Gobnait agus na Beacha

Dé Céadaoin, an 20ú Bealtaine 2026


Inniu Lá Domhanda na mBeach. Is lá é seo chun aird na ndaoine, ar fud na cruinne, a tharraingt ar na beacha agus ar an ról tábhachtach atá acu i saol an domhain.


Ach, an raibh a fhios agat go bhfuil seanstair agus dlúthbhaint ag an tír seo leis na beacha? Leoga, bhí meas mór ag ár sinsir ar na beacha. Sa seanam, má bhí duine gortaithe, mar shampla le cneá ar an chraiceann, thiocfadh sin a leigheas le mil.

(cneá á leigheas le mil)


Chreid daoine fadó go raibh na beacha ábalta taisteal idir an domhan seo agus an domhan eile (Domhan na Marbh), nó go Tír na nÓg. Shíl siad go dtiocfadh leis na beacha teachtaireachtaí a thabhairt chuig na mairbh nó chuig na spioraid. Mar gheall air sin, ba choir é cur isteach ar bheacha nó iad a ghortú.


Is é Naomh Pádraig naomhphátrún na hÉireann agus tuigeann daoine ar fud na cruinne an ceangal atá ag Pádraig leis an tír seo. Ach, tá go leor naomh eile ceangailte le hÉirinn agus, ina measc, bhí bean speisialta a raibh an-ghrá aici do na beacha. Naomh Gobnait ab ainm di agus mhair sí am éigin thart faoin 6ú haois.


Tá go leor seanchais ag baint le Naomh Gobnait. De réir cuid de na seanscéalta, b’fhoghlaí mara é a hathair ach níor mhaith le Gobnait páirt a ghlacadh sa chineál saoil sin. D’éalaigh sí ó long a hathar ar Inis Oírr (oileán beag amach ó chósta na Gaillimhe).


Thóg sí cill bheag ar an oileán agus d’fhan sí ansin ar feadh tamall beag. De réir an tseanchais, bhí brionglóid aici inár thaispeáin Dia fís di. San fhís sin, bhí 9 bhfia bhána ag innilt ar thaobh cnoic. Dúirt Dia léi dul a lorg na naoi bhfia sin agus fanacht san áit a bhfuair sí iad.


D’imigh Naomh Gobnait agus thaistil sí léi tríd Chontae an Chláir, Contae Luimnigh agus Contae Phort Láirge. Tháinig sí ar deireadh go Dún Chaoin i gContae Chiarraí, áit a bhfaca sí trí fhia bhána. Shocraigh sí síos i nDún Chaoin agus thóg sí cill bheag eile. Ba bheachaire í agus bhí sí ábalta na daoine a leigheas nuair a d’éirigh siad tinn.


Bhí an-chion ag muintir Dhún Chaoin ar Ghobnait, ach tháinig an fhís ar ais chuici gur cheart di bogadh ar aghaidh go dtí an áit ina raibh na naoi bhfia bhána. D’imigh sí léi arís go Contae Chorcaí agus, ar deireadh, chonaic sí na naoi bhfia bhána i gceantar Mhúscraí. Thóg sí cill eile ansin agus d’fhan sí sa cheantar sin go deireadh a saoil.

(Dealbh in ómós do Naomh Gobnait i mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí - pic trí Wikimedia Commons, CC by 3.0)


Tá go leor scéalta faoi Naomh Gobnait, mar shampla: san am sin, bhí plá ag teacht ar go leor daoine ar fud na tíre. Bhí eagla ar gach duine i Múscraí nuair a chuala siad faoin phlá a rinne na daoine go dona tinn in áiteanna eile. Chuaigh siad chuig Naomh Gobnait agus d’iarr siad cuidiú uirthi. Chuaigh Naomh Gobnait amach agus tharraing sí líne bhán lena maide thart ar an cheantar ar fad. Níor tháinig an phlá ar dhuine ar bith taobh istigh den líne sin.


