Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is planda thar a bheith tábhachtach i ndúchas na tíre seo é an cuileann. Tá cuid mhór cúiseanna leis an tábhacht stairiúil sin.

I dtús báire, is planda síorghlas é an cuileann. Mar sin, idir na duilleoga glasa agus na caora glédhearga, tógann sé ár gcroíthe le linn mhíonna dorcha an gheimhridh.

Is siombail thábhachtach i mbéaloideas na hÉireann é den bheatha, den fhadfhulaingt agus den chosaint.

Tá an-cheangal ag an chuileann le ceiliúradh na Nollag agus is minic cuileann crochta thar mhatal na tine nó thar phictiúir, srl. sa teach ag an am sin bliana. Chítear é i séipéil chomh maith. Sula raibh an oiread céanna ráchairte ar shoilsí agus ar chrainn Nollag is atá ann anois, ba mhinic nach mbeadh ach píosaí beaga cuilinn in úsáid i dtithe mar mhaisiúcháin na Nollag.

Tá baint ag an chuileann le pisreoga chomh maith. Chreid feirmeoirí gur thug an cuileann dea-ádh don fheirm agus cosaint do na beithígh le linn an gheimhridh. I gcuid ceantar tuaithe, choinnigh daoine an cuileann i bhfoirgnimh sheachtracha, cosúil le sciobóil, chun na hainmhithe a chosaint ó thinneas nó ó mhí-ádh le linn an gheimhridh.

Go traidisiúnta, níor caitheadh na píosaí cuilinn amach i ndiaidh na Nollag. Ar an ábhar gur shíl daoine go raibh an cuileann cosantach, tugadh meas air. Sa seanam, níor baineadh maisiúcháin na Nollag anuas go dtí an Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan (an 6ú lá Eanáir). Ach, leis an chuileann, coinníodh go dtí Lá Fhéile Bríde é nó fiú a fhad le Máirt na hInide agus ansin dódh sa tine é.

Fiú i ndiaidh dóibh an cuileann a dhó, chreid daoine go raibh cumhachtaí cosantacha aige go fóill, agus ba mhinic a scaip siad an luaithreach ar pháirceanna nó ar ghairdíní le cuidiú le fás sa bhliain a bhí le teacht.

In amanna eile, níor dhóigh daoine an cuileann, ach chuir siad ar ais sa talamh é le fás taobh le claí nó le crann. Chreid siad go raibh meas tuillte ag an chuileann agus go dtiocfadh an bheatha ann arís.

Ní minic a bheadh cuileann sa teach ag am ar bith eile sa bhliain, ar eagla mí-áidh. Bhain sé leis an gheimhreadh agus an aimsir dhorcha fhuar, ach go háirithe. Na laetha seo, is féidir an cuileann a chaitheamh amach leis an bhruscar nó é a chur sa mhuirín, ach leanann neart daoine na seantraidisiúin seo go fóill.
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh