Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Amharc suas! Tá an mhí seo lán de rudaí iontacha a bhaineann leis an spás.
Starship
An chéad rud ná go bhfuil dáta againn anois do mhisean nua Starship, roicéad de chuid SpaceX. Is é seo an roicéad is mó, is troime agus is láidre riamh. Agus é réidh le lainseáil, beidh sé 124 méadar ar airde. Is é an 22ú Meán Fómhair an dáta atá ag SpaceX don lainseáil agus déanfaidh Starship a chéad eitilt thart ar an Domhan. An iarraidh seo, ní bheidh duine ar bith ar bord. Seo an eitilt is faide a bheas ag Starship, an long a rachaidh chuig an Ghealach agus chuig Mars, tá súil ag SpaceX. Má théann gach rud i gceart, imeoidh sé den talamh idir 1.15 agus 2.30 Dé Máirt seo chugainn.

Má amharcann tú suas sa spéir na laethanta seo, feicfidh tú solas geal i ndiaidh don Ghrian dul faoi. Pláinéad atá ann, Véineas, agus beidh sé iontach geal an 18ú/19ú Meán Fómhair. Tugtar ‘Réalta an Tráthnóna’ ar Véineas, cé nach réalta é ar chor ar bith.
Véineas thíos faoin Ghealach
Rud spéisiúil eile a bheas ann an mhí seo ná Cónocht an Fhómhair. De thairbhe go mbíonn an Domhan ar fiar agus é ag dul thart ar an Ghrian, feiceann codanna éagsúla den Domhan níos mó den Ghrian ag amanna éagsúla sa bhliain. Ó thuaidh, feicimidne níos mó sa samhradh agus níos lú sa gheimhreadh. Ag an chónocht, feiceann an dá leath den Domhan an méid céanna cionn is go mbíonn an Ghrian os comhair an mheánchiorcail. Go hoifigiúil, tá tús an fhómhair ann an lá sin agus tosaíonn daoine ag ullmhú don gheimhreadh.
Gealach na gCoinleach
Agus má bhíonn an spéir gan scamaill ar an 26ú Meán Fómhair, beidh deis agat Gealach na gCoinleach a fheiceáil, sin an ghealach lán a bhíonn ann thart ar chónocht an fhómhair.
Coinleach
Ceisteanna:
1. Cén comhlacht a rinne an roicéad Starship?
2. Cé chomh hard a bheidh an roicéad nuair a bheidh sé réidh le lainseáil?
3. Cén t-ainm eile a thugtar ar Véineas san alt?
4. Cad chuige nach bhfuil an t-ainm sin cruinn?
5. Cad é an chiall atá leis an fhrása ‘ar fiar’ agus muid ag caint ar an Domhan?
Le déanamh:
Samhlaigh go bhfuil tú ar bord Starship ar an chéad eitilt thart ar an Domhan. Scríobh iontráil dialainne ag cur síos ar an dóigh a mothaíonn tú agus tú ag amharc amach ar an fhuinneog.
Léigh an t-alt seo le tuilleadh eolais a fháil faoi Chónocht an Fhómhair.
Le plé:
An rud maith é bheith ag pleanáil dul chuig an Ghealach agus chuig Mars agus na fadhbanna uilig atá againn ar an Domhan faoi láthair? Déan 2 phointe ar son an ráitis nó ina éadan. (Is féidir plé ranga a bhunú air seo agus vóta a dhéanamh ag an deireadh).