Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Sa gheimhreadh, eiríonn an aimsir níos fuaire agus ní bhíonn cuid mhór bia ar fáil do na hainmhithe.

Mar sin de, déanann na hainmhithe difriúla rudaí éagsúla le cuidiú leo maireachtáil tríd an gheimhreadh. Mar shampla, imíonn cuid de na héin thar sáile go dtí tíortha eile atá níos teo. Fanann siad ansin don gheimhreadh. Ansin, tagann siad ar ais go hÉirinn san earrach.

Nuair a imíonn ainmhí chuig áit eile i bhfad ar shiúl, tugaimid imirce air sin. Seo cuid de na héin a dhéanann imirce, nó a imíonn don gheimhreadh:
An Chuach

An Fháinleog

agus an Gabhlán Gaoithe

Ach, ní féidir le gach ainmhí eitilt thar sáile go dtí tír eile. Mar sin, geimhríonn cuid de na hainmhithe eile. Ciallaíonn sé seo go dtéann na hainmhithe sin a chodladh ar feadh tamall iontach fada. Nuair a éiríonn an aimsir fuar, cuardaíonn siad áit atá compordach agus sábháilte le dul i bhfolach ann.
(Seo áit dheas atá compordach agus sábháilte d'ainmhí beag - pic le Roy Hinchliffe trí Shutterstock)
Nuair a thagann an t-earrach agus nuair a éiríonn an aimsir níos teo, músclaíonn na hainmhithe sin agus tagann siad amach arís.

Cad iad na hainmhithe in Éirinn a dhéanann codladh i rith an gheimhridh?
An Ghráinneog
Déanann na gráinneoga iad féin go compordach sna duilleoga le dul a chodladh don gheimhreadh.

In amanna, téann siad isteach faoi bhotháin. SSSS! ? B’fhéidir go bhfuil gráinneog ina codladh faoi bhothán i do scoil...

An Frog
Téann cuid froganna a chodladh don gheimhreadh sa chlábar ag bun locháin bhig. Is maith le cuid froganna eile geimhriú a dhéanamh faoi na duilleoga nó faoi na clocha in aice le sruthán.

An Sciathán Leathair
Déanann na sciatháin leathair geimhriú fosta. Is maith leo dul a chodladh faoi shean-droichid, nó i bpluais, nó san áiléar i dteach.

Ceisteanna
4. Cá dtéann an ghráinneog a chodladh?
5. Cén áit ina mbeadh frog i bhfolach sa gheimhreadh?
6. An ndéanann sciathán leathair imirce, nó an ndéanann sé geimhriú?
Le plé nó le déanamh