Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An duine thú a choinníonn súil ar an chlog? An mbíonn tú ag cuntas anuas na mbomaití go dtí go mbuaileann clog na scoile, mar shampla? Nó an duine poncúil thú a thugann fuath do dhaoine a bhíonn mall? Más ea, beidh spéis agat sa scéal seo nó táimid uilig ag dul a chailliúint uair an chloig ag an deireadh seachtaine!

Ná bí buartha faoin ‘ghadaíocht’ seo nó tarlaíonn sé gach bliain. Go deimhin, athraítear an clog dhá uair sa bhliain, téann an clog ar aghaidh san earrach agus téann sé siar san fhómhar. Is é an fáth a mbíonn seo ann ná go mbíonn sé níos dorcha sa gheimhreadh agus níos gile sa samhradh.

Mar sin de, bíonn an mhaidin iontach dorcha i lár an gheimhridh agus síleann daoine go mbíonn sé contúirteach ar dhaoine dul ar scoil agus ar obair. Sin an fáth a dtéann an clog siar san fhómhar, sa dóigh go mbíonn sé giota beag níos gile ar maidin.

Bíonn praghas le híoc as seo, áfach. Níl ach méid uaireanta geala ann sa lá, níos mó sa samhradh agus níos lú sa gheimhreadh. Má bhíonn sé geal ar maidin, caithfidh sé bheith níos dorcha sa tráthnóna. I lár an gheimhridh, éiríonn sé dorcha thart ar 4.00. Mar sin de, nuair a thagann an t-earrach, bíonn an mhaidin geal go luath agus ‘caillimid’ an uair an chloig a fuair muid san fhómhar. Agus bíonn an tráthnóna geal i bhfad níos faide.

Cad é an difear a bheas ann Dé Domhnaigh, mar sin? Más gnách leat éirí ar 8.00 ar maidin, beidh tú ag éirí ar 9.00 maidin Dé Domhnaigh mar go mbeidh uair an chloig ‘caillte’ agat. Beidh ort dul a luí uair a chloig níos luaithe nó éirí uair an chloig níos moille. Tarlóidh an t-athrú ar 12.59, go luath maidin Dé Domhnaigh. In ionad 1.00 a bheith ann, rachaidh an clog díreach ar aghaidh go dtí 2.00.

Ceisteanna:
1. Cad é a tharlóidh do na cloig ag an deireadh seachtaine?
2. Cá mhéad uair sa bhliain a athraítear an clog?
3. Cad é an chúis a n-athraítear an clog san fhómhar, dar leis an alt?
4. Cén t-am a n-éiríonn sé dorcha sa gheimhreadh, dar leis an alt?
5. Má éiríonn tú de ghnáth ar 8.00, cén t-am a bheas ann Dé Domhnaigh?
Le plé:
An rud maith é an t-athrú ama seo? Luaigh buntáiste amháin agus míbhuntáiste amháin a bhaineann leis.
Le déanamh:
Samhlaigh nár chuala tú faoin athrú ama maidin Dé Domhnaigh. Scríobh an scéal: Tá an clog athraithe ach ní chreideann tú é. Cad é mar a mhothaíonn tú? Cad é a dhéanann tú? An mothaíonn tú as áit?
Cluiche
Téann na cloig chun tosaigh san earrach – ní théann siad siad SIAR arís go dtí an fómhar, ach thig leatsa DUL SIAR AR NA CLOIG in am ar bith leis an chluiche bheag meaitseála thíos…