Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Cé chomh gasta agus atá tú le do lámha? Mar shampla, an bhfuil tú maith ag caitheamh agus ag breith greim ar liathróid?

Nó, an bhfuil tú ábalta uirlis cheoil a sheinm? Nó, b’fhéidir go bhfuil tú gasta i mbun cluiche ríomhaire?

Bíonn ar do lámha (agus do chuid súl) a bheith gasta le go mbeidh tú ábalta na rudaí sin a dhéanamh faoi lánluas.

Tá cailín óg sa tSín i ndiaidh curiarracht dhomhanda a bhaint amach as a bheith iontach go deo gasta lena lámha.

Má bhaineann tú curiarracht dhomhanda amach, is tú an duine is fearr riamh ag spórt nó gníomhaíocht éigin. Cuirim i gcás, rinne tú rud éigin san am is gasta, nó léim tú an méid is faide, nó fuair tú an scór is airde riamh.

Níl Lian Yunzhi ach 6 bliana d’aois agus tá sí i ndiaidh a thaispeáint go bhfuil na lámha is gasta ar domhan aici!

“Cad é mar a rinne sí sin?” a deir tú. Bhuel, réitigh sí ciúb Rubik taobh istigh de 5 shoicind!
Amharc uirthi anseo:
(físeán as Youtube, ár leithscéal faoin Bhéarla)
Bháú, nach gasta é sin?! Tá an ciúb réitithe aici i bhfaiteadh na súl, chóir a bheith! Is léir go mbíonn sí ag cleachtadh leis an chiúb Rubik go mion minic! Mar a deir an seanfhocal, “Taithí a dhéanann máistreacht!”
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh