Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ba dhuine an-tábhachtach i stair na hÉireann í Gráinne Mhaol. Bhí sí beo le linn an 16ú haois agus cuimhníonn daoine uirthi mar cheannaire cróga, mar mhairnéalach agus mar thaiscéalaí as iarthar na hÉireann.
(Dealbh de Ghráinne Mhaol Ní Mháille i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo - pic le Suzanne Mischyshyn trí wikimedia Commons CC BY-SA 2.0)
Rugadh Gráinne thart ar 1530 i gContae Mhaigh Eo. Ba mhinic a chuaigh a hathair amach ar an fharraige ag tráchtáil agus ba bhreá le Gráinne dul leis. Ní raibh cead ag cailíní ná mná a bheith ina mairnéalaigh ag an am sin agus deirtear gur ghearr Gráinne a cuid gruaige go han-ghairid le go mbeadh sí ábalta dul ar an long, agus í gléasta mar bhuachaill. Sin an fáth ar tugadh an leasainm “Gráinne Mhaol” uirthi.

De réir mar a d’fhás sí aníos, d’éirigh Gráinne an-oilte mar mhairnéalach agus mar cheannaire. Cheannaigh sí longa dá cuid féin agus, thar am, d’éirigh léi bheith i mbun cuid de na pasáistí tráchtála ar chósta thiar na hÉireann. Chosain sí a cuid tailte agus na daoine a bhí ina gcónaí orthu ó naimhde. Chonacthas do chuid daoine go raibh sí mar a bheadh foghlaí mara ann. Ach dar le daoine eile go raibh sí ina ceannaire maith a bhailigh cáin ó dhaoine agus a chosain iad agus a cuid tailte.

Le linn shaol Ghráinne, bhí na Sasanaigh i réim in Éirinn ach is í an Ghaeilge a labhair Gráinne agus na Gaeil ar fad. Ba mhinic a raibh argóintí ag Gráinne le hoifigigh Shasanacha mar gheall ar na rialacha míchothroma Gallda a bhí curtha ar mhuintir na tíre seo.

I 1593 sheol Gráinne go Sasana le bualadh leis an bhanríon Shasanach - Eilís I. Níor umhlaigh Gráinne roimh an bhanríon Eilís I mar gur dhúirt Gráinne gur Taoiseach í féin agus go raibh a teaghlach agus a dúchas níos sine agus níos saibhre ná mar a bhí Eilís. Is i Laidin a labhair an bheirt bhan. (Ba bhean oilte í Gráinne agus bhí an Laidin ar a toil aici.) Labhair siad mar dhaoine chomhionanna agus d’éirigh le Gráinne giota cothromaíochta a fháil dá teaghlach agus dá muintir ó Eilís.

Ní raibh eagla ar Ghráinne rialacha an ama sin a bhriseadh mar níor dhlíthe Gaelacha iad. Bhí sí i gceannas ar lear mór fear agus ghlac chun troda iad. Sheol sí thart ar an chósta stoirmiúil thiar d’ainneoin na gcontúirtí. Bhí sí an-eolach ar chúrsaí na farraige, cúrsaí trádála agus cúrsaí ceannaireachta. Mhair sí de réir a rialacha féin, d’ainneoin go raibh Sasana ag éirí bheith i réim ar an tír seo ag an am. Sa lá inniu, bíonn daoine ag cuimhneamh uirthi mar bhean chliste a léirigh misneach, neamhspleáchas agus ceannaireacht.

Léiríonn a scéal gur féidir gach bac a sharú le crógacht agus le diongbháilteacht, má chreideann tú ionat féin agus sa chumhacht atá istigh ionat.
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh
1. Iontráil dialainne: Samhlaigh gur mairnéalach thú ar cheann de longa Ghráinne Mhaol. Scríobh iontráil dialainne faoi lá amháin ar an fharraige stoirmiúil amach ó chósta Mhaigh Eo.
2. Díospóireacht: Laoch nó Foghlaí Mara?
Roinn an rang ina dhá ngrúpa agus bíodh díospóireacht agaibh. An laoch agus ceannaire iontach a bhí i nGráinne, a chosain a muintir, nó an foghlaí mara a bhí inti a bhris na dlíthe?
3. Taighde agus Dearadh: Suaitheantas an Teaghlaigh
Dúirt Gráinne go raibh a teaghlach níos sine agus níos saibhre ná teaghlach na banríona. Déan taighde ar shuaitheantas mhuintir Uí Mháille. Tarraing do leagan féin de agus mínigh na siombailí atá air.
4. Agallamh / Rólimirt
Cum rólimirtí ina gcuireann dalta amháin agallamh ar dhalta eile mar charachtair ón téacs seo thuas (mar shampla: Gráinne Mhaol, duine dá saighdiúirí, Eilís I).
5. Tarraing ‘léarscáil scéil’ nó stiallchartún le saol Ghráinne Mhaol a thaispeáint. Úsáid na mionteidil seo le cuidiú leat:-