Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is tréimhse iontach tábhachtach do Chríostaithe í an Cháisc. Tréimhse 8 lá atá i gceist leis an tSeachtain Mhór, ag tosú le Domhnach na Pailme an Domhnach beag seo. Cé go mbíonn uibheacha Cásca agus coiníní le feiceáil an t-am seo den bhliain, tá scéal Íosa lárnach sa cheiliúradh.

Domhnach na Pailme
Tá an Cháisc measartha luath i mbliana, agus tosóidh an tSeachtain Mhór ag deireadh mhí Mhárta. Is é Domhnach na Pailme an chéad lá den tSeachtain Mhór agus, go bunúsach, insíonn sé scéal paráid mhór. Nuair a tháinig Íosa go dtí Iarúsailéim, bhí sé ag taisteal ar asal. Bhí áthas mór ar na daoine Íosa a fheiceáil agus leag siad pailmeacha ar an talamh le fáilte a chur roimhe. Beannaítear pailm ar an lá seo agus is minic a chuireann daoine in airde sa teach í.
Fuair Iúdas 30 píosa airgid as feall a dhéanamh ar Íosa
Céadaoin an Bhraith
Ciallaíonn an focal ‘brath’ feall a dhéanamh ar dhuine. Sa chás seo, rinne Iúdas feall ar Íosa. Shíl gach duine gur cara le hÍosa é Iúdas ach dúirt sé leis na saighdiúirí cén áit a raibh Íosa.
An Suipéar Deireanach
Déardaoin Beannaithe
Is é seo an lá a raibh an Suipéar Deireanach ann. Bhí a fhios ag Íosa gurbh é seo an lá deireanach a mbeadh sé lena chuid cairde. Roinn sé arán agus fíon leo agus d’iarr sé orthu sin a dhéanamh i gcuimhne air nuair nach mbeadh sé ann. Seo an fáth a mbíonn comaoineach ag an aifreann agus seirbhísí Críostaí.
Céasadh Íosa
Aoine an Chéasta
Seo lá iontach brónach. Bhuail na saighdiúirí Íosa go trom agus chroch siad ar an chros é. Creideann Críostaithe go bhfuair Íosa bás an lá sin ar a son agus ar son a bpeacaí.
Chuir na saighdiúirí cloch mhór os comhair dhoras an tuama
Satharn na Seachtaine Móire
Nuair a fuair Íosa bás, cuireadh a chorp sa tuama agus cuireadh cloch mhór os comhair an dorais. Bhí eagla ar chairde Íosa an lá seo.
Ar an tríú lá, d’éirigh Íosa
Domhnach na Cásca
Go luath an mhaidin seo, tháinig cairde Íosa chuig an tuama ach ní raibh an chloch mhór os comhair an dorais a thuilleadh. Agus ní raibh corp Íosa ann ach oiread. Dúirt aingeal leo go raibh Íosa beo. Tháinig sé ar ais ó na mairbh. Thug seo dóchas do na daoine a lean é agus thóg siad creideamh nua bunaithe ar an dóchas seo.

Ceisteanna:
1. Cá huair a thosaíonn an tSeachtain Mhór?
2. Cad é mar a tháinig Íosa go dtí Iarúsailéim?
3. Cé a rinne feall ar Íosa?
4. Cén áit ar cuireadh Íosa nuair a fuair sé bás?
5. Cad é a thug dóchas do chairde Íosa?
Le déanamh:
Cuir na laethanta seo san ord ceart. Más maith leat, déan pictiúr beag do gach lá.
• Aoine an Chéasta
• Domhnach na Cásca
• Déardaoin Beannaithe
• Domhnach na Pailme
• Satharn na Seachtaine Móire
• Céadaoin an Bhraith
Samhlaigh gur cara Íosa thú le linn na Seachtaine Móire. Scríobh faoi na rudaí a rinne tú agus cad é mar a mhothaigh tú gach lá.