Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Do chár = do bhéal (nuair a bhíonn na fiacla le feiceáil) nó do chuid fiacla 🦷
Ciallaíonn ‘do chár’ do chuid fiacla. Ag an am seo den bhliain, faigheann na fiacla am crua amach is amach. Níl sé rófhada ó bhí Oíche Shamhna ann, agus páistí na tíre ag líonadh a málaí le smailceacha siúcrúla. An chéad rud eile a bheas ag teacht ná an Nollaig. Líonfar na stócaí Nollag le milseáin agus beidh roghbhoscaí seacláide ann achan áit! Beidh na fiacla faoi ionsaí arís!
Roghbhosca seacláide
Ar ndóigh, tá bealach simplí ann le haire a thabhairt do do chuid fiacla – iad a scuabadh go rialta. Ach, má tá tusa ar dhuine de na daoine sin a cheapann go dtógann sé barraíocht fuinnimh na fiacla a scuabadh gach uile mhaidin…agus ansin arís eile san oíche…gan trácht ar iad a scuabadh uair amháin eile i rith an lae, b’fhéidir go bhfuil rogha eile againn duit…
An maith leatsa na fiacla a scuabadh?
Sna 1930idí, bhí an-suim ag fiaclóir Meiriceánach darbh ainm Weston A. Price sa tsláinte fiacla. Rinne sé staidéar ar an nasc idir d’aiste bia agus cé chomh sláintiúil is a bhí do chuid fiacla. Thaistil sé chuig áiteanna difriúla ar fud an domhain lena chuid taighde a dhéanamh.
Weston Price
Pictiúr de Weston Price ag scrúdú fiacla páiste in Innse Gall sna 1930idí. (Ní fíor-ghrianghraf é seo).
Nuair a thug sé cuairt ar Innse Gall, grúpa d’oileáin Ghaeltachta amach ó chósta na hAlban, chuir sláinte fiacla na n-oileánach iontas air. Chonaic sé go raibh fiacla na bpáistí ar na hoileáin thar a bheith sláintiúil, go háirithe na páistí ar na hoileáin a d’ith aiste bia traidisiúnta.
Tá Innse Gall suite ar chósta thiar na hAlban. Labhraíonn na daoine Gàidhlig (Gaeilge na hAlban) ansin
Cén sórt bia a d’ith siad, mar sin, a bhí chomh cineálta sin dá gcár? Bhuel, d’ith siad min choirce agus cuid mhór éisc! D’ith siad éisc, d’ith siad sliogéisc, d’ith siad uibheacha éisc agus d’ith siad ae an éisc go fiú.
An t-am sin, bhí an trosc iontach coitianta in uiscí na hAlban (agus na hÉireann)
Bhí bia amháin ann, go háirithe, a d’ith páistí go minic, nó shíl na hoileánaigh gur chuidigh sé leo fás go sláintiúil – ceann cropaig (‘ceann cnapach’ i nGaeilge na hÉireann, b’fhéidir). Ceann éisc, líonta le min choirce agus le hae éisc, agus é bácáilte san oigheann.
Bhí Weston Price cinnte gur chuir an aiste bia seo go mór le sláinte fiacla na nGael óg ar an oileán!
Ceann cropaig! 😋 Cloigeann éisc líonta le min choirce agus ae 🍽️ *
Mar sin, má tá tusa ag iarraidh cár deas geal a bheith agat (fiacla sláintiúla!) ach ní maith leat an stró a thagann le scuabadh na bhfiacla – seo an aiste bia duit! Neart éisc, ceann-cropaig don bhricfeasta gach lá agus gan siúcra ná milseáin ná seacláid in am ar bith!
Ach más fearr leat boladh miontaise ar d’anáil seachas boladh éisc, b’fhéidir nár dhochar na fiacla a scuabadh! Dhá bhomaite, ar a laghad, ar maidin agus dhá bhomaite arís san oíche agus thig leat dearmad a dhéanamh den cheann cropaig!
Ceisteanna le freagairt 🦷
1. Cad chuige a mbíonn am crua ag na fiacla ag an am seo den bhliain?
2. Cérbh é Weston A. Price agus cén rud a raibh suim aige ann?
3. Cá bhfuil Innse Gall agus cad é a chuir iontas ar Weston Price nuair a thug sé cuairt ar an áit?
4. Ainmnigh trí chineál bia a bhí mar chuid d’aiste bia thraidisiúnta na n-oileánach.
5. Cad é an rud ‘ceann cropaig’ agus cad é mar a dhéanann tú é?
6. Cad é an dá rogha atá agat, dar leis an alt, más mian leat fiacla sláintiúla a bheith agat?
Le plé 💬
🐟 ‘Ceann cropaig’ nó scuab fiacla? Dá mbeadh an rogha agat ‘ceann cropaig’ a ithe gach maidin nó do chuid fiacla a scuabadh dhá uair sa lá, cé acu a roghnófá? Cén fáth?
🦷 An ithimid barraíocht bianna siúcrúla sa lá atá inniu ann? Smaoinigh ar na bianna agus na deochanna a itheann agus a ólann páistí sa lá atá inniu ann. Cad é a thiocfadh linn a dhéanamh le haire níos fearr a thabhairt dár gcuid fiacla?
🐟 Labhair le do thuismitheoirí nó le do sheantuismitheoirí faoi chineálacha bia a d’ith siadsan nuair a bhí siad óg, nach n-itheann daoine an oiread céanna sa lá atá inniu ann. An síleann tú go bhfuil aiste bia níos fearr nó níos measa againn anois? Mínigh do fhreagra.