Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Feicimid na beacha ag eitilt thart go minic sa samhradh. Is créatúir bheaga bhuí agus dhubha iad agus tá siad an-úsáideach do gach duine. Tá a lán cineálacha beach ann. An raibh a fhios agat go bhfuil thart ar 100 cineál de bheacha le fáil in Éirinn?
Cá bhfuil siad ina gcónaí?
Is maith leis na bumbóga a bheith ina gcónaí i nead san fhéar fhada, nó i bpoill bheaga faoin talamh.

Is fearr leis na beacha meala (na beacha a dhéanann mil) bheith ina gcónaí le chéile i ngrúpaí móra. Tugtar coirceog ar an teach s’acu. Is féidir na mílte beach a bheith in aon choirceog amháin.

Na Róil Thábhachtacha
Tá trí ról ag na beacha sa choirceog:
An Chráinbheach: Is í “an chráinbheach” an bheach is mó agus is tábhachtaí. Beireann sí na huibheacha ar fad.

Beacha Oibre: Is “beacha oibre” iad an chuid is mó de na beacha. Bailíonn siad neachtar ó bhláthanna. Úsáideann siad an neachtar chun mil a dhéanamh.

Ladrainn: Is iad seo na beacha fireanna. Cuidíonn siad leis an Chráinbheach chun uibheacha a dhéanamh.

Pailniú
Nuair a théann beacha oibre ó bhláth go bláth ar lorg neachtair, bailíonn siad púdar darb ainm pailin fosta. Tugtar pailniú ar an obair seo (an phailin a bhogadh ó bhláth go bláth). Cuidíonn pailniú le plandaí nua a fhás.

Is breá le beacha dathanna geala. Sin an fáth a mbíonn dathanna geala ar pheitil na mbláthanna - leis na beacha a mhealladh chucu.

Ceisteanna
Le plé nó le déanamh