Idir shean agus óg

Déardaoin, an 7ú Bealtaine 2026

An raibh a fhios agat go bhfuil daonra na hÉireann ag athrú go hiontach gasta. Ar feadh cuid mhór den fhichiú haois, d’fhan líon na ndaoine in Éirinn go measartha seasmhach. Ach anois, táimid ag maireachtáil níos faide ná mar a bhí riamh. Ar ndóigh, is dea-scéal é sin.


Ach, cad chuige a bhfuil an t-athrú seo ag tarlú? Bhuel, tá go leor cúiseanna taobh thiar de. Mar shampla, idir na 1920í agus na 1990í, d’imigh a lán daoine óga thar sáile ar lorg oibre. Is minic nár tháinig siad ar ais, ach d’fhan siad ar feadh a saoil sna tíortha i gcéin, cosúil le Meiriceá, an Astráil agus Sasana. 

(Eitleán ag imeacht thar sáile - pic le Bradley Caslin/Shutterstock.com)


Fáth eile a bhfuil an daonra ag fás anois, ná go bhfuil cúram sláinte i bhfad níos fearr againn na laethanta seo. Cuirim i gcás, ba ghnách le níos mó babaithe agus daoine os cionn 60 bliain d’aois bás a fháil. Ach sa lá atá inniu ann, tá vacsaíní agus cúram leighis níos fearr ar fáil againn ná mar a bhíodh roimhe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ár seantuismitheoirí agus seanóirí ag caitheamh níos mó ama linn, rud atá go hiontach! 


Ach, cad é an difear a dhéanann na figiúirí seo, a deir tú. Bhuel, mar thoradh ar na hathruithe seo, tá daonra na tíre ag dul anonn in aois. Mar shampla: Faoin bhliain 2057 (nuair a bheidh sibhse in bhur ndaoine fásta), beidh duine amháin as gach triúr sa tír 60 bliain d’aois nó níos sine! 


Ar a bharr sin arís, beidh thart faoi mhilliún duine os cionn 80 bliain d’aois. (Síleann na heolaithe go mbeidh idir 7.5 agus 8 milliún duine ina gcónaí sa tír faoin am sin.) Mar sin, is grúpa an-mhór iad na seanóirí amach as an daonra iomlán. Ar ndóigh, beidh tionchar suntasach ag na huimhreacha sin ar an tsochaí.


Síleann na heolaithe go leanfaidh an daonra sna 26 Chontae de bheith ag fás, ach a mhalairt de scéal a tharlóidh sna 6 Chontae. Faoin bhliain seo chugainn, 2027, beidh níos mó daoine os cionn 65 beo sa Tuaisceart ná mar atá páistí ann!    


Cé go gcluintear ar an nuacht ó am go ham go bhfuil an daonra atá ag dul anonn in aois ina ‘ualach’ ar an tír, níl sé sin fíor. Déanann daoine scothaosta go leor rudaí tábhachtacha, cosúil le hobair dheonach, cúram a thabhairt do dhaoine eile, nó fiú a bheith ag obair go fóill


Mar sin féin, caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an tír réidh agus smaoineamh níos mó faoi na riachtanais a bhíonn ag na seanóirí nach mbíonn ag an mhuintir óga. Mar shampla, is féidir deacrachtaí a bheith ag seandaoine staighre agus céimeanna a dhreapadh, nó carr a thiomáint, srl. 


Beidh orainn smaoineamh ar bhealaí le tacaíocht a thabhairt do gach duine, óg agus aosta, le go mbeidh ár dtír ina háit níos fearr do gach glúin - idir shean agus óg! 


Ceisteanna Tuisceana 

  1. Cad is ciall leis an fhocal "daonra"?
  2. Cad chuige ar fhan líon na ndaoine in Éirinn go measartha seasmhach ar feadh cuid mhór den fhichiú haois (1900 - 1999)?
  3. Luaigh dhá áit ar imigh daoine óga ó Éirinn chucu idir na 1920idí agus na 1990idí agus iad ar lorg oibre.
  4. Cén fáth a bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide sa lá atá inniu ann, dar leis an alt?
  5. Faoin bhliain 2057, cén codán den daonra a bheidh 60 bliain d’aois nó níos sine?
  6. Cá mhéad duine a bheidh os cionn 80 bliain d’aois faoin bhliain 2057, de réir na n-eolaithe?
  7. Cad é an scéal difriúil a tharlóidh i dTuaisceart Éireann (na 6 Chontae) ar an bhliain seo chugainn maidir le daonra na bpáistí agus na ndaoine atá os cionn 65?
  8. Cé go gcluintear ar an nuacht gur "ualach" é an daonra atá ag dul anonn in aois, luaigh dhá rud thábhachtacha a dhéanann daoine scothaosta don tír.
  9. Tabhair dhá shampla de dhúshláin (deacrachtaí) a thiocfadh a bheith ag seandaoine nach mbíonn ag daoine óga.
  10. Cad é an sprioc atá luaite ag deireadh an ailt le go mbeadh ár dtír ina háit níos fearr do gach glúin?


Le plé agus le déanamh

  • Taighde:

Déan taighde ar cheann amháin de na tíortha atá luaite san alt (Meiriceá, an Astráil, nó Sasana) mar áit ar imigh Éireannaigh óga ar lorg oibre.

Sprioc: Cruthaigh póstaer nó cur i láthair gairid (3-5 sleamhnán) a thaispeánann an fáth a raibh ar dhaoine dul go dtí an tír sin ag an am, agus cad iad na cineálacha oibre a bhí ar fáil ann dóibh.

  • Agallamh:

Cuir agallamh ar do sheantuismitheoirí, nó ar dhuine scothaosta eile atá ar aithne agat, faoina saol nuair a bhí siad óg.

Sprioc: Bailigh eolas faoi na hathruithe atá feicthe acu sa tír ó thaobh cúram sláinte, oibre, agus an dóigh ar athraigh an daonra de. Scríobh síos 3-5 fhíric a d'fhoghlaim tú a chuireann leis an eolas san alt.

  • Fadhbréiteach:

Tugann an t-alt le fios go gcaithfear an tír a ullmhú chun tacaíocht a thabhairt do gach duine, óg agus aosta.

Sprioc: Tarraing nó dear plean do theach, d’ionad pobail, nó do pháirc phoiblí a bheadh oiriúnach do gach duine "idir shean agus óg". Cuir lipéid ar na gnéithe a chuidíonn le seandaoine (m.sh., ráillí, fánaí in ionad céimeanna) agus ar na gnéithe a chuidíonn le páistí agus daoine óga (m.sh., spásanna súgartha, Wi-Fi).

  • Tuairimíocht:

Déan plé ranga ar an ráiteas san alt go gcluintear ar an nuacht gur "ualach" é an daonra atá ag dul anonn in aois.

Sprioc: Mar chuid den díospóireacht, an féidir libh teacht aníos le liosta de phointí 'ar son' agus 'in éadan’ an ráitis).

  • Cruthaitheacht:

Samhlaigh Éire sa bhliain 2057 nuair a bheidh duine amháin as gach triúr 60 bliain d’aois nó níos sine.

Sprioc: Tarraing pictiúr nó cruthaigh scéal gairid a thaispeánann an chuma a bheidh ar an saol, ar an obair, agus ar an phobal sa bhliain sin. Tabhair teideal do do shaothar a thaispeánann an chothromaíocht idir an ghlúin óg agus an ghlúin scothaosta.


meas