Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Go minic, ní bhíonn spéis ag daoine óga sa pholaitíocht. Deir siad go bhfuil an pholaitíocht leamh leadránach agus nach mbaineann sí leo. Ach tá seans ann go mbeidh an scéal sin ag athrú, i dtuaisceart na tíre, ar a laghad.
In amanna, síleann daoine óga go bhfuil an pholaitíocht leadránach agus nach mbaineann sé leo féin
Tá seachtain speisialta ann sa Tuaisceart an tseachtain seo darb ainm Seachtain ‘Fáilte chuig do Vóta’. Tá an tseachtain seo ann mar go mbeidh athrú ag tarlú sa pholaitíocht sa Tuaisceart. Den chéad uair riamh, beidh cead ag daoine 16 bliana d’aois vóta a chaitheamh sna toghcháin.
An aidhm atá ag ‘Seachtain Fáilte chuig do Vóta’ ná daoine óga a chur a smaoineamh faoin vótáil agus faoin dóigh a bhfuil sé tábhachtach go n-éistear le guth gach duine
Cad é an rud vótáil?
Déanaimid vótáil nuair is mian linn ról a bheith ag gach duine nuair atá cinneadh le déanamh, le go n-éistear le guth gach duine. Is cinnte gur chaith sibh féin vóta roimhe seo:
🙋 Vóta sa teach leis an scannán teaghlaigh a roghnú oíche Aoine?
🙋 Vóta sa rang, b’fhéidir, le gníomhaíocht spraíúil a roghnú?
🙋 Vóta i measc cairde leis an chluiche a imreoidh sibh a roghnú?
An raibh vóta agaibhse ar scoil riamh?
Daonlathas
Sa chuid is mó den domhan, caitheann daoine vótaí leis an ‘rialtas’ ina dtír féin a roghnú. Tugaimid daonlathas air seo mar gurb iad na daoine (daon=daoine) atá i gceannas (flaitheas=i gceannas).
Ciallaíonn daonlathas go mbíonn guth gach aon duine tábhachtach
Toghchán
Sna tíortha daonlathacha, bíonn toghchán ann gach cúpla bliain. Seo nuair a thagann gach duine amach ag an am céanna le vóta a chaitheamh. Tagann an focal toghchán ón bhriathar togh, rud a chiallaíonn roghnaigh.
Tagann gach duine amach le vóta a chaitheamh nuair a bhíonn toghchán ann
Deir na polaiteoirí cad iad na polasaithe atá acu. Tá polasaithe cosúil le gealltanais. Mar shampla – ba mhaith liom bóithre níos fearr a bheith ann; nó ba mhaith liom níos mó ospidéal a bheith ann. Ansin, nuair a bhíonn toghchán ann, caitheann na daoine vóta do na polaiteoirí is fearr leo (agus a bhfuil na polasaithe is fearr acu).
Vótálann tú don pháirtí polaitíochta nó don pháirtí is mó a thaitníonn leat
Aois vótála a ísliú go 16
Faoi láthair in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, caithfidh tú bheith 18 le vóta a chaitheamh. Tá tuaisceart na tíre mar chuid den Ríocht Aontaithe (RA), ar ndóigh.
Gheall Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain go ligfeadh siad do dhaoine óga 16 bliana d’aois vóta a bheith acu
Ach ceann de na polasaithe a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre roimh an toghchán deireanach sa RA ná an aois vótála a ísliú go dtí 16. Bhain siad an toghchán agus anois, caithfidh siad cloí lena ngealltanas agus an aois vótála a ísliú. Síleann siad go gcuirfidh daoine óga níos mó spéise sa pholaitíocht agus sa dóigh a rialaítear an tír má bhíonn cead acu vótáil. Agus, má bhíonn sé de nós ag daoine teacht amach le vóta a chaitheamh agus iad óg, tiocfaidh siad amach go fóill le vóta a chaitheamh agus iad níos sine.

Tá caint ann le fada faoin ísliú céanna a dhéanamh i ndeisceart na tíre ach ní bheidh sé chomh héasca céanna an dlí a athrú. Mar sin, beidh ar pháistí an deiscirt fanacht tamall eile (go mbeidh siad 18 mbliana d’aois) lena vóta a chaitheamh.
Sa tuaisceart, áfach, beidh ar na polaiteoirí smaoineamh níos mó ar dhaoine óga nuair a bhíonn siad ag cumadh na bpolasaithe s’acu, más mian leo vótaí a fháil uathu. Beidh orthu smaoineamh ar rudaí atá tábhachtach i saol na ndaoine óga agus a dhéanfaidh difear dá saol. Beidh sé sin suimiúil…
Ceisteanna le freagairt
CEIST BHÓNAIS – thig libh an ceann seo a oibriú amach mar rang
(Ní bheidh duais ann ach tugaigí bualadh bos speisialta daoibh féin má fhaigheann sibh an freagra ceart!)
Ciallaíonn daonlathas go bhfuil an chumhacht ag na daoine ar fad mar go dtagann siad le chéile le vóta a chaitheamh agus leis an rialtas a roghnú.
Faigh foclóir (nó cliceáil ar ‘ceangail leis an fhoclóir’ ag barr an leathanaigh). Cuardaigh na focail uathúil agus uatha. Anois, cén sórt córas polaitíochta a bheadh i gceist leis an uathlathas, dar libh?
Le plé
🗳️ An ndearna tusa vótáil riamh? Cad iad na roghanna a bhí ann agus cad é a roghnaigh tusa?
🗳️ An síleann tú gur smaoineamh maith é an aois vótála a ísliú go 16? An bhfuil déagóirí 16 bliana ciallmhar go leor leis an rialtas a roghnú? Ar cheart an aois vótála a ísliú i ndeisceart na tíre chomh maith? Mínigh do fhreagra.
🗳️ Cad iad na rudaí a d’fhéadfadh polaiteoirí a dhéanamh le saol daoine óga a fheabhsú?
🗳️ Samhlaigh gur polaiteoir thusa. Cad iad na polasaithe atá agat agus cén fáth ar cheart do dhaoine vóta a chaitheamh duit?