Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar mhaith leat an lá ar fad a chaitheamh le hainmhithe? Ní rud mór é seo má tá tú i do chónaí ar fheirm nó faoin tuath ach tá daoine sa cathair agus sa bhaile mhór nach bhfeiceann ainmhithe go minic. Agus más duine orthu seo thú, tá seans agat bualadh le hainmhithe nó tá Seó Bhaile Mhoireil ag tosú inniu!
Tá feirmeoirí tábhachtach dúinn uilig
Is seó talmhaíochta é Seó Bhaile Mhoireil ina mbeidh níos mó ná 3,500 ainmhí feirme le feiceáil. Cé nach mbeidh éan ar bith ann i mbliana mar gheall ar fhliú na n-éan, beidh rogha mhaith eile ann: ba, caoirigh, muca agus capaill, gan na coiníní agus na muca guine a lua!
Tarracóir
Tugann an seó deis do dhaoine ón chathair agus ón bhaile mhór an saol agus an spraoi a bhaineann le saol na feirme a bhlaiseadh agus a thuiscint. Is iad na feirmeoirí sa tír seo a dhéanann cuid mhaith den bhia a ithimid agus, in amanna, mothaíonn siad nach dtuigeann daoine taobh amuigh den tuath iad.
Roth Ferris
Taobh amuigh de na hainmhithe, beidh go leor eile ar siúl le daoine a mhealladh. Beidh tarracóirí ann, ar ndóigh, idir bheag agus mhór, mar aon le gach cineál trealamh feirmeoireachta. Beidh aonach siamsaíochta ann le roth Ferris agus marcaíochtaí. Más spéis leat comórtais, beidh comórtas seó-léimní ann mar aon le taispeántas BMX.
Capall ag léim ag seó-léimní
Beidh gné níos ciúine ann chomh maith le taispeántais bláthanna ann nó thiocfadh leat an ‘sráidbhaile inbhuanaitheachta’ a fhiosrú. Tá Seó Bhaile Mhoireil ar siúl anois i bPáirc Bhaile Mhoireil, Lios na gCearrbhach, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Satharn, an 16ú Bealtaine.

Ceisteanna:
1. Cad chuige nach mbeidh éin le feiceáil ag an seó i mbliana?
2. Ainmnigh 3 chineál ainmhí a bheidh ann.
3. Cad é an rud tábhachtach a dhéanann feirmeoirí sa tír seo, dar leis an alt?
4. Cá bhfuil an seó ar siúl?
5. Cén lá a chríochnóidh an seó?
Le déanamh:
Ní bheidh éan ar bith ag an seó i mbliana. Déan liosta de na héin atá ar eolas agat a bhíonn le feiceáil ar fheirm.
Cén ghníomhaíocht a mbeadh suim agat inti ag an seó? Cad chuige?
Dear póstaer do Sheó Bhaile Mhoireil 2026. Cuir isteach:
• ainm an tseó
• pictiúr d’ainmhithe
• dátaí an tseó
• 3 ghníomhaíocht ón alt
Le plé:
‘Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine sa chathair saol na feirme.’ An gcomhaontaíonn tú leis sin?
Pictiúir:
Comhartha/Tarracóir/Ag bleán/Leoraí do pháistí/Roth Ferris: Ballygally View Images / Shutterstock.com