Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seans maith nach bhfaca tú suíochán eisteilgthe ag obair riamh. Agus seans maith nár mhaith leat! B’fhéidir go bhfaca tú é i scannán nuair a bhíonn eitleáin chogaidh ag troid san aer. Scaoileann eitleán amháin leis an eitleán eile agus imíonn sé síos go talamh agus é trí thine. Ach cad é a tharlóidh don phíolóta? Ag an bhomaite dheireanach, feicimid pléascadh agus imíonn an píolóta amach as an eitleán agus osclaíonn an paraisiút. Slán sábháilte.
Suíochán eisteilgthe
Tá píosa trealaimh iontach tábhachtach i gceist leis an tsábháil seo – an suíochán eisteilgthe. Bíonn suíochán eisteilgthe le fáil in eitleáin mhíleata, de ghnáth, nó is mó an seans go mbeidh siadsan i gcontúirt. Úsáideann an píolóta é le héalú ón eitleán má bhíonn an t-eitleán i dtrioblóid agus réidh leis an talamh a bhualadh. Tá meicníocht iontach cliste i gceist. Nuair a tharraingíonn an píolóta an hanla éigeandála, tarlaíonn roinnt rudaí san ord seo:
• pléascann an fhuinneog ar bharr an phíolóta ar shiúl ón eitleán
• caitear, nó teilgtear, an píolóta agus an suíochán san aer agus i bhfad ar shiúl ón eitleán
• osclaíonn an paraisiút nuair a bhíonn an píolóta fada go leor ar shiúl ón eitleán
Agus an scéal is iontaí faoin mheicníocht seo? Fear as Éirinn an té a cheap é – James Martin.

Scéal James Martin
Rugadh James Martin sa Chrois Ghearr i gContae an Dúin sa bhliain 1893. Innealtóir a bhí ann agus bhí dúil mhór aige sna heitleáin. Ba iad deartháireacha Wright a rinne an chéad eitleán sa bhliain 1903 agus ba rud úrnua iad na heitleáin agus bhí siad iontach contúirteach. Níor chuir seo bac ar James agus ghlac sé ceachtanna eitilte le Valentine Baker. D’éirigh an bheirt acu iontach mór le chéile, an oiread sin gur thosaigh siad comhlacht le chéile, an Martin-Baker Aircraft Company, sa bhliain 1934. Eitleáin a dhéanamh an príomhrud a rinne an comhlacht.

Ar an drochuair, nuair a bhí sé ag tástáil eitleáin, maraíodh Valentine i dtaisme sa bhliain 1942. Buille trom a bhí ann do James agus spreag sé é leis an eitilt a dhéanamh níos sábháilte. Ceann de na dóigheanna ná cuidiú leis an phíolóta éalú dá dtarlódh taisme. Tháinig sé ar an smaoineamh gurbh fhéidir le pléasc bheag an píolóta a bhrú amach glan ón eitleán go hiontach gasta. Bhris Martin an fhadhb síos ina codanna níos lú. Rinne sé staidéar ar na rudaí seo a leanas:
• corp an duine agus na fórsaí is féidir leis a fhulaingt sa dóigh nach ngortódh sé é
• meicníochtaí le pléascanna beaga a dhéanamh agus a smachtú
• dóigheanna le paraisiút a oscailt
• an spás taobh istigh de chró an phíolóta
Cró an phíolóta
Rinne an comhlacht tástálacha agus faoi 1946, bhí bunleagan acu agus bhí siad réidh leis an chéad tástáil a dhéanamh le duine. Duine eile as Éirinn a chuidigh leis an tástáil sin, mar a bhí, Bernard Lynch. Ní píolóta a bhí ann, ach oibrí sa chomhlacht. Is cinnte gur píosa oibre thar a bheith contúirteach a bhí roimhe! Léirigh an tástáil go dtiocfadh leo ‘eisteilgeadh’ a dhéanamh go slán. Bhí clú agus cáil ar James Martin as seo agus aithníodh é mar shaineolaí san obair seo.
Faoi dheireadh na 1940idí, cuireadh an teicneolaíocht nua i bhfeidhm go forleathan ar fud an domhain, ag tosú le haerfhórsa na Ríochta Aontaithe, an RAF. As sin amach, bhí ardmheas ar chlú an chomhlachta agus dhírigh sé ar an ‘suíochán eisteilgthe’ a dhéanamh.
Suíochán eisteilgthe de chuid chomhlacht Martin-Baker
Toradh obair James Martin
De réir mar a bhí na heitleáin ag dul níos gasta agus níos gasta, bhí gá níos mó leis an suíochán eisteilgthe seo. Nuair a cuireadh an suíochán eisteilgthe isteach in eitleáin, bhí seans i bhfad níos mó ag an phíolóta éalú dá mbeadh contúirt ann agus sábháladh beatha na mílte píolóta. Na daoine uilig a thagann slán le cuidiú suíochán eisteilgthe, deir siad gur baill iad de Chlub Martin-Baker! Is píosa trealaimh é a bhíonn i mbeagnach gach eitleán cogaidh na laethanta seo.
Eitleáin chogaidh
Ach níor stop James ná a chomhlacht ansin. Lean siad de bheith ag forbairt an tsuíocháin agus chuir siad roicéid i gcuid acu. Úsáidtear na roicéid má bhíonn taisme ag an eitleán agus é ar an talamh nó ag dul go mall. Sa lá inniu, níl gá le hanla éigeandála a thuilleadh, bíonn a fhios ag an ríomhaire ar bord go bhfuil éigeandáil ann agus teilgeann sé an suíochán go huathoibríoch.
Is iomaí onóir agus gradam a fuair an fear seo as Contae an Dúin as an obair cheannródaíoch a rinne sé le beatha daoine a shábháil. Agus tá na mílte ball den chlub buíoch as!

Ceisteanna:
1. Cad é an píosa trealaimh atá i gceist sa téacs?
2. Luaigh dhá rud a tharlaíonn i ndiaidh don phíolóta an hanla éigeandála a tharraingt.
3. Cé a cheap an suíochán eisteilgthe?
4. Cad é a tharla do Valentine Baker?
5. Cad chuige ar shocraigh Martin ar an eitilt a dhéanamh níos sábháilte?
6. Cad é an chéad aerfhórsa a d’úsáid an teicneolaíocht seo?
Le déanamh:
Scríobh abairt nua leis na focail seo a leanas:
• pléascadh
• paraisiút
• meicníochtaí
Abair gur ball thú de Chlub Martin-Baker. Scríobh litir chuig James Martin ag míniú dó cad é a tharla duit agus ag gabháil buíochais leis.
Le plé:
An mbeifeá sásta an chéad suíochán eisteilgthe a thástáil? Tabhair cúiseanna le do thuairim.
Cén dóigh a dtiocfadh leat an teicneolaíocht seo a fheabhsú. Bí cruthaitheach le do fhreagra.
Pictiúir:
Cró an phíolóta: morenovel / Shutterstock.com
Suíochán eisteilgthe Martin-Baker: CSWFoto / Shutterstock.com
Eitleáín chogaidh: HU Art and Photography / Shutterstock.com