Is fearr rith maith ná drochsheasamh!

Dé hAoine, an 8ú Bealtaine 2026

Sa seanam, bhíodh a lán troideanna in Éirinn. Bheadh taoisigh agus ríthe ag titim amach lena chéile mar gheall ar thalamh, nó ba, nó cé a bhí i gceannas ar chuid áirithe den tír. Go fiú na gnáthdhaoine, d’úsáid siad na doirn le titim amach a shocrú i bhfad níos minice ná mar a dhéanaimid inniu. 


Na daoine is cliste, áfach, lean siad comhairle an tseanfhocail seo – in amanna, is fearr siúl leat (nó rith leat) chun trioblóid nó contúirt a sheachaint, in áit seasamh ansin – go háirithe má tá seans maith ann go bhfaighidh do chéile comhraic an lámh in uachtar ort!

In amanna, bíonn sé níos ciallmhaire rith leat!


Tá comhairle an tseanfhocail lán chomh tábhachtach inniu is a bhí nuair a bhí na sean-Ghaeil ag titim amach lena chéile – ach thig linne an chomhairle sin a chur in oiriúint don saol nua-aimseartha.


🏃 In amanna, is fearr argóintí a sheachaint. Cén mhaith do chuid ama a chur amú ag argóint faoi rud éigin amaideach? Is fearr rith maith ná drochsheasamh!

An fiú bheith ag argóint faoi?


🏃🏼‍♀️‍➡️ Má fheictear duit go bhfuil trioblóid ag teacht…Má bhíonn cairde leat nó na daoine a bhfuil tú ina gcuideachta ag déanamh rudaí nár cheart dóibh a dhéanamh agus má tá a fhios agat go mbeidh siad i dtrioblóid (agus go mbeidh tusa i dtrioblóid fosta, má fhanann tú leo) – is fearr rith maith ná drochsheasamh!

Ná tarraing trioblóid ort féin


🏃‍♂️ Má bhíonn tú i gcontúirt, imigh leat agus faigh cuidiú – is fearr rith maith ná drochsheasamh!


Ní chiallaíonn comhairle an tseanfhocail seo go gcaithfidh tú rith ar shiúl ó gach fadhb i do shaol. Má dhéanann tú sin, níl aon seans agat an fhadhb a réiteach agus, go minic, éiríonn na fadhbanna níos measa. Níl ann ach go gcaithfidh tú bheith cliste faoin fhadhb. Ní fiú seasamh i ndrocháit mura mbíonn aon seans agat an fhadhb a réiteach. In amanna, is fearr céim siar a ghlacadh agus smaoineamh mar is ceart faoin fhadhb – ansin, thig leat teacht ar ais nuair a bhíonn plean níos fearr agat. (Nó, i gcás na sean-Ghael, arm níos fearr!)

Is fearr rith maith ná drochsheasamh!


Ceisteanna le freagairt

💨 1. Dar leis an alt, cén fáth ar ghnách le taoisigh agus ríthe titim amach sa seanam? Luaigh dhá rud.

💨 2. Mínigh an seanfhocal: Is fearr rith maith ná drochsheasamh i do chuid focal féin.

💨 3. Dar leis an alt, cad é an rud a dhéanadh daoine níos minice sa seanam ná mar a dhéanann siad inniu?

💨 4. Cad ba cheart duit a dhéanamh, dar leis an alt, má fheiceann tú go bhfuil trioblóid ag teacht?

💨 5. Cén fáth a ndeir an t-alt nach fiú fanacht le cairde atá ag déanamh rudaí míchearta?

💨 6. An ndeir an t-alt gur cheart duit rith ar shiúl ó gach fadhb? Mínigh do fhreagra.

💨 7. Cad is féidir leat a dhéanamh in áit fanacht i “ndrocháit”?

💨 8. Rinne an t-údar iarracht bheith greannmhar sa líne dheireanach den alt. Cad é a bhí i gceist aige.


Le plé

ᯓ🏃🏻‍♀️‍➡️ Cad iad na bealaí maithe le fadhbanna a réiteach sa lá atá inniu ann, seachas troid?

ᯓ🏃🏻‍♀️‍➡️ Cad iad na cineálacha fadhbanna agus trioblóide a fheiceann daoine óga inniu, nach raibh ag na daoine óga fadó, i do bharúil?

ᯓ🏃🏻‍♀️‍➡️ Mar rang, déanaigí plé ar an ráiteas thíos agus ar chásanna ina mbeadh sé fíor.

‘In amanna, bíonn sé níos cróga (agus níos deacra) céim siar a ghlacadh.’


meas