Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Mionsamhlacha carranna
Is maith le daoine rudaí a bhailiú. Is iomaí rud a bhailíonn siad – cártaí pokémon, nó mionsamhlacha carranna, nó fiú éadaí! Bailíonn siad rudaí a thaitníonn leo, nó rudaí a shíleann siad atá tábhachtach. Sin, ar bhealach, an rud a dhéanann músaem. Bailíonn músaeim na rudaí atá tábhachtach ón stair, nó rudaí a shíleann daoine atá go speisialta deas agus tugann siad cúram dóibh.
Músaem an Titanic
Bíonn gach músaem difriúil. Má tá spéis agat ann, tá músaeim faisin ann, mar shampla, nó músaeim spáis. Is féidir leat foghlaim faoin Titanic ag Músaem an Titanic i mBéal Feirste. In áiteanna eile, bíonn bailiúcháin de phictiúir a phéinteáil daoine clúiteacha nó dealbha a rinne siad. Tugtar músaeim ealaíne orthu siúd.
Músaem ealaíne
Seans go dtarlaíonn seo uilig i ngan fhios do go leor daoine agus tá lá speisialta ann le haird a tharraingt ar na hinstitiúidí seo, an 18ú Bealtaine, Lá Idirnáisiúnta na Músaem. Má tá tú ag iarraidh foghlaim faoi na Lochlannaigh, mar shampla, an bhfuil a fhios agat go bhfuil bailiúchán mór d’iarsmaí na Lochlannach in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath? Ciallaíonn ‘iarsma’ an chuid atá fágtha de sheanrud agus tá focal eile againn ar an chineál músaeim ina mbíonn iarsmaí, mar atá, ‘iarsmalann’.
Iarsmaí dineasáir
Tá dhá ról ag gach músaem. An chéad rud ná cuidiú leat foghlaim faoi rudaí. Bíonn iarsmaí os do chomhair nó bíonn na píosaí ealaíne ann. In amanna, ligeann an músaem do dhaoine triail a bhaint as rudaí – gléasadh mar Lochlannach, abair, nó siúl tríd sheanteach. I gcuid eile, thiocfadh leat triail a bhaint as im a dhéanamh nó iarracht a dhéanamh dealbh a chruthú.
Seodra óir
Is é an dara ról atá ag músaem ná na rudaí tábhachtacha atá acu a chaomhnú sa dóigh go mbeidh siad ar fáil againne agus ag na glúnta atá le teacht.
Tá go leor dóigheanna le foghlaim ag músaem
Bíonn taispeántais iontacha ag cuid mhaith músaem ar líne na laethanta seo ach is eispéireas speisialta é an rud a fheiceáil os do chomhair nó fiú deis a bheith agat rud a thriail!

Ceisteanna:
1. Cá bhfuil Músaem an Titanic?
2. Cén dáta a bhíonn Lá Idirnáisiúnta na Músaem ann?
3. Cad é a thugtar ar mhúsaem ina mbíonn iarsmaí?
4. Cad iad an dá ról atá ag músaem?
5. Cad iad na gníomhaíochta is féidir a thriail i músaem, dar leis an téacs?
Le plé:
An bhfuil sé tábhachtach seanrudaí ón stair a chaomhnú nó ar chóir dúinn dearmad a dhéanamh orthu?
Cad iad na rudaí ón lá inniu ba chóir a chaomhnú do na glúnta atá le teacht? An cuimhin leat rud ar bith nach bhfuil le feiceáil a thuilleadh? Is féidir leis an rang liosta a dhéanamh.
Le déanamh:
Roghnaíonn gach duine rud ar leith agus caithfidh siad é a thaispeáint agus a mhíniú amhail is nach bhfuil a fhios ag na daoine eile cad é a dhéanann sé.
Pictiúir:
Dineasár ar an bhalla: Photo Spirit / Shutterstock.com
Creatlach dineasáir: Alexey Fedorenko / Shutterstock.com
Músaem an Titanic: Electric Egg / Shutterstock.com
Long Lochlannach: ReinaLua / Shutterstock.com
Músaem ealaíne, BÁC: Benoit Daoust / Shutterstock.com
Seodra óir: Ronin83 / Shutterstock.com