Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Cad é mar a bhíonn daoine ag bogadh ó áit go háit? Tá go leor bealaí difriúla ann le turas a dhéanamh.

Cén dóigh ar tháinig tú chun na scoile inniu? Ar shiúil tú? Ar tháinig tú sa charr nó ar an bhus? Ar tháinig tú ar do rothar nó ar scútar?

Amharcfaidh muid anois ar dhóigheanna éagsúla le bheith ag taisteal.
Carr
Caithfidh páistí suí ar chathaoir speisialta sa charr. Caitheann tú crios sábhála.

Is féidir le cúigear nó fiú seachtar taisteal le chéile i gcuid carranna! Glacann an carr thú díreach chuig an áit ar mhaith leat dul.

Bus
Is féidir le cuid mhaith daoine bheith ag taisteal ar bhus le chéile. Leanann an tiománaí busbhealach áirithe agus is féidir leat imeacht ón bhus ag cibé stop ba mhaith leat ar an bhealach sin.

Rothar
De ghnáth, bíonn duine amháin ar rothar amháin. Caitheann tú clogad agus tú ar rothar le do chloigeann a choinneáil sábháilte má thiteann tú den rothar. Bogann tú an rothar le do chosa.

Scútar
Bíonn tú i do sheasamh ar an scútar agus bogann tú é le cos amháin. Tá seo maith má tá tú ag déanamh turas gairid. Is maith le cuid páistí teacht ar scoil ar scútar.

Traein
Is féidir le cuid mhór daoine bheith ag taisteal ar an traein le chéile. Cosúil leis an bhus, leanann an traein bealach áirithe. Stopann an traein i stáisiún traenach.

Is féidir leat imeacht ón traein ag cibé stáisiún traenach ba mhaith leat ar an bhealach. Ní bhíonn an traein ag taisteal ar bhóthar cosúil le carr nó bus, bíonn sé ag taisteal ar an iarnród.

Eitleán
Bíonn eitleán ag taisteal sa spéir! Is féidir leat bheith ag taisteal go tír eile ar eitleán.

Bíonn píolóta i mbun an eitleáin.

Bád
Bíonn bád ag taisteal ar uisce. Thig le bád turas gairid a dhéanamh ar loch nó ar abhainn.
(Báid Reachlainne - pic le Purplesky 123/Shutterstock.com)
Tá báid mhóra agus bheaga ann. Tugaimid long ar bhád mór. Is féidir le long turas fada a dhéanamh go tíortha eile.
(long mhór - pic le Peter Titmuss/Shutterstock.com)
Bíonn captaen i gceannas ar an long.
(captaen na loinge - pic le Stuart Perry/Shutterstock.com)
Nach bhfuil a lán bealaí éagsúla ann le bheith ag taisteal? Cad é an dóigh is fearr leatsa le bheith ag taisteal?
Ceisteanna Tuisceana
Le plé nó le déanamh
🛣️ iad siúd a bhíonn ag taisteal ar an bhóthar,
🌊 iad siúd a bhíonn ag taisteal ar uisce, agus
🛫 iad siúd a bhíonn ag taisteal sa spéir.