Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bíonn sé deacair, in amanna, na gráinneoga a fheiceáil. Is ainmhithe cúthaile iad nach dtagann amach, de ghnáth, ach san oíche. Thig leo rith go gasta agus dul i bhfolach go furasta. Agus, ar an drochuair, tá líon na ngráinneog ag titim go mór. Mar sin de, tá daoine in Éirinn ag iarraidh cuidiú leis na gráinneoga.
Tá coilg ar an ghráinneog agus thig léi meall nó liathróid a dhéanamh di féin
An tseachtain seo a chuaigh thart, cuireadh grúpa nua ar bun, Caomhnú Gráinneog Éireann nó Hedgehog Conservation Ireland. Is é is aidhm leis an ghrúpa ná daoine a spreagadh le haire a thabhairt do na gráinneoga atá ina gcónaí ina aice leo féin.
Is maith leis na gráinneoga talamh ina bhfuil go leor plandaí, gairdíní, ar ndóigh, agus coillte chomh maith. Itheann siad feithidí mar chiaróga agus mílechosacha mar aon le cruimheanna, péisteanna agus seilidí. Mura mbíonn na rudaí seo ar fáil, íosfaidh siad torthaí a thiteann nó fiú ainmhithe beaga.
Mílechosach
Tháinig titim thubaisteach ar líon na ngráinneog in Éirinn, idir 30 agus 75% de thitim in áiteanna, ón bhliain 2000. Beidh an grúpa seo ag caint le feirmeoirí, daoine atá i mbun páirceanna agus gairdíní poiblí agus leis an Rialtas. Ach is féidir linne rudaí a dhéanamh a chuideoidh le gráinneoga.

Déanann gráinneoga cuid mhaith siúil agus iad ag lorg bia, idir 1-2km san oíche. Má bhíonn sconsa thart ar an ghairdín, ní bheidh na gráinneoga ábalta dul isteach ann nó dul chuig gairdíní eile. Is féidir poill, thart ar 13cm faoi 13cm a dhéanamh sa sconsa le go mbeidh na gráinneoga ábalta dul ó ghairdín go gairdín. Cuidíonn coirnéal ‘fiáin’ sa ghairdín leis na gráinneoga, go háirithe má bhíonn duilleoga agus píosaí adhmaid ann. Is féidir uisce a chur amach do na gráinneoga chomh maith. Agus ná déan dearmad a sheiceáil nach bhfuil gráinneoga ina gcodladh sna duilleoga má chaitheann tú sa bhosca bruscair iad!
Gráinneog i bhfolach
Ceisteanna:
1. Cá huair a thagann an ghráinneog amach, de ghnáth?
2. Cad é an t-ainm atá ar an ghrúpa nua atá luaite sa téacs?
3. Luaigh trí rud a itheann gráinneoga.
4. Cad chuige a mbíonn sé deacair gráinneoga a fheiceáil? Tabhair dhá chúis.
5. Cé chomh fada a shiúlann gráinneoga san oíche?
Le déanamh:
Déan sceitse de ghairdín atá cairdiúil do na gráinneoga. Déan cinnte de go bhfuil na rudaí seo agat:
• Poll sa sconsa
• Coirnéal fiáin le duilleoga
• Uisce do na gráinneoga
• Áit a dtiocfadh leis na gráinneoga dul i bhfolach ann.