Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ar chuala tú iomrá ar an tionscadal “Míle Glór na nÓg”? Is scéim spreagúil é atá dírithe ar dhaoine óga, cosúil leat féin, a bhfuil Gaeilge acu.

Go bunúsach, is tionscadal é Míle Glór na nÓg atá eagraithe ag Abair.ie. Déanann Abair bailiúchán ar líne d’fhuaimeanna agus labhairt na Gaeilge sna canúintí éagsúla. Agus cad chuige a ndéanann siad sin, a fhiafraíonn tú? Bhuel, úsáideann siad na fuaimeanna ar fad atá bailithe acu, mar aon leis an Intleacht Shaorga, le háiseanna agus acmhainní teicneolaíochta a fhorbairt.

Cuidíonn Abair go mór le Pobal na Gaeilge trí áiseanna a fhorbairt a chuidíonn linn. Mar shampla, ar shuíomh Abair.ie

Thig leat a fheiceáil go mbeadh na féidearthachtaí sin uilig úsáideach agus cuidiúil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, mar shampla. Ach, tá sprioc eile ag lucht Abair. Ba mhaith leo cuidiú a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas teacht a bheith acu ar an Ghaeilge fosta.
(Is féidir leis an teicneolaíocht cuidiú go mór le daoine atá faoi mhíchumas.)
Faoi láthair, is féidir le hAbair.ie cuidiú go mór leat má bhíonn deacrachtaí scríofa agus labhartha agat, mar is féidir leis an suíomh rudaí a scríobh duitse má labhraíonn tú leis, nó rudaí a léamh amach má scríobhann tú isteach ann.

Ach, más páiste thú ar scoil agus tú ag foghlaim i nGaeilge, cluinfidh tú guth duine fásta ag léamh amach do chuid focal. Mar sin, ba mhaith le hAbair cur lena gcuid teicneolaíochtaí trí ghuthanna páistí a thaifeadadh. As sin a tháinig an smaoineamh don chomórtas Míle Glór na nÓg. Sa chomórtas seo, ba mhaith leo taifeadtaí a fháil ó mhíle páiste atá idir 6-16 bliana d’aois. Beidh duaiseanna ag dul do na páistí is fearr nó is minice a dhéanann taifeadtaí.

Chomh maith leis sin, cuideoidh do ghuth le páistí eile a bhíonn ag brath ar an teicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh dóibh. Más maith leat triail a bhaint as, labhair le do mhúinteoir agus le do thuismitheoirí / caomhnóirí faoi agus amharc ar na sonraí anseo.
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh