Brioscáin Ríse…gan rís?

Dé hAoine, an 6ú Samhain 2026


Tá ‘Rice Krispies’ ar cheann de na bianna bricfeasta is mó tóir in Éirinn, go háirithe i measc daoine óga. Ní hamháin go dtaitníonn blas na mbrioscán beag ríse seo le páistí, is maith le daoine an fhuaim a dhéanann siad nuair a chuireann tú an bainne isteach – an ‘snap, brioscarnach agus pop’!

Brioscáin ríse


Ach má tá tusa ar dhuine de na daoine a dtaitníonn na brioscáin ríse seo leo, tá scéal againn duit…tá Kellogs i ndiaidh an t-oideas a athrú. Thig leat a rá linn, i ndiaidh duit an t-oideas nua a bhlaiseadh, cé acu is drochscéal nó is dea-scéal atá ann.

Ní bheidh na brioscáin ríse déanta as fíor-ghráinní ríse as seo amach!


Go dtí seo, bhí brioscáin ríse Kellogs déanta as fíor-ghráinní ríse. Úsáidtear teas leis an uisce taobh istigh den ghráinne ríse ‘a phléascadh’ agus fágtar brioscán ríse briosc cnagach. Ach dar le Kellogs go raibh sé ródheacair acu go leor den chineál cheart ríse a fháil le cúpla bliain anuas, mar gheall ar an aimsir thirim a tháinig leis an athrú aeráide. 

Tugtar rís bhorrtha ar bhrioscáin ríse


Bíonn sé iontach doiligh rís a fhás mura mbíonn go leor fearthainne ann

As seo amach, bainfidh Kellogs úsáid as plúr ríse agus cúpla comhábhar eile lena mbrioscáin ríse a dhéanamh. Deir siad go mbeidh an blas céanna orthu agus nach mbeidh níos mó siúcra ná níos mó salainn iontu. Ach d’admhaigh siad cheana féin nach mbeidh an fhuaim chéanna leo nuair a chuireann tú an bainne isteach.

Plúr ríse – plúr atá déanta as rís


Athrú mór eile ná go mbeidh próitéin darb ainm glútan le fáil sna brioscáin nua. Tagann an glútan seo ón phlanda cruithneacht. Cruthaíonn sé fadhbanna do dhaoine a bhfuil an galar céiliach orthu. Mar sin, ní bheidh siad ábalta na brioscáin ríse nua a ithe*.

Is cineál féir í an chruithneacht. Déantar plúr as na síolta agus déantar arán agus pasta as an phlúr ach bíonn glútan sa phlúr seo.


Má tá an galar céiliach ort agus má itheann tú bia a bhfuil glútan ann (arán, mar shampla) – beidh bolg nimhneach ort


Ar an dea-uair, tá go leor comhlachtaí eile ann a dhéanann brioscáin ríse agus nár athraigh an t-oideas s’acu féin (go fóill). Ní hamháin sin, má amharcann tú ar an mhéid siúcra atá sna gránaigh seo, b’fhéidir nár dhrochsmaoineamh é triail a bhaint astu…

Bíonn go leor ‘brandaí ollmhargaidh’ ann atá níos saoire ná brandaí na gcomhlachtaí móra

Pic le Walter Cicchetti/Shutterstock.com

🥣 Eolas Cothaitheach
  Na Brandaí de Bhrioscáin Ríse
🔎 Déan comparáid idir na brandaí éagsúla. Tá na figiúirí bunaithe ar 100g de ghránach, gan bhainne.
Branda 🌾 Príomh-chomhábhar 🍬 Siúcra 🧂 Salann 🌱 Snáithín
Kellogg's NUA! Plúr ríse 7.9g 1.00g 2.9g
Tesco Rice Snaps Rís 4.9g 0.53g 1.6g
Asda Rice Snaps Rís (94%) 4.0g 0.40g 1.2g
Lidl Crownfield Rice Snaps* Rís 7.9g 0.88g 1.1g
Aldi Harvest Morn Crisp Rice Rís 4.91g 0.65g 2.16g
Dunnes Toasted Crunchy Crisp Rice Rís 4.9g 0.53g 1.6g
SuperValu Rice Krunchies Rís 4.9g 0.53g 1.6g
*Tá figiúirí Lidl bunaithe ar eolas níos sine agus seans gur athraíodh an t-oideas ó shin.