Scéal eile faoi Naomh Gobnait ná gur chosain sí an ceantar arís eile nuair a tháinig slua ionróirí go Múscraí. Rinne na hionróirí iarracht ionsaí a dhéanamh ar Chill Ghobnait, ach d’iarr sí ar a beacha bheith mar shaighdiúirí aici. D’éirigh na beacha ar fad le chéile agus rinne siad ionsaí ar na hionróirí. Chuir na beacha an ruaig ar na hionróirí amach as an áit agus níor tháinig siad ar ais arís ina dhiaidh sin.


Sa lá inniu, tá meas ar Naomh Gobnait go fóill, go háirithe sna contaetha a raibh ceangal aici leo. Ach, níos faide amach ná sin, is í Naomh Gobnait naomhphátrún na mbeach agus na mbeachairí ar fud an domhain. Thiar sa 6ú haois, thuig an bhean chliste sin go raibh na beacha ríthábhachtach don domhan agus do na daoine. Thug sí féin meas agus aire i gcónaí do na beacha, rud ba cheart dúinne uilig a dhéanamh sa lá atá inniu ann.


Ceisteanna

  1. Cén bhaint a bhí ag an mhil leis an leigheas sa seanam?
  2. Cad chuige ar shíl daoine fadó nár cheart cur isteach ar bheacha nó iad a ghortú?
  3. Cérbh í Naomh Gobnait?
  4. Cad é an cineál duine a bhí in athair Naomh Gobnait, de réir cuid de na seanscéalta?
  5. Cén áit ar éalaigh Gobnait ó long a hathar?
  6. Cá mhéad fia bán a bhí san fhís a thaispeáin Dia di?
  7. Ainmnigh trí cinn de na contaetha ar thaistil Gobnait tríothu sular shocraigh sí síos.
  8. Cad é mar a chosain Gobnait muintir Mhúscraí nuair a tháinig an phlá?
  9. Cad é mar a chuidigh na beacha le Gobnait an ceantar a chosaint ó na hionróirí?
  10. Cén grúpa a bhfuil Gobnait mar naomhphátrún acu sa lá atá inniu ann?


Le plé

  • Dar leat, cad chuige a raibh clú ar Ghobnait mar bhean a bhí ábalta na daoine a leigheas?
  • Tá sé ráite san alt gur “coir” a bhí ann cur isteach ar bheacha. An léiríonn daoine an lae inniu an meas céanna ar na beacha? Cad é is féidir linn a fhoghlaim ó chreideamh ár sinsear faoi na beacha?
  • Cén fáth a raibh ar Naomh Gobnait bogadh ón chéad dá áit inar thóg sí cill? Cén teachtaireacht atá i scéal na naoi bhfia bhána, dar leat?


Le Déanamh

  • Taisteal Ghobnait: (obair léarscáile) Ar chóip de léarscáil na hÉireann, dathaigh na contaetha ar thaistil Naomh Gobnait tríothu nó ar shocraigh sí síos iontu (Gaillimh, An Clár, Luimneach, Port Láirge, Ciarraí, Corcaigh). Scríobh ainm na háite inar thóg sí cill i ngach contae.
  • Dearadh Póstaeir: Déan póstaer chun Lá Domhanda na mBeach a cheiliúradh. Úsáid eolas ón alt faoin tábhacht a bhaineann leis na beacha, agus cuir san áireamh an méid a chreid ár sinsir fadó faoina dtábhacht nó a gcumhachtaí.
  • Beachaire sa lá inniu: Déan taighde gairid ar an obair a dhéanann beachaire sa lá atá inniu ann. Do bharúil, an bhfuil an obair sin cosúil nó difriúil leis an obair a rinne Naomh Gobnait sa 6ú haois?


Pictiúr Clúdaigh: Fuinneog ghloine dhaite (arna dearadh ag Harry Clarke) ag léiriú Naomh Gobnait agus na Beacha - (pic le NateBergin, CC by 4.0, trí Wikimedia Commons)


meas