Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ní féidir Páras a shamhlú anois gan pictiúr de Thúr Eiffel a fheiceáil. Is cuid de bhranda na cathrach é an túr clúiteach seo a rinne an t-innealtóir Gustave Eiffel. Tá sé ar na sainchomharthaí is clúití ar domhan – is ionann Túr Eiffel agus Páras i súile a lán daoine. Nuair a thiteann an dorchadas, bíonn an túr lasta ó bhun go barr go dtí 1.00 a.m. Ach nuair a tógadh é an chéad lá, shíl cuid de mhuintir Pháras gur rud gránna a bhí ann!

Stair an túir
Tógadh Túr Eiffel mar chuid lárnach den ‘Exposition Universelle’, taispeántas domhanda le héachtaí na Fraince san innealtóireacht a léiriú. Bhí sé le bheith mar chomóradh agus ceiliúradh ar Réabhlóid na Fraince, rud a tharla 100 bliain roimhe sin. Críochnaíodh tógáil Thúr Eiffel ar an 31ú Márta sa bhliain 1889. Sháraigh na tógálaithe gach curiarracht ama nuair nár ghlac siad ach 2 bhliain, 2 mhí agus 5 lá leis an túr ard a thógáil! Níor maraíodh ná níor gortaíodh duine ar bith go dona le linn na tógála, ach oiread!

Gustave Eiffel agus a chomhlacht
Innealtóir iontach a bhí in Gustave Eiffel a rinne droichid d’iarnród na Fraince. Ní heisean a chéadsmaoinigh faoin túr a bhfuil a ainm air ach daoine a bhí ag obair ina chomhlacht. Ba é an comhlacht s’aige a dhear agus a thóg an túr. Níos moille anonn, bhí lámh ag Gustave i dtógáil Dhealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac.
Gustave Eiffel
Conspóid
B’ábhar conspóideach é tógáil an túir i measc ealaíontóirí an ama sin mar gur shíl siad gur uafás gan úsáid a bheadh ann. Níor shamhlaigh siad go mbeadh innealtóirí ná ailtirí ábalta saothar ealaíne ar bith a chruthú. Ach buíochas do chrógacht agus cruthaitheacht Gustave Eiffel, thit muintir Pháras faoi dhraíocht an túir agus tháinig breis agus 2 mhilliún duine chun é a fheiceáil ina chéad bhliain. Ní raibh gach duine sásta, áfach, nó ba ghnách leis an scríbhneoir Guy de Maupassant lón a ithe gach lá i mbialann an Túir nó b’shin an t-aon áit nach dtiocfadh leis Túr Eiffel a fheiceáil!
Ní raibh an túr le fanacht ina sheasamh ró-fhada – bhí sé le leagan i ndiaidh 20 bliain. Ach chonaic daoine go raibh úsáid leis chun staidéar a dhéanamh ar an aimsir agus bhí sé tábhachtach don chumarsáid