Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Má tá plean maith agat agus má thosaíonn tú an rud i gceart, beidh sé i bhfad níos fusa!
Is seanfhocal iontach fóirsteanach é seo don bhliain úr. Is é an rud a chiallaíonn sé, ná go bhfuil an bealach a dtosaíonn tú píosa oibre iontach tábhachtach. Má thosaíonn tú an obair ar an bhealach cheart nó má dhéanann tú tús maith, tá sé mar a bheadh leathchuid den obair déanta agat cheana agus beidh sé i bhfad níos fusa an obair a chríochnú!
Nuair nach mbíonn ríomhaire ag obair i gceart, déanann daoine é a atosú leis an fhadhb a réiteach. Amharcann daoine ar an bhliain úr mar ‘atosú’ nó tús úr fosta!
Nuair a thagann bliain úr, smaoiníonn daoine ar thús úr. Rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil agus na drochnósanna ón bhliain roimhe a fhágáil inár ndiaidh. Sin an fáth a ndéanann daoine ‘rún na bliana úire’. Is sórt gealltanais é seo duit féin go ndéanfaidh tú rud úr i do shaol, sa bhliain úr – rud éigin a dhéanfaidh maitheas duit.
Rún na hAthbhliana – má tá sé de rún agat rud a dhéanamh, ciallaíonn sé ‘go bhfuil sé ar intinn agat’ é a dhéanamh
Ach, má tá sé de rún agatsa rud éigin úr a dhéanamh, nó tabhairt faoi rud ar bhealach úr, is fiú smaoineamh faoi agus tosú air mar is ceart. Ar an dóigh seo, beidh sé níos fusa agat cloí leis go dtí deireadh na bliana!
Bí réadúil faoi do sprioc, ná bí ag iarraidh barraíocht a dhéanamh ag an tús!
Bí réadúil faoin rún s’agat – smaoinigh ar an sprioc ba mhaith leat a bhaint amach. Is fiú sprioc chinnte a roghnú, rud éigin a bheas tú ábalta a thomhas ó sheachtain go seachtain i rith na bliana agus rud éigin a bheas tú ábalta a dhéanamh.

In áit ba mhaith liom níos mó léitheoireachta a dhéanamh – cad é faoi, caithfidh mé 10 mbomaite ag léamh sula dtéimse a luí gach oíche? Ar an dóigh seo, beidh a fhios agat gach lá go bhfuil tú ag cloí leis an sprioc s’agat. Thig leat duais a thabhairt duit féin – tráthnóna saor ag an deireadh seachtaine má chloíonn tú le do rún i rith na seachtaine!
Ná bí ag troid le do dheartháir nó do dheirfiúr!
In áit beidh mé níos cineálta – déan ar a laghad rud amháin cineálta gach lá. Déan cinnte go mbíonn gach duine páirteach sa súgradh ar scoil, cuidigh sa teach uair amháin gach lá. Gach oíche, sula dtéann tú a luí, cuir ceist ort féin…‘An raibh orm titim amach le mo dheirfiúr nó deartháir? An dtiocfadh liom cinneadh eile a dhéanamh?’ Agus an chéad lá eile, déan cinneadh níos fearr!

In áit caithfidh mé níos lú ama ar an scáileán, déan riail duit féin – gan aon am scáileáin uair an chloig sula dtéann tú a luí. Nó, tabhair teorainn ama duit féin – gan ach 1 uair an chloig a chaitheamh ar an scáileán gach lá. An chuid eile den am, thiocfadh leat leabhar a léamh nó rud éigin a chruthú – ealaín a dhéanamh nó rud éigin a thógáil le Lego, ceol nó spórt a chleachtadh. Thiocfadh leat dialann a choinneáil den mhéid a éiríonn leat a bhaint amach nuair nach bhfuil tú ag cur amú ama ar an scáileán.

In áit beidh mé níos sláintiúla – socraigh sprioc duit féin – bí ag bogadh ar feadh 15 bhomaite gach lá – go fiú taobh istigh, má bhíonn sé ag cur taobh amuigh. Do dhícheall a dhéanamh gan an traenáil spóirt a chailleadh gach seachtain. Má tá spórt nó caitheamh aimsire agat, am a chur ar leataobh gach seachtain, nó cúpla uair sa tseachtain, le scil faoi leith a chleachtadh. Déan nós leanúnach de!
Mar sin, agus muid ag socrú ar rún a dhéanfaidh maitheas dúinn don bhliain úr, ná déanaimis dearmad ar an seanfhocal, tús maith, leath na hoibre, nó má dhéanann tú tús maith, beidh sé níos fusa cloí leis na nósanna nua an chuid eile den bhliain, agus go fiú ina dhiaidh sin!
Le plé
Mar rang – smaoinígí ar shamplaí maithe eile de ‘rúin na bliana úire’ – rudaí a bheas indéanta agus a bheas sibh ábalta a thomhas gach seachtain.
