Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is dócha gur chuala sibh iomrá ar an cheoltóir Ed Sheeran. Tá a lán amhrán clúiteach scríofa aige agus na milliúin albam díolta aige ar fud an domhain. Bhuail sé le fadhb mhór, áfach, an tseachtain seo caite.
(Ed Sheeran)
Bhí Ed Sheeran agus a chairde le ceolchoirm a dhéanamh in Philadelphia, Meiriceá, an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart. Tá camchuairt mhór ar fud Mheiriceá Thuaidh agus Theas ar siúl ag Ed Sheeran faoi láthair, an Chamchuairt “Loop”.
(Ed Sheeran ag canadh ar stáitse)
Chomh maith le Ed Sheeran, bhí a chairde, Macklemore, Beoga, Finneas, Lukas Graham agus Aaron Rowe le seinm sa cheolchoirm. Rinne siad uilig dhá cheolchoirm mhóra cheana féin le chéile i Nua-Eabhrac.
(Macklemore)
Le linn na gceolchoirmeacha i Nua-Eabhrac, áfach, rinne Macklemore amhrán ar leith dá chuid a rapáil, amhrán darb ainm “Hind’s Hall”, faoi chailín óg sa Phalaistín a scaoileadh chun báis. D’iarr Macklemore ar an lucht féachana cuimhneamh ar na daoine atá ag fulaingt sa Phalaistín agus léirigh sé pictiúir ar an scáileán mór den scrios atá déanta sa Phalaistín. Chomh maith leis sin, scairt sé amach “Scaoil saor an Phalaistín” leis an slua.
(Cuid den scrios atá déanta i nGaza sa Phalaistín)
Ina dhiaidh sin, cuireadh cosc ar Macklemore bheith ag seinm sna staideanna eile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ina mbeidh na ceolchoirmeacha den chamchuairt “Loop”. Chuir na daoine mór le rá, ar leosan na staideanna, scairt ar Ed Sheeran agus dúirt siad leis nach mbeadh cead ag na ceolchoirmeacha dul ar aghaidh ina gcuid staideanna dá mbeadh Macklemore ag seinm iontu. Dúirt Ed Sheeran go raibh sé fágtha idir dhá thine Bhealtaine - is cara leis é Macklemore, ach níor mhaith leis na leantóirí uilig a cheannaigh ticéid do na ceolchoirmeacha a ligean síos, ná na ceoltóirí eile a bhí ag brath ar an obair bheith ag seinm ar an chamchuairt.
(Cheannaigh a lán daoine ticéidí le dul chuig na ceolchoirmeacha "Loop")
Ghlac Ed Sheeran an cinneadh iarradh ar Macklemore imeacht den chamchuairt. Ach, níor chríochnaigh an scéal ansin. Labhair Macklemore amach faoin mhéid a tharla, ag rá gur cara mór leis Ed Sheeran fosta ach ní thiocfadh leis gan a bheith ag labhairt amach faoin Phalaistín agus na rudaí atá ag tarlú ansin faoi láthair. Rud eile a rinne Macklemore, ná gur thug sé an t-airgead ar fad a shaothraigh sé ó chamchuairt “Loop” do charthanachtaí a chuidíonn le muintir na Palaistíne.
(Páistí i scuaine sa Phalaistín agus iad ag fanacht ar bhia ó charthanacht.)
I ndiaidh do Macklemore seasamh siar ón chamchuairt, tharraing na ceoltóirí eile ar fad amach fosta - Beoga agus Aaron Rowe (arb as Éirinn dóibh), Lukas Graham (banna ceoil ón Danmhairg) agus Finneas (ceoltóir ó Mheiriceá, ar deartháir é le Billie Eilish). D’aontaigh siad uilig gur cheart tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Palaistíne in áit fanacht ar an chamchuairt ar son airgid.
(An banna ceoil 'Beoga')
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh