An Bhliain Úr thart ar an Domhan! 🌍🎉

Dé Máirt, an 6ú Eanáir 2026


Bliain úr mhaith daoibh! Ar fhan sibh in bhur suí leis an athbhliain a cheiliúradh? Cad é mar a chuir sibh fáilte roimh 2026? An raibh cóisir agaibh, nó tinte ealaíne?


Ní tharlaíonn an ceiliúradh ag an am céanna gach áit ar domhan…

An bhfuil a fhios agaibh nach dtosaíonn an bhliain úr ag an am céanna gach áit ar domhan?

Bíonn an domhan ag rothlú i gcónaí agus ciallaíonn sé seo nach dtosaíonn lá agus oíche ag an am céanna gach áit ar domhan – sin an fáth nach mbíonn an t-am mar an gcéanna i ngach tír

Íomhá le trekky0623, trí The Flat Earth Wiki (wiki.tfes.org) — CC BY-SA 4.0.


Oileán na Nollag – ceann de na hoileáin i gCiribeas


An chéad áit ar domhan le fáilte a chur roimh an bhliain úr ná thall san Aigéan Ciúin in áit darb ainm Ciribeas. Is grúpa d’oileáin é Ciribeas. Tá 14 uair an chloig de dhifear idir muidne agus Ciribeas. Nuair a bhí sé 10:00 AM in Éirinn ar an 31ú Nollaig, bhí meán oíche ann i gCiribeas! Mar sin, tháinig 2026 chuig Ciribeas 14 uair an chloig sular tháinig sé chugainne!

Samó Mheiriceá


Creid é nó ná creid, ach an áit dheireanach ar domhan leis an bhliain úr a cheiliúradh ná ar ghrúpa eile d’oileáin atá suite san Aigéan Ciúin fosta – ceann de na hoileáin seo ná oileán darb ainm Samó Mheiriceá. Tá siadsan 11 uair an chloig ar ár gcúl. Mar sin, nuair a bhí sé 11 a chlog ar maidin ar an 1ú Eanáir in Éirinn, bhí meán oíche ann ar Shamó Mheiriceá – 25 uair a chloig níos moille ná Ciribeas!


Tá Ciribeas agus Samó Mheiriceá iontach cóngarach dá chéile ach tá 25 uair an chloig de dhifear ama eatarthu!


Cad é mar a dhéantar an ceiliúradh?

Bíonn cóisirí ag cuid mhór daoine in áiteanna difriúla ar domhan. I roinnt mhaith cathracha agus bailte, tagann na daoine amach chuig cearnóg mhór i lár an bhaile agus bíonn tinte ealaíne ann.


Sa Spáinn…


Ceiliúradh sa Spáinn


Sa Spáinn, itheann daoine 12 fhíonchaora ag an mheán oíche, ceann amháin le gach buille den chlog, le go mbeidh ádh agus rath orthu sa 12 mhí atá rompu sa bhliain úr.


Sa tSeapáin…

Clog i dteampall in Kyoto, an tSeapáin


Sa tSeapáin, buailtear na cloigíní sna teampaill 108 uair ag an mheán oíche. Creideann na manaigh sa tSeapáin go bhfuil 108 laige ag daoine. Buaileann siad an cloigín 107 uair roimh an mheán oíche agus uair amháin i ndiaidh an mheán oíche le laigí na seanbhliana a fhágáil inár ndiaidh agus le tús úr a dhéanamh sa bhliain nua!


An Danmhairg…

Ceiliúradh sa Danmhairg


Sa Danmhairg, caitheann daoine seanphlátaí in éadan dhoras na gcairde s’acu. Mar sin, má mhúsclaíonn tú ar an 1ú Eanáir agus cuid mhór plátaí briste taobh amuigh den teach s’agat, ciallaíonn sé go bhfuil neart cairde agat!


Éire…

Is breá linn féin, in Éirinn, cóisirí agus tinte ealaíne le fáilte a chur roimh an bhliain úr. Tagann daoine amach as na tithe ar bhuille an mheán oíche agus guíonn siad athbhliain faoi mhaise ar a gcomharsana.

‘Bliain úr mhaith daoibh!’


Sa seanam, bhíodh roinnt traidisiún difriúil ag daoine le tús a chur le bliain úr agus le hOíche na Seanbhliana a cheiliúradh. I roinnt mhaith áiteanna in Éirinn, ba ghnách leo Oíche na Coda Móire a thabhairt ar Oíche na Seanbhliana nó bhíodh cuid mhór bia acu leis an oíche a cheiliúradh.

Oíche na Coda Móire


Bhíodh traidisiún eile ann a bhain le harán. Rachadh bean an tí thart ar an chistin ag bualadh na mballaí le harán! Chinnteodh sé seo go mbeadh ádh mór agus neart bia ann sa bhliain úr!


Rud eile a chreid na Gaeil ná go mbeadh an chéad chuairteoir sa teach i ndiaidh bhuille an mheán oíche iontach tábhachtach. Bheadh drochádh ann dá mba rud é gur bhean rua 👩‍🦰 an chéad duine a shiúlfadh isteach i do theach i ndiaidh an mheán oíche. Dá mba rud é gur fear dorcha é an chéad chuairteoir, bheadh an t-ádh leat an chuid eile den bhliain – agus bheadh ar an chuairteoir imeacht amach ar an doras cúil, le nach nglacfadh sé an t-ádh leis amach ar an doras tosaigh!


Is cuma cén áit a ndéantar an ceiliúradh, baineann dóchas agus tús úr leis an bhliain úr – athbhliain faoi mhaise daoibh!


Le plé

An bhfuil ‘rún na hathbhliana’ agatsa? Cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i mbliana?

Fiosraigh an clog domhanda ar leathanach tosaigh NuachtAnois agus oibrigh amach cén t-am a bhí sé in Éirinn nuair a bhí áiteanna eile ag ceiliúradh na bliana úire. 


meas