Turais iontacha Gulliver

Dé Máirt, an 20ú Deireadh Fómhair 2026


Ar smaoinigh tú riamh cén chuma a bheadh ar rudaí dá mbeifeá chomh mór le cnoc? Nó chomh beag le hordóg? Sin go díreach an rud a tharla don charachtar Gulliver sa leabhar clúiteach Gulliver’s Travels.

Jonathan Swift

Fear as Éirinn, Jonathan Swift, a scríobh an scéal i bhfad ó shin – go díreach 300 bliain ó shin an mhí seo. Cé gur seanleabhar atá ann anois, tá dúil ag léitheoirí óga sa scéal go fóill mar gheall ar na heachtraí iontacha craiceáilte atá ann.

Sa chéad chuid den scéal, músclaíonn Gulliver in oileán mistéireach, Lilliput, i ndiaidh dá long briseadh. Ach nuair a dhéanann sé iarracht bogadh, feiceann sé go bhfuil sé ceangailte go daingean den talamh! Agus cé atá thart air ach scaifte de dhaoine beaga bídeacha, iad níos lú ná méid d’ordóige. Do na daoine beaga san oileán sin, is fathach scanrúil é Gulliver agus sin an fáth ar cheangail siad é. Ach de réir a chéile, éiríonn siad cairdiúil agus cuidíonn Gulliver leo ach bíonn air bheith cúramach nach seasann sé ar na daoine beaga.

Sa dara cuid den scéal, téann Gulliver chuig tír darb ainm Brobdingnag. An iarraidh seo, is daoine móra atá ina gcónaí ann agus is é Gulliver an duine beag bídeach. Bíonn air troid in éadan froganna agus feithidí ollmhóra. Faigheann feirmeoir é agus taispeánann sé don phobal é mar chineál de bhréagán. Sa deireadh, éalaíonn Gulliver. Sna codanna eile den scéal, buaileann Gulliver le daoine a chaitheann a gcuid ama ag smaoineamh ar rudaí amaideacha agus capaill a labhraíonn.

Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath

Ba dhuine mór le rá é Jonathan Swift, a rugadh i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina mhinistir in Eaglais na hÉireann agus ceapadh é ina Dhéan ar Ardeaglais Phádraig sa bhliain 1713.

Is scéal é Gulliver’s Travels atá lán de spraoi agus draíocht agus tá rudaí le foghlaim ann don saol seo. Léiríonn sé dúinn go mbraitheann gach rud ar an dóigh a n-amharcaimid orthu. Tá sé tábhachtach go mbímid cineálta le daoine, is cuma cé chomh difriúil is atá siad.


Ceisteanna:

1. Cé chomh fada ó shin a scríobhadh Gulliver’s Travels?

2. Cad é a tharla do Gulliver nuair a mhúscail sé in Oileán Lilliput?

3. Cén dóigh a raibh rudaí difriúil nuair a tháinig Gulliver chuig Brobdingnag?

4. Cad é a rinne an feirmeoir le Gulliver nuair a fuair sé é?

5. Cén áit ar rugadh Jonathan Swift?


Le déanamh:

Samhlaigh gur mhúscail tú maidin amháin agus go bhfuil tú chomh mór le cnoc/chomh beag le hordóg. Scríobh 3 nó 4 alt ag cur síos ar an chéad rud a dhéanfá agus na deacrachtaí is mó a bheadh agat.


Pictiúir:

Dealbh Gulliver: Sergei Afanasev / Shutterstock.com

Garraithe Turia, an Spáinn (lámh mhór): Editorial credit: Paolo Certo / Shutterstock.com




meas