Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ag an am seo den bhliain, bíonn daoine ag smaoineamh ar chultacha Oíche Shamhna
Tá Oíche Shamhna ag teannadh linn agus tá páistí fud fad na hÉireann ag smaoineamh ar an chulaith a chaithfidh siad. Is seantraidisiún é an gléasadh suas Oíche Shamhna, ar ndóigh. Thosaigh an nós leis na sean-Ghaeil fadó fadó.
An tSamhain, ceann de na féilte is tábhachtaí a bhí ag na Gaeil
Bhí an tSamhain ar cheann de na ceithre fhéile mhóra a bhí acu – an tús leis an gheimhreadh, an séasúr is dorcha sa bhliain. Chreid daoine go raibh na taibhsí agus na sióga ábalta teacht isteach ón saol eile chuig an domhan s’againne ar an oíche seo. Mar sin, ceann de na bealaí is fearr le tú féin a chosaint ar na neacha osnádúrtha seo, ná masc a chaitheamh. Ansin, ní bheadh a fhios acu gur duine daonna thú!
“Ní bheidh a fhios ag na sióga gur fíordhuine mé!”
Sa seanam, ar ndóigh, ní raibh aon siopaí ann nó ní raibh Amazon ná eBay ann le maisc a cheannach uathu! D’úsáid daoine craiceann nó gruaig ainmhithe lena maisc féin a dhéanamh. Sin nó chuir siad dathanna ar a n-aghaidh le nach n-aithneodh na cuairteoirí ón saol eile gur fíordhaoine iad.
Sna blianta 1900, nuair a bhí níos mó ábhar ar fáil, bhí siad ábalta cineálacha difriúla masc a dhéanamh. Thug siad ‘aghaidheanna fidil’ ar na maisc seo. D’úsáid siad éadach agus ghearr amach poill do na súile agus don bhéal. Cheangail siad gruaig ainmhithe nó olann nó go fiú clúmh cnónna cócó den éadach.
Aghaidh fidil ó Chontae Chill Mhantáin, 1951 – tá sé déanta as éadach agus clúmh cnó cócó
Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí rogha níos leithne d’ábhair ann sa teach leis an chulaith Oíche Shamhna a dhéanamh. Is minic a d’úsáid daoine seanéadaí lena gculaith féin a chruthú.
Bhíodh na málaí bruscair iontach úsáideach ar fad, fosta…Thiocfadh leat mála bruscair a chaitheamh mar chlóca agus dath bán a chur ar d’aghaidh – ba vaimpír thú! Thiocfadh le cailleacha málaí bruscair a chaitheamh fosta…agus Frankenstein, dá mbeadh cairtchlár agat do na boltaí.
D’úsáid daoine rudaí a bhí acu sa teach lena gculaith a chruthú
Thiocfadh leat cairtchlár agus scragall stáin a úsáid le culaith róbait a dhéanamh. Thiocfadh leat seanéadaí a chaitheamh agus smideadh do mhamaí a úsáid le cuma zombaí a chur ort. Dá mbeifeá iontach falsa, thiocfadh leat do chuid éadaí féin a chur ort droim ar ais le bheith i d’fhear nó i do bhean ‘droim ar ais’!

Sa lá atá inniu ann, agus muid ag iarraidh teacht ar smaointe faoi choinne chulaith Oíche Shamhna, thig linn inspioráid a ghlacadh ónár dtuismitheoirí agus ár seantuismitheoirí. An t-am sin, rinne daoine a gcuid cultacha féin mar nach raibh a lán airgid ag daoine le culaith a cheannach ach, nuair a smaoiníonn tú faoi, is nós é seo a chuidíonn leis an timpeallacht fosta. Nó in áit rud úr a cheannach, a rachaidh sa bhruscar, b’fhéidir, i ndiaidh Oíche Shamhna, déanann tú rudaí atá ann cheana a athúsáid nó a athchúrsáil!
Thiocfadh leat gléasadh mar ‘Shár-laoch na Timpeallachta’!
Ní hamháin go mbeadh níos lú rudaí ag dul chuig an bhruscar – níl seans ar bith ann go n-aithneodh na neacha osnádúrtha thú agus do chuid éadaí droim ar ais ort!
Ceisteanna le freagairt
Cén fáth ar chaith daoine masc Oíche Shamhna fadó?
Cad iad na hábhair a d’úsáid daoine lena masc féin a dhéanamh sa seanam?
Cad é an rud ‘aghaidh fidil’? Cad é mar a rinne daoine iad?
Luaigh dhá shampla de na cultacha Oíche Shamhna a chaith daoine blianta ó shin.
Cén fáth a ndearna daoine a gcuid cultacha féin san am a chuaigh thart?
Cén dóigh a gcuidíonn sé leis an timpeallacht nuair a dhéanann muid ár gcuid cultacha féin?
Le plé
An síleann tú gur cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh rudaí atá againn cheana féin a athúsáid le culaith a dhéanamh, NÓ, an dtig linn culaith a cheannach ach, san am céanna, bheith ciallmhar agus freagrach maidir le cúrsaí timpeallachta?
Smaointe
Mar rang, an dtig libh teacht aníos le bhur gcuid smaointe féin faoi choinne cultacha athchúrsáilte?
Thiocfadh libh pictiúr a tharraingt den smaoineamh atá agaibh agus lipéid a chur air leis na hábhair éagsúla a thaispeáint – seol isteach chugainn é ag nuacht@aisaonad.org.