Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ar thug tú faoi deara riamh go bhfuil na dathanna iontach tábhachtach i nGaeilge? Ní hamháin go gcuireann siad síos ar na dathanna atá ar na rudaí atá le feiceáil thart orainn, ach is minic a úsáidtear dathanna le béim a chur ar fhocail sa teanga. Seo chugaibh roinnt samplaí thíos a bhaineann leis na príomhdhathanna a d’úsáid ár sinsir lena gcuid cainte a dhathú.

Dearg
Dearg le fearg - tá an frása seo measartha úr sa teanga, ach is maith linn é! Ní hamháin go bhfuil rím ann, ach is minic a bhíonn duine dearg san aghaidh nuair a bhíonn fearg air.

Bhí an t-ádh dearg orm gur tháinig mé slán ón timpiste - d’éirigh liom rud éigin a dhéanamh a bhí iontach deacair nó neamhdhóchúil, mar shampla, teacht slán as drochthimpiste.

Chomh dearg le fuil - simplí go leor, tuigimid uilig go bhfuil dath dearg ar ár gcuid fola. Mar sin, más maith leat a rá go bhfuil rud éigin ‘iontach’ dearg, deir tú go bhfuil sé “chomh dearg le fuil”.

An t-iomlán dearg acu - gach duine acu / iad ar fad. Chuaigh mé ar cuairt acu, ach bhí an t-iomlán dearg acu ar shiúl.

Bhí gach aon scread dhearg ag an leanbh - bhí an leanbh ag screadaíl in ard a chinn.

Bán
Béal bán a dhéanamh le duine - labhairt go deas le duine, ach b’fhéidir nach bhfuil tú go hiomlán ionraic leis an duine sin. Má deir duine leat “Tá béal bán agat!” seans go bhfuil tú ag rá rudaí deasa leis an duine sin mar gur mhaith leat rud éigin uaidh nó uaithi.

Mo chailín bán / mo bhuachaill bán = mo pheata. Is téarma deas grámhar é seo. B’fhéidir go ndéarfadh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí seo leat.

bán i ndiaidh ruda - Má imíonn tú “bán i ndiaidh ruda”, bíonn tú craiceáilte faoin rud sin.

Chuirfeadh sé an dubh ina bhán ort - thiocfadh leis a chur ina luí ort gur fíor scéal éigin nach bhfuil fíor ar chóir ar bith.

saol an mhadaidh bháin - saol furasta nó éasca. (Tá madaidh in úsáid ag na feirmeoirí leis na céadta bliain, chun cuidiú leo leis na caoirigh. Ach níor baineadh aon úsáid as madadh bán don obair sin. Shíl na feirmeoirí, agus na caoirigh, go raibh an madadh bán róchosúil le caora agus níor thug siad mórán airde air. Dá bhrí sin, bhíodh cead ag an mhadadh bán fanacht mar pheata sa bhaile, nuair a bhíodh ar an mhadadh nach raibh bán dul amach ag obair!)

(Leanfar leis an téama seo in alt an lae amárach)
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh
Bhí an t-________ dearg orm gur bhain mé an cluiche.
Tá an cóta nua sin chomh dearg le ________.
Ná bí ag déanamh béal ________ liom!
Bhí gach aon scread ________ ag an tachrán sa siopa.
Mo lá dathúil! - Scríobh scéal gairid (idir 5-8 n-abairt) faoi lá a bhí agat ar scoil nó sa bhaile. Caithfidh tú dhá nath cainte ó na rannóga Dearg agus Bán a úsáid sa scéal (m.sh. 'dearg le fearg', 'bhí an t-ádh dearg orm', 'bán i ndiaidh ruda'). Tarraing pictiúir dhathúla le dul leis na nathanna cainte a d'úsáid tú. (Is feidir an tasc seo a dhéanamh le páirtí nó i ngrúpa beag.)
Dear do phictiúir féin leis na nathanna cainte san alt seo a léiriú. D'fhéadfadh an obair seo a dhéanamh mar ghrúpa agus nath difriúil á léiriú ag grúpaí éagsúla sa rang.