Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Amárach Lá Domhanda na Leabhar. Is lá speisialta é seo a thugann deis dúinn uilig leabhair agus draíocht na scéalta a cheiliúradh. Má bhíonn leabhar agat, thiocfadh leat taisteal isteach sa spás, dul faoin fharraige, bualadh le dragain, bheith i do bhleachtaire nó fiú cuidiú le sárlaoch. Níl de dhíth ort ach an leabhar agus do shamhlaíocht!

Bíonn Lá Domhanda na Leabhar ar siúl in Éirinn ar an chéad Déardaoin de mhí Mhárta. Ba iad na Náisiúin Aontaithe a chuir tús leis an lá sa bhliain 1995 leis an léamh a chur chun cinn ach bíonn dátaí difriúla ag tíortha eile. San iomlán, ceiliúrann tuilleadh agus 100 tír an lá. Spreagann sé daoine óga le bheith ag léamh ar mhaithe le pléisiúr. Tá an léamh ar cheann de na scileanna is tábhachtaí ar scoil, agus má bhaineann tú sult as, beidh sé níos fusa dul chun cinn a dhéanamh.

Bíonn gach duine difriúil. Cuid acu, is maith leo leabhar mór fada a léamh, cuid eile, is fearr leo scéalta gairide. Tá dúil ag daoine eile sna greannáin nó, fiú, sna ríomhleabhair is féidir a léamh ar do guthán nó ar tháibléad. Is féidir éisteacht le closleabhar nó fiú le duine ag léamh scéil. Tá an oiread sin dóigheanna le sult a bhaint as leabhar!

Nuair a osclaíonn tú leabhar, cibé dóigh a ndéanann tú é, osclaíonn tú domhan nua agus foghlaimíonn tú rudaí nua. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé linn daoine eile a thuiscint má fheicimid cén cineál saoil a bhí acu.

Bíonn go leor dóigheanna ann leis an lá a cheiliúradh ach i gcónaí, bíonn an léamh lárnach, ar ndóigh. Rud amháin a thaitníonn lena lán páistí ná gléasadh suas mar charachtar ón leabhar is fearr leo agus an leabhar sin a léamh. Nó, in amanna, caitheann páistí pitseámaí, nuair a léann siad an leabhar, cosúil le bheith ag léamh sa leaba. Cibé dóigh a gceiliúrann tú an lá, bí cinnte go bhfaigheann tú leabhar maith agus bain sult as!

Ceisteanna:
1. Cé a chuir tús le Lá Domhanda na Leabhar sa bhliain 1995?
2. Luaigh 3 chineál leabhar atá luaite san alt.
3. Cad é an rud é ‘closleabhar’?
4. Cén dóigh a gcuidíonn leabhar linn daoine eile a thuiscint?
5. Luaigh 2 bhealach ar féidir an lá a cheiliúradh.
Le plé:
Cén sórt leabhair is fearr leis an rang? Mistéir, scéal eachtraíochta, scéal faoi ainmhithe, ficsean eolaíochta, tá a lán sórt leabhar ann. Scríobh gach duine an sórt is fearr leo agus cad chuige. Is féidir vóta a dhéanamh sa rang agus na 3 shórt is fearr leis an rang a fháil amach.
An fearr leat leabhar páipéir nó ríomhleabhar? Tabhair cúiseanna.
Don mhúinteoir:
Tá áiseanna ar fáil ar shuíomh Lá Domhanda na Leabhar.