Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá leaganacha difriúla den seanfhocal seo ann in áiteanna difriúla sa tír…
…ach ciallaíonn siad uilig an rud céanna, má tá sé de chlú ortsa go n-éiríonn tú go luath de ghnáth, ní thabharfaidh duine ar bith faoi deara má sciobann tú uair an chloig, nó dhó, sa bhreis i do leaba! Sílfidh siad go bhfuil tú i do shuí!
Agus, is seanfhocal iontach fóirsteanach é seo inniu, ós rud é go mbeidh na cloig uilig ag dul chun tosaigh arú amárach. Nó beidh uair an chloig níos lú sa leaba againn maidin Dé Domhnaigh – beidh go leor daoine ag iarraidh uair a chloig sa bhreis a sciobadh!
Beidh go leor daoine míshásta an deireadh seachtaine seo agus uair an chloig níos lú sa leaba acu!
Le fírinne, tá ciall níos leithne ag baint leis an seanfhocal seo a bhaineann le dea-chlú a bheith ort, ar bhealach níos ginearálta. Go bunúsach, má tá dea-chlú ort as rud ar bith, ní miste, má thógann tú sos, nó má bhíonn drochlá agat, ó am go chéile.

Mar shampla, má tá sé de chlú ort go ndéanann tú d’obair bhaile i rith an ama, go ndéanann tú do dhícheall i gcónaí sa rang agus go gcuireann tú iarracht mhór isteach i do chuid oibre, ní chuirfidh sé isteach ar an mhúinteoir mura mbíonn an obair bhaile istigh leat corrlá (ach amháin má tá múinteoir thar a bheith crosta agat! (ach níl, is cinnte!)).

Má bhíonn tú ann i gcónaí ag an traenáil peile agus má chleachtann tú do chuid scileanna go díograiseach sa bhaile i rith an ama, ní bheidh an cóitseálaí ró-fheargach má chailleann tú seisiún amháin.
Ar bhealach, más duine díograiseach dícheallach thú, a mhúsclaíonn go luath i gcónaí, nó a dhéanann sár-iarracht i gcónaí, tá luí isteach beag nó lá saor beag go fiú, tuillte agat ó am go chéile. D’oibrigh tú go crua leis an dea-chlú a bhaint amach, thig leat luí siar ar an chlú sin, ó am go chéile!
Má oibríonn tú go crua de ghnáth, ní dochar sos a ghlacadh ó am go chéile!
Le plé
Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar chásanna eile ina mbeadh an seanfhocal seo fóirsteanach?
An scéal a thiontú thart…
San alt seo dhírigh muid ar an taobh dearfach den seanfhocal seo. Daoine a bhfuil dea-chlú orthu mar gur daoine díograiseacha iad. Tá an dea-chlú tuillte acu agus tá muinín ag daoine astu.
Ach, an bhfuil taobh eile leis an seanfhocal seo? An mbíonn daoine ann a ligeann orthu féin gur daoine díograiseacha dícheallacha iad? Nó b’fhéidir go ndearna siad rud éigin, uair amháin, agus go luíonn siad siar ar an dea-chlú a thuill siad an t-am sin. Déanaigí plé air seo. An dtig linn an seanfhocal a úsáid sna cásanna seo?
Cluiche Beag
Tá Pádraig ag iarraidh an abhainn a thrasnú, ach caithfidh sé cuid de na focail nó frásaí ón alt seo a thomhas ar dtús. Léigh an leid agus tabhair buille faoi thuairim ar an fhocal a bheadh i gceist. Thig leat é a thriail roinnt uaireanta, ach ná lig dó titim isteach!