Crann Cnó Capaill

Dé Luain, an 28ú Meán Fómhair 2026



Tá an fómhar linn anois agus, ag an am seo bliana, tugaimid na crainn faoi deara go mór. Bíonn dath na nduilleog ag athrú ar go leor crann le linn an fhómhair agus ina dhiaidh sin, titfidh na duilleoga buí, donna agus dearga go talamh.

Crainn dhuillsilteacha – titeann na duilleoga de na crainn san fhómhar agus fásann siad arís san earrach. Cén séasúr atá ann i ngach pictiúr?


Úsáidimid an téarma duillsilteach le cur síos a dhéanamh ar na crainn seo a chailleann a gcuid duilleog roimh an gheimhreadh. Tagann an focal ‘duillsilteach’ ó na focail ‘duilleog’ agus ‘sileadh’.

Tá crann duillsilteach amháin sa tír seo a shileann níos mó ná a chuid duilleog ag an am seo bliana - an crann cnó capaill. B’fhéidir gur thug tú faoi deara go bhfuil na cnónna capaill ag titim go talamh as an chrann seo faoi láthair. 

Bíonn duilleoga an chrainn chnó capaill furasta a aithint


Fásann an crann cnó capaill go hard. Is minic a bhíonn sé maith le dreapadh air (Ach bí cúramach má dhéanann tú seo! Thig drochghortú a fháil as a bheith ag titim ó airde!) 

Bí cúramach agus tú in airde!


Spraoi eile a bhaineann leis an chrann cnó capaill, áfach, ná bheith ag súgradh leis na cnónna. Bíonn cnó mór donn crua taobh istigh den fhaighneog a thiteann ón chrann.

Tá cnónna ag fás taobh istigh de na faighneoga spíceacha seo


Is féidir níos mó a léamh faoi na cnónna agus faoin dóigh leis an chluiche a imirt anseo.


Fíricí fánacha faoin chrann Cnó Capaill

🌳

Ní crann dúchasach é an crann cnó capaill, d’ainneoin go bhfuil siad ag fás anseo leis na céadta bliain. Is ó thuaisceart na Gréige, ón Albáin agus ón Bhulgáir a thagann an crann seo ó dhúchas. Ghlac duine éigin síolta cnó capaill anonn go hÉirinn, den chéad uair, go luath sa 17ú haois. Thosaigh an crann ag fás go maith agus anois tá crainn chnó capaill ag fás go flúirseach ar fud na tíre.

Tháinig an crann ón cheantar ina bhfuil an Albáin (ní Albain!


🌳


Tá an crann cnó capaill ar cheann de na siombailí den chathair Kyiv san Úcráin



🌳

Bhí crann cnó capaill ag fás i lár Amstardam taobh amuigh den urtheach rúnda ina raibh Anne Frank agus a teaghlach i bhfolach. Luaigh sí an crann ina dialann. 

An cineál radhairc a chonaic Anne Frank óna seomra?


Ceisteanna:

    1. Cad iad na hathruithe a thagann ar na duilleoga ar chuid de na crainn le linn an fhómhair?

    2. Cad as a dtagann a focal ‘duillsilteach’?

    3. Cad é a bhíonn thart ar an chnó mhór dhonn nuair a thiteann sé den chrann?

    4. Cad chuige a gcaithfidh tú bheith cúramach agus tú ag dreapadh ar chrann? 

    5. Cén áit as a dtagann an crann cnó capaill ó dhúchas?

    6. Cén uair a tugadh síolta an chrainn seo go hÉirinn sa chéad dul síos?

    7. Cén chathair san Úcráin a bhfuil an crann cnó capaill mar shiombail uirthi?

    8. Cén duine cáiliúil a luaigh an crann cnó capaill ina dialann?


Le plé agus le déanamh

🌳 Ealaín: Tarraing agus dathaigh pictiúr den chrann cnó capaill san fhómhar. Taispeáin dathanna na nduilleog (buí, donn, dearg) agus na cnónna capaill ag titim go talamh.

🌳 Samhlaíocht agus Gluaiseacht: Samhlaigh gur cnó capaill thú a thit den chrann. Léirigh do thuras mar dhamhsa (ó do shaol thuas sa chrann go dtí go mbailíonn páiste thú ón talamh). Smaoinigh ar an chineál ceoil a bheadh fóirsteanach don damhsa agus don scéal. Thiocfadh triail a bhaint as do cheol féin a chumadh ar Garage Band nó aip eile den chineál sin.

🌳 Taighde agus Tíreolaíocht: Luaitear san alt gurb é an crann cnó capaill siombail chathair Kyiv san Úcráin. Déan taighde gairid agus scríobh síos 3 fhíric spéisiúla faoin chathair Kyiv agus/nó faoin Úcráin.

🌳 Eolaíocht agus Nádúr: Téigh amach chuig do gháirdín nó chuig páirc áitiúil agus bailigh duilleoga fómhair ó chrainn dhifriúla. Cruthaigh 'Póstaer Dhuilleoga an Fhómhair' agus lipéadaigh na plandaí a bhailíonn tú.

🌳 Cluichí Traidisiúnta: Bain triail as an chluiche cnó capaill a imirt. Cuir agallamh ar dhuine fásta (tuismitheoir nó seanathair/seanmháthair) faoin chluiche sin. Faigh amach eolas faoi na cluichí eile a d’imir siad nuair a bhí siad óg.


meas