Mura gcuireann tú san earrach, ní bhainfidh tú san fhómhar!

Dé hAoine, an 6ú Feabhra 2026


Ní bheadh a fhios agat ón aimsir, ach…tá an t-earrach linn! I bhféilire na nGael, tosaíonn an t-earrach ar Lá Fhéile Bríde, an 1ú Feabhra. San earrach, tosaíonn feirmeoirí de bheith ag déanamh réidh lena gcuid síolta a chur. Bíonn a lán oibre le déanamh, ar ndóigh, sula gcuireann tú na síolta sa talamh…

Tástálann feirmeoirí na ceimiceáin sa talamh...


Céim 1 as 5 (Svaidhpeáil →)

🧪 Tástálann tú an chré ar dtús.

Úsáideann siad meaisín a dtugtar céachta air...


Céim 2 as 5

🚜 An chéad chéim eile ná an pháirc a threabhadh.

Meaisín speisialta a bhaineann na fiailí amach...


Céim 3 as 5

🌿❌ Ansin, baineann tú na fiailí amach.

Cuireann an leasú cothaithigh isteach sa chré


Céim 4 as 5

♻️🌱 Ina dhiaidh sin, scaipeann tú leasú.

Tá meaisíní ann a chuidíonn le feirmeoirí síolta a chur...


Céim 5 as 5

🌰➡️🌱 Faoi dheireadh… thig leat na síolta a chur!

← Svaidhpeáil ar dheis agus ar chlé →


Na plandaí óga


De réir mar a éiríonn an aimsir níos teo, péacfaidh na síolta agus fásfaidh na plandaí i rith an earraigh agus i rith an tsamhraidh, go dtí go dtiocfaidh barr orthu. San fhómhar, beidh na barra seo réidh le baint. Ansin, beidh tú ábalta na barra a dhíol leis na siopaí. Beidh tú i d’fheirmeoir sásta, i ndiaidh do chuid oibre uilig!

Tugaimid barra ar na plandaí a fhásann feirmeoirí mar is gnách go mbíonn an toradh, nó an rud maith ag an bharr


Mura gcuireann tú san earrach, áfach, ní bheidh síolta ar bith ann le bheith ag fás i rith an tsamhraidh, agus ní bheidh barra ar bith le baint agat san fhómhar! (Agus is feirmeoir beag brónach a bheas ionat!)

Murar chuir tú san earrach, ní bheidh rud ar bith le baint agat san fhómhar!


Tá níos mó i gceist leis an seanfhocal seo, ar ndóigh, ná comhairle mhaith d’fheirmeoirí. Mar a bhíonn amhlaidh le gach seanfhocal, tá comhairle mhaith ann dúinn uilig!

Is cuma cén spórt nó gníomhaíocht a dhéanann tú (nó aon rud eile sa saol), mura gcuireann tú an obair isteach, ní dhéanfaidh tú dul chun cinn


Cuir an obair isteach, agus ná fág gach rud go dtí an bomaite deireanach! Má tá sprioc agat – déan an t-ullmhúchán go luath, cuir an obair chrua isteach agus gheobhaidh tú toradh maith sa deireadh! Bíonn sé seo fíor i gcuid mhór cásanna difriúla sa saol – ar scoil, sa spórt, sa cheol, agus i gcuid mhór cásanna eile – mura gcuireann tú san earrach, ní bhainfidh tú san fhómhar!


Sinéad

Cás-staidéar

Is ceoltóir í Sinéad. Is breá léi an ceol agus ba mhór léi bheith ag seinm ag Fleadh Cheoil na hÉireann, ach ní maith léi dul chuig na cleachtaí ceoil…

(Mar a tharlaíonn sé, bíonn an Fhleadh Cheoil ann i dtús an fhómhair – i mí Lúnasa. Beidh sé ann i mBéal Feirste an fómhar seo!)

Tá cleachtadh ceoil ann anocht, ach níl Sinéad ag iarraidh dul…b’fhearr léi amharc ar an teilifís.

An síleann sibh go bhfuil baint ag an seanfhocal seo le cás Shinéad? Cén fáth?


Ceisteanna Tuisceana

🌱 Cá huair a thosaíonn an t-earrach i bhféilire na nGael?

🌱 Luaigh dhá rud a chaithfidh feirmeoirí a dhéanamh sula gcuireann siad na síolta sa talamh.

🌱 Cad é a tharlaíonn do na síolta i rith an earraigh agus an tsamhraidh?

🌱 Cad é a tharlaíonn san fhómhar (má rinne an feirmeoir an obair san earrach)?

🌱 Cad é a tharlaíonn mura gcuireann tú na síolta san earrach?

🌱 Cén fáth, dar leat, a mbíonn an feirmeoir a chuir na síolta san earrach, sásta sa deireadh?

🌱 I do chuid focal féin, mínigh an chiall atá leis an seanfhocal seo.

🌱 An mbaineann an seanfhocal seo leis an fheirmeoireacht amháin? Luaigh sampla amháin ón téacs.


Cás-staidéar Shinéad

🪉 Cad é an sprioc atá ag Sinéad?

🪉 Cén fáth nach bhfuil sí ag iarraidh dul chuig an chleachtadh ceoil?

🪉 An síleann tú go n-éireoidh le Sinéad dul chuig an Fhleadh mura ndéanann sí cleachtadh go rialta? Cén fáth?

🪉 Mar rang, an dtig libh cás-staidéar eile a scríobh, bunaithe ar chás eile – ar scoil nó i saol an spóirt, mar shampla?


Machnamh

🌾 An dtig leat smaoineamh ar am i do shaol féin nuair a lean, nó nuair nár lean tú comhairle an tseanfhocail seo? Cad é a tharla?


meas