Plé – Bia Aisteach! 🍕🤢
🍕 An raibh an ceart ag Davide gan anann a chur ar an phíotsa?
🍕 Cad é an barrán píotsa is fearr leatsa? An bhfuil barráin ar bith ann nach n-íosfá choíche?
🍕 Cad é an bia is aistí a d’ith tú riamh? Ar thaitin sé leat?
🍕 Cad é an bia is aistí a chonaic tú riamh?
🍕 Dá mbeadh cead agat píotsa úrnua a chumadh, cad é a chuirfeá air?
🍕 Barra Mars faoi fhuidreamh – an mbainfeá triail as? Cén fáth?