Labhraímis ar airgead

Déardaoin, an 5ú Samhain 2026


Seans maith nár smaoinigh tú ar labhairt faoin airgead mórán. Na laethanta seo, bíonn airgead ar fáil againn in dhá dhóigh, boinn agus nótaí nó airgead leictreonach. Níos minice agus níos minice, tá níos mó úsáid á baint as an airgead ‘fíorúil’ seo, seachas an t-airgead tirim. Tá daoine cleachta, na laethanta seo, le rudaí a cheannach le cárta nó fiú leis an ghuthán. (Bíonn ort cóip den chárta a stóráil ar an ghuthán lena úsáid)

Coinníonn tú airgead sa sparán

In amanna, déanaimid dearmad ar an luach atá le hairgead mura dtig linn é a mhothú inár lámh. Má théann tú isteach i siopa, beidh praghas ar gach rud agus bíonn airgead de dhíth le rudaí a cheannach. Má bhíonn an praghas níos airde ná an méid airgid atá agat, ní bheidh tú ábalta é a cheannach, nó beidh ort níos lú de rud a cheannach.

Mar sin de, ní mór dúinn bheith cúramach lenár gcuid airgid. An chéad rud is féidir a dhéanamh ná buiséadú. Má fhaigheann tú airgead póca, an dtéann tú amach chuig an siopa an chéad lá leis an iomlán a chaitheamh in aon bhabhta amháin? Nó an gcaitheann tú giota anseo agus giota ansiúd le go mairfidh an t-airgead níos faide?

Rud eile ar fiú smaoineamh air ná airgead a chur i dtaisce. Is ionann ‘cur i dtaisce’ agus cuid de do chuid airgid a chur ar leataobh lena úsáid níos moille. Sa seanam, chuir páistí airgead i dtaisce i muicín taisce nó bosca taisce. Tarlaíonn sin go fóill ach is mó an seans go ndéanfaidh daoine a gcuid airgid a shábháil go leictreonach. Abair gur mhaith leat péire bróga reatha nua a cheannach, nó leabhar. Má chuireann tú giota beag airgid ar leataobh, carnann an méid a bhíonn agat thar am go dtí go mbíonn go leor agat leis an rud ba mhaith leat a cheannach.

Muicín taisce

Le bheith maith ag sábháil airgid, caithfidh tú bheith ábalta smaoineamh go cúramach ar cad é an rud atá fíor-thábhachtach duit. Ar an dóigh sin, beidh tú ag caitheamh do chuid airgid ar rudaí ba mhaith leat seachas é a chur amú ar rudaí nach bhfuil tábhachtach duit.


Ceisteanna:

1. Cad é an rud é ‘airgead tirim’?

2. Cad é a chiallaíonn ‘airgead a chur i dtaisce’?

3. Cad é a tharlóidh má tá praghas rud éigin níos airde ná an méid airgid atá agat?

4. Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach airgead a chur i dtaisce?

5. Cad é a chiallaíonn ‘carnann sé’ san alt?


Le plé:

Cad é an rud is mó ba mhaith leat a cheannach dá gcuirfeá do chuid airgid i dtaisce? Cad é a shíleann do chairde? Dá gcuirfeá £5/€5 i dtaisce gach seachtain, cá fhad a ghlacfadh sé go dtí go mbeifeá ábalta é a cheannach?


Réiteach fadhbanna:

1. Tá €8 agat agus cosnaíonn leabhar €12. Cá mhéad eile atá de dhíth ort?

2. Má chuireann tú €2 i dtaisce gach seachtain ar feadh 5 seachtaine, cá mhéad a bheidh agat?

3. Cosnaíonn péire bróga reatha €40. Tá €22 agat i dtaisce, cá mhéad eile is gá duit a shábháil?


Le déanamh:

Scríobh abairt nó dhó, ag úsáid na bhfocal a bhfuil cló trom orthu sa téacs.




meas