Cuidiú le Comórtas an Tuairisceora Scoile

Déardaoin, an 19ú Feabhra 2026


A chairde, ar chuala sibh go bhfuil comórtas ar siúl againn faoi láthair ar Nuacht Anois? Chuir muid in iúl daoibh faoi san alt seo.

Tá Comórtas an Tuairisceora Scoile ar oscailt ó thús mhí Feabhra go dtí an 27ú lá de mhí an Mhárta.

Tugann sin go leor ama daoibh:

➡️ smaoineamh ar ábhar,

➡️ pleanail a dhéanamh,

➡️ alt a scríobh,

➡️ profléamh agus ceartú a dhéanamh air,

➡️ agus é a sheoladh isteach chugainn.


Mar sin de, a chairde, scríobhaigí libh! Táimid ag dúil go mór le bhur dtuairiscí a léamh. Ná déanaigí dearmad go mbeidh duais (nó duaiseanna) ann don tuairisc (nó na tuairiscí) is fearr. 


Más maith libh tabhairt faoin chomórtas seo, tá físeán curtha le chéile againn le treoir a thabhairt daoibh. Is físeán é seo a rinne muid le cuidiú ó dhaltaí i nGaelscoil na bhFál, Béal Feirste, ar an bhealach le tuairisc iontach a scríobh. 

Seolaigí bhur dtuairiscí isteach chugainn trí ríomhphost: eolas@leighanois.com 

(Ba mhaith le Nuacht Anois ár mbuíochas a ghábháil le Seán agus daltaí Rang 6 i nGaelscoil na bhFál a chuidigh go mór linn an obair seo a eiseamláiriú.)



meas