Fáilte ar ais

Dé Luain, an 7ú Meán Fómhair 2026


Faraor, tá an samhradh thart agus gach duine ar ais ar scoil! Ach tá tús nua agat anois i rang nua agus, b’fhéidir, le múinteoir nua. Beidh deis agat bualadh le cairde nach bhfaca tú le linn an tsamhraidh. Seans maith go mbeidh go leor le plé agaibh faoin samhradh!

In amanna, mothaíonn daoine buartha agus iad ag dul isteach i rang nua. Ná bíodh eagla ort nó mothaíonn go leor daoine sin. Tugann scoilbhliain nua deis dúinn triail a bhaint as rudaí nua agus scileanna nua a fhorbairt.

Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne nach gá duit bheith foirfe ag gach rud. Déanann gach duine meancóg ó am go ham. Is é an rud is tábhachtaí go ndéanann tú iarracht. Ná déan dearmad cuidiú a iarraidh má bhíonn rud éigin deacair agat. Bí cinnte go dtugann tú aire duit féin sa scoilbhliain nua. Faigh neart codlata gach oíche agus ith bia sláintiúil. Oibreoidh d’inchinn níos fearr má bhíonn tú gníomhach, ag rith, ag siúl, ar do rothar nó ag snámh, mar shampla.

Beidh go leor le plé agat le do chuid cairde. Cad é mar a chaith tú an samhradh? An ndearna tú rud ar bith spéisiúil? Cé nach raibh ailt againn agus tú ar saoire, bhí go leor rudaí ag tarlú sa nuacht!

Bhain fir Mhaigh Eo Craobh na hÉireann sa pheil den chéad uair le 75 bliain! An bhfaca tú féin an cluiche? Nó an bhfaca tú bua mhná na Gaillimhe in éadan Chiarraí? Ní raibh an t-ádh ar Ghaillimh sa chamógaíocht, áfach, nó thug Corcaigh an chraobh leo. Agus bhí díomá orthu chomh maith san iomáint nó bhí an bua ag Luimneach orthu.

Emma Murphy as Corcaigh

An raibh tú ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste, i mbliana? Mura raibh, beidh deis agat dul ann an bhliain seo chugainn nó beidh sí ar ais i 2027.

Fáilte ar ais chuig ár seirbhís nuachta – tá súil againn go mbainfidh tú sult aisti an scoilbhliain seo!


Ceisteanna:

1. Cad chuige a bhfuil gach duine ar ais ar scoil?

2. Cad é mar a mhothaíonn daoine áirithe agus iad ag dul isteach i rang nua?

3. Cad é a deir an t-alt faoi bheith foirfe?

4. Cad é ba chóir duit a dhéanamh má bhíonn rud deacair agat?

5. Cad iad na spóirt nó na gníomhaíochtaí fisiciúla atá luaite san alt?

6. Cá raibh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbliana?


Le déanamh:

Cad é an dóigh is fearr leat bheith gníomhach. Déan cur síos uirthi nó tarraing pictiúr.


Scríobh 3 sprioc atá agat don scoilbhlian nua.

    • Rud amháin ba mhaith liom a fhoghlaim:

    • Scil amháin ba mhaith liom a fheabhsú:

    • Rud nua ar mhaith liom triail a bhaint as: 


Pictiúir:

Emma Murphy as Corcaigh: D. Ribeiro / Shutterstock.com

Fleadh Cheoil na hÉireann: Julie Parkes McClean / Shutterstock.com


meas