Mar is léir ón tábla thuas, tá níos lú siúcra agus níos lú salainn sna brioscáin ríse a dhéanann an chuid is mó de na hollmhargaí difriúla sa tír, ach tá níos mó snáithín i mbrioscáin Kellogs.

An leanfaidh na brandaí ollmhargaidh sampla Kellog’s?


Cruthaíonn sé seo go leor ceisteanna dúinn – ar dtús, an leanfaidh na hollmhargaí uilig sampla Kellogs? An stopfaidh siad de bheith ag úsáid fíor-ríse ina gcuid brioscán ríse agus, má stopann, an bhfeicfidh muid fíor-bhrioscáin ríse choíche go deo arís?

Tá na boscaí nua sna siopaí cheana féin! (Tógadh an pictiúr seo i gContae Thír Eoghain, Dé Céadaoin!)


Agus, an bhfuil blas difriúil ar bhrioscáin nua Kellog’s, agus, má tá, an dtaitneoidh sé le hiteoirí bricfeasta na hÉireann? Nó an rachaidh daoine i muinín na mbrandaí ollmhargaidh anois, a bhfuil níos lú siúcra agus salainn iontu agus atá i bhfad níos saoire?

Ní raibh muid ag iarraidh a rá libh ag an tús…ach tá an t-athrú céanna ag tarlú leis na Coco Pops!

Pic le DenisMArt/Shutterstock


Ceisteanna le freagairt

1. Cad chuige a dtaitníonn Rice Krispies le páistí, dar leis an alt?

2. Cén t-athrú atá déanta ag Kellogg's ar an oideas do Rice Krispies?

3. Cén fáth, dar leo, a raibh ar Kellogg's an t-oideas a athrú?

4. Cén grúpa daoine nach mbeidh ábalta na brioscáin ríse nua seo a ithe?

5. Amharc ar an tábla san alt. Cé acu branda a bhfuil an méid is lú siúcra ann? Cé acu branda a bhfuil an méid is mó snáithín ann? 

6. Cé acu branda is sláintiúla, dar leat? (Mínigh do fhreagra.)


Le plé

🥄 An itheann tusa bricfeasta ar maidin? Cén rud is fearr leat don bhricfeasta? 

🥄 Mar rang, déanaigí plé ar na buntáistí a thagann le bricfeasta a ithe.

🥄 An dtig libh teacht aníos le roinnt smaointe sláintiúla don bhricfeasta, atá go fóill iontach blasta?


🥣 Ar bhlais tú na Rice Krispies nua go fóill? Cad é do bharúil? Cuir scéal chugainn, ba bhreá linn a fháil amach an dtaitníonn siad leat! 

🥣 Mura bhfuil siad chomh blasta leis na seanbhrioscáin ríse, an mbeifeá sásta triail a bhaint as branda ollmhargaidh ina n-áit? Cén fáth?

🥣 Ar bhlais tú brioscáin ríse ollmhargaidh riamh? An bhfuil difear ar bith ann?


🛒 Is minic a bhíonn na gránaigh bhricfeasta de chuid na n-ollmhargaí níos saoire ná na brandaí móra, amhail Kellogg's.

🛒 Cén fáth, dar leat, a roghnaíonn daoine brandaí cáiliúla fiú nuair a bhíonn siad níos costasaí?

🛒 Cén tionchar a bhíonn ag fógraí, pacáistiú agus ainmneacha cáiliúla ar na rudaí a cheannaímid?

🛒 An dóigh leat go mbeidh Kellogg's ábalta a gcuid custaiméirí a choinneáil, fiú mura dtaitníonn an t-oideas nua leo?


🍎 Nuair a bhíonn tú ag roghnú bia, cad é an rud is tábhachtaí duit – an blas, an praghas, an branda nó cé chomh sláintiúil is atá sé?

🍎 An amharcann tú ar an eolas cothaitheach a bhíonn ar phacáistí bia? An ndéanfadh an t-eolas sa tábla thuas difear ar bith duit, maidir leis an bhranda a roghnófá? Mínigh do fhreagra.


🌍 Deir Kellog’s gur athraigh siad an t-oideas mar gheall ar an athrú aeráide. Smaoinigh ar na bianna eile a thaitníonn leat. An samhlaíonn tú go mbeadh tionchar ag an athrú aeráide ar aon cheann de na bianna sin?


meas