Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Saighdiúirí de chuid na Fraince ag troid sa Chogadh Mhór nó an Chéad Chogadh Domhanda in 1917
Ar an 11ú Samhain, achan bhliain, déantar cuimhneachán i gcuid mhaith áiteanna ar na daoine a fuair bás i gcogaí. Déantar an cuimhneachán ar an 11ú Samhain mar gur ar an dáta seo, sa bhliain 1918, a síníodh an comhaontú a chuir deireadh leis an troid in iarthar na hEorpa sa Chogadh Mhór. Ar an 11ú lá, den 11ú mí, ar a 11 a chlog ar maidin, tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
Reilig chogaidh sa Fhrainc – fuair na mílte mílte saighdiúir bás le linn an chogaidh sa Fhrainc. Cuireadh na saighdiúirí seo in uaigheanna gan ainm.
Síleann na staraithe go bhfuair níos mó ná 20 milliún duine bás sa chogadh seo. Ina measc sin, bhí 35,000 Éireannach, as gach cearn den tír. San iomlán, throid 200,000 Éireannach in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Dhomhanda.
Cuimhneachán sna tíortha éagsúla
Is lá saoire é Lá an tSosa Cogaidh sa Fhrainc
Sa Fhrainc, is lá saoire poiblí é an 11ú lá de mhí na Samhna. Fágtar bláthfhleasc ag Tuama an tSaighdiúra Anaithnid i bPáras. Is é an gormán, bláth beag gorm, siombail an chuimhneacháin ansin. Fuair 1.4 milliún Francach bás sa Chogadh Mhór.
‘Tá saighdiúir a fuair bás ar son a thíre ina luí anseo’ atá scríofa anseo. Seo Tuama an tSaighdiúra Anaithnid – an saighdiúir gan ainm. Seasann an tuama seo do na saighdiúirí uilig de chuid na Fraince a fuair bás sa chogadh.
An gormán
Sa Bheilg, reáchtáiltear searmanais chuimhneacháin in áiteanna difriúla. Bíonn searmanas tábhachtach ann in Ypres, áit a raibh cuid den troid ba mheasa sa chogadh.
Reilig chogaidh in aice le Ypres sa Bheilg
Sa Pholainn, is é an 11ú Samhain Lá na Saoirse. Nuair a tháinig deireadh leis an chogadh, tháinig deireadh leis an ghreim a bhí ag an Ghearmáin, an Rúis agus an Ostair ar chodanna difriúla den tír sin. Den chéad uair le 123 bliain, bhí siad ábalta tosú ar an obair le tír neamhspleách dá gcuid féin a fháil arís.
Bíonn lá saoire sa Pholainn ar an 11ú Samhain. Tá na daoine seo bailithe thart ar Thuama an tSaighdiúra Anaithnid in Vársá
Sa Ghearmáin, ní dhéantar an cuimhneachán ar an 11ú féin. Bíonn lá cuimhneacháin ar leith ann, ar an dara Domhnach roimh an Aidbhint gach bliain. Cuimhnítear ar gach uile dhuine a fuair bás le linn cogaí agus troideanna. Fuair 2 mhilliún Gearmánach bás sa Chéad Chogadh Dhomhanda.
Sa Ghearmáin, cuimhníonn siad ar gach duine a fuair bás sa chogaíocht
Sa Bhreatain, bíonn an lá cuimhneacháin acusan ar an dara Domhnach de mhí na Samhna, ach is minic fosta a bhíonn bomaite ciúnais ann in áiteanna difriúla ar a 11 a chlog ar an 11ú lá. Fuair 750,000 saighdiúir in Arm na Breataine bás sa Chogadh. Is nós le daoine bláth dearg darb ainm an poipín a chaitheamh mar shiombail den chuimhneachán. D’fhás na bláthanna seo sna páirceanna sa Fhrainc agus sa Bheilg, áit ar tharla go leor den troid sa chogadh.
Poipíní ag fás i bpáirc i dtuaisceart na Fraince
Anseo, in Éirinn, tá cuid mhór daoine ann, thuaidh agus theas, a raibh gaolta acu a throid sa Chéad Chogadh Dhomhanda. Bíonn searmanais chuimhneacháin ann ar an 11ú lá in áiteanna difriúla.
Leacht Cuimhneacháin náisiúnta an Chéad Chogaidh Dhomhanda i mBaile Átha Cliath
Is rud uafásach í an chogaíocht agus is iad na daoine bochta i ngach tír, a bhíonn thíos léi. An lá inniu, beidh cuid mhór daoine fud fad na hEorpa ag smaoineamh ar na cogaí millteanacha atá ag tarlú anois, agus ag guí go dtiocfaidh deireadh go luath leo.
‘Na ceannairí saibhre ag ól tae agus na daoine bochta ag troid agus ag fulaingt’. Scéal coitianta i gcuid mhór cogaí?
Ceisteanna Tuisceana
1. Cén fáth a ndéantar cuimhneachán ar an 11ú lá de mhí na Samhna gach bliain?
2. Cá mhéad Éireannach a fuair bás sa Chéad Chogadh Dhomhanda, dar leis an alt?
3. Cén bláth a úsáidtear mar shiombail chuimhneacháin sa Fhrainc?
4. Cén fáth a bhfuil an 11ú Samhain ina lá speisialta sa Pholainn?
5. Cá mhéad Gearmánach a fuair bás sa Chéad Chogadh Dhomhanda, dar leis an alt?
Le Plé
An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach cuimhneamh ar dhaoine a fuair bás i gcogaí fadó? Cén fáth?