Céadaoin an Luaithrigh 2026

Dé Céadaoin, an 18ú Feabhra 2026


Ar thug tú faoi deara go bhfuil daoine ag siúl thart agus marc dubh ar a n-éadan inniu? Má tá marc ort féin, beidh a fhios agat cad é atá i gceist! Inniu Céadaoin an Luaithrigh agus luaithreach atá sa mharc dhubh. Is lá speisialta í Céadaoin an Luaithrigh a chuireann tús leis an Charghas.

Tréimhse thábhachtach do Chríostaithe atá sa Charghas. Léimid sa Bhíobla gur chaith Íosa 40 lá san fhásach. Gach lá den 40 lá sin, rinne Íosa troscadh agus gach lá bhí an diabhal ag cur cathú air. Ach níor ghéill Íosa.

Ar an dóigh chéanna, déanann Críostaithe iarracht gan géilleadh don chathú. Mar shampla, is minic a éiríonn daoine as rud éigin a thaitníonn leo, seacláid, mar shampla, nó brioscaí. Nó éiríonn siad as gníomhaíocht a thaitníonn leo, imirt cluichí ríomhaire nó fiú amharc ar an teilifís. Deir Críostaithe nach drochrud é seo nó tugann sé seans dúinn smaoineamh ar an saol s’againn. Agus ní gá éirí as rudaí, thiocfadh linn iarracht a dhéanamh bheith deas le daoine eile nó cuidiú le daoine a bhfuil cuidiú de dhíth orthu.

Ní Críostaithe amháin a bheas ag cur tús le staonadh. An tseachtain seo, tosaíonn Ramadan, tréimhse bheannaithe ag Moslamaigh. Mar an gcéanna le Críostaithe, déanann siad iarracht cuidiú le daoine eile ach tá difear beag ann. Níl cead ag Moslamaigh fhásta rud ar bith a ithe ná a ól ó éirí na gréine go dtí luí na gréine! Ní bhíonn rialacha Ramadan chomh dian ar pháistí, áfach, ach thig leo leath lae gan bhia a dhéanamh nó b’fhéidir gan lón a bheith acu.

Moslamaigh ag ithe i ndiaidh luí na gréine

Úsáideann an dá dhream an séasúr seo le fás go spioradálta agus iarracht a dhéanamh teacht níos cóngaraí do Dhia. Ag deireadh an tséasúir, bíonn ceiliúradh ann, an Cháisc ag Críostaithe, agus Eid-al-Fitr ag Moslamaigh.


Ceisteanna:

1. Cén tréimhse a gcuireann Céadaoin an Luaithrigh tús leis.

2. Cá mhéad lá a chaith Íosa san fhásach?

3. Cad é an t-ainm atá ar an séasúr Moslamach a thosaíonn an tseachtain seo?

4. Cad é an rud nach bhfuil cead ag Moslamaigh a dhéanamh i rith an lae le linn Ramadan?


Le déanamh:

An bhfuil tú féin ag éirí as rud ar bith. Déan liosta de chúig rud (bianna nó gníomhaíochtaí) a mbeadh sé deacair éirí astu.


Aimsigh na focail seo sa téacs:

    • staonadh

    • cathú

Scríobh abairt nua le gach ceann acu.


Le plé:

An síleann tú go bhfuil sé níos tábhachtaí éirí as rudaí nó rudaí maithe a dhéanamh do dhaoine eile?



meas