Cuardach focal Oíche Shamhna

Dé Céadaoin, an 14ú Deireadh Fómhair 2026


(Amharc thíos ag bun an leathanaigh, ar dheis. Tchífidh tú cnaipe beag glas a deir ‘Abair.ie’. Cliceáil air sin leis na socruithe fuaime a athrú. Thig leat canúint agus luas an chainteora a athrú.)

👻 🦇 🎃 🕷️

Cuardach Focal Oíche Shamhna

Freagair na ceisteanna, aimsigh na focail!

Tá ceisteanna thíos a bhaineann le hOíche Shamhna. An féidir leat iad a fhreagairt? Tá na freagraí ar fad faoi cheilt sa chuardach focal ag bun an leathanaigh.

🕯️ Na ceisteanna

  1. Torthaí a itheann daoine in Éirinn um Oíche Shamhna. (Ba ghnách le daoine go leor cluichí a imirt leo fosta, mar shampla, iad a chur ar snámh i mbáisín uisce agus iarracht a dhéanamh greim a bhaint as ceann acu.) _ _ _ _
  2. Mionainmhí a bhfuil ocht gcos air. Is maith leis líon a dhéanamh. _ _ _ _ _ _   _ _ _ _
  3. Créatúr neamhbheo a éiríonn ón reilig. Siúlann sé go mall agus go ciotach. De ghnáth, bíonn a lámha sínte amach roimhe. _ _ _ _ _ _
  4. B’fhéidir go mbeidh tú gléasta mar an carachtar seo Oíche Shamhna. Bean dhraíochtúil atá inti. Is minic a bhíonn cat aici agus scuab ar a mbíonn sí ag eitilt. _ _ _ _ _ _ _ _ _
  5. San oíche, nuair a théann an ghrian faoi, éiríonn sé… _ _ _ _ _ _
  6. Rud éigin a chuireann tú ar d’aghaidh chun tú féin a cheilt, nó le bheith i do charachtar eile nuair a ghléasann tú suas d’Oíche Shamhna. _ _ _ _
  7. Is minic a bhíonn seo le feiceáil go hard sa spéir san oíche. (Tá sí i bhfad amach sa spás.) Bíonn cuma dhifriúil uirthi ag amanna éagsúla sa mhí. Ba ghnách le daoine creidiúint go raibh sí ag lonrú san oíche, ach níl solas dá cuid féin aici, le fírinne. _ _ _ _ _ _ _
  8. Rud éigin beag agus milis le hithe. Má dhéanann tú “bob nó breab”, baileoidh tú go leor acu seo. (Ach, coimhéad, mar ní bhíonn siad rómhaith do do chuid fiacla!) _ _ _ _ _ _ _
  9. Aidiacht a chuireann síos ar go leor de na scéalta agus nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna. Má chuireann rud éigin eagla nó scanradh ort, tá sé… _ _ _ _ _ _ _ _
  10. Créatúr neamhbheo eile a bhíonn ag eitilt thart Oíche Shamhna. Bíonn sé bán agus cineál trédhearcach. Is maith leis “Bhúúú!” a rá. _ _ _ _ _ _ _

🔍 Aimsigh na focail!

Tarraing ón chéad litir go dtí an litir dheireanach, nó roghnaigh an chéad litir agus ansin an litir dheireanach. Is féidir na saigheadeochracha agus Enter a úsáid fosta.

Aimsithe: 0 / 10

🦇 Oíche Shamhna Shona! 🦇 Arna chur in oiriúint ó chód le Daniel McAteer.

 

 

 

? ? ?

Maith thú!

D’aimsigh tú na 10 bhfocal!
Oíche Shamhna Shona!

 

 

 

Le plé agus déanamh

Tá go leor alt eile a bhaineann le hOíche Shamhna le fáil ar Nuacht Anois. Cuir na focail ‘Oíche Shamhna’ isteach sa bharra cuardaigh thuas ag barr an leathanaigh seo go bhfeice tú liosta acu. Cliceáil ar cheann nó dhó acu agus léigh tríothu. Bailigh do liosta focal féin a bhaineann le hOíche Shamhna. An féidir leat iad a chur i bhfolach i do chuardach focal féin agus a iarraidh ar chara iad a aimsiú? (Is féidir an tasc seo a dhéanamh i bpéire nó i ngrúpa).


Bain triail as na cluichí seo:

Aidiachtaí na Samhna

Rás na Samhna  

Cluiche na Caillí 


meas