Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Kimi Antonelli agus é níos óige
Ó bhí sé iontach óg, bhí dúil ag Andrea Kimi Antonelli sna carranna. Agus é lena athair sa gharáiste, ligeadh dó triail a bhaint as an tiomáint agus dúirt a athair go raibh sé iontach maith ar fad. Ní haon iontas é gur lean sé a athair mar thiománaí. Thosaigh sé amach sna cairteacha beaga nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois agus lean sé leis ag tiomáint carranna níos mó agus níos cumhachtaí de réir a chéile.
Cairt
Bhuaigh sé comórtas Fhoirmle 4 agus roinnt comórtas eile, ag scoitheadh tiománaithe eile a bhí i bhfad níos sine ná é! Faoin bhliain 2025, thosaigh Kimi mar thiománaí Fhoirmle 1 nuair a ghlac sé áit Lewis Hamilton le foireann Mercedes. Bhí sé san fhoireann sóisir ó 2019.
Kimi ag Rás F1 i Meicsiceo
Ag an deireadh seachtaine, ag Grand Prix Mheicsiceo, léirigh Kimi cé chomh maith is atá sé. Cé nach raibh sé ach sa tríú háit ag an deireadh, bhí go leor pointí aige ag an am sin leis an chraobh a thabhairt leis. Bhí an comórtas bainte aige agus ceithre rás fós le dul!
Bratach na hIodáile ar Kimi
Rugadh Kimi san Iodáil i mí Lúnasa 2006 agus is é an chéad bhuaiteoir Iodálach ó bhain Alberto Ascari an comórtas sa bhliain 1963. Agus tá Kimi ar an bhuaiteoir is óige riamh – ní raibh aige ach 20 bliain agus 68 lá. Ba iad Sebastian Vettel agus Lewis Hamilton na buaiteoirí ab óige roimhe sin.
Tá Kimi i bhfoireann Mercedes
Bíonn 24 rás F1 ann gach bliain, ó mhí Mhárta go dtí mí na Nollag. Bíonn na mílte duine i láthair ag na rásaí seo agus feiceann an lucht féachana na carranna ag dul ar luas thar 350km san uair. Cé go mbíonn na tiománaithe ina suí don rás uilig, ní mór dóibh bheith iontach aclaí nó bíonn cumhacht agus luas de dhíth leis an rás a bhaint. Caitheann siad tamall mór sa seomra aclaíochta le coinneáil aclaí.
Bíonn na mílte duine ag na rásaí
Ceisteanna:
1. Cén aois a bhí ag Kimi nuair a thosaigh sé ar na cairteacha beaga?
2. Cén bhliain ar thosaigh Kimi mar thiománaí Fhoirmle 1?
3. Cá mhéad bliain a chaith Kimi san fhoireann sóisir?
4. Cén Grand Prix inar bhuaigh Kimi an chraobh iomlán?
5. Ainmnigh an tiománaí Iodálach deireanach a bhain Craobh Grand prix roimh Kimi.
Le déanamh:
Dá mbeifeá i do thiománaí F1, cén dath a bheadh ar do charr agus cén t-ainm a bheadh ar d’fhoireann?
Más suim leat rásaíocht na gcarranna, léigh an t-alt seo faoi ghasúr ón tír seo a bhí ina churadh cairtíneachta an domhain cúpla bliain ó shin.
Le plé:
Ní féidir ach le beagán beag daoine páirt a ghlacadh sa ‘spórt’ seo. An rud maith é seo nó arbh fhearr go mbeadh suim ag daoine i spórt a dtiocfadh le gach duine páirt a ghlacadh ann?
Pictiúir:
Carr Kimi (DHL): MarcussFA14 / Shutterstock.com
Kimi agus bratach na hIodáile: Mau Mau ltd / Shutterstock.com
Kimi óg: Mau Mau ltd / Shutterstock.com
Bua F1, Meicsiceo: cristiano barni / Shutterstock.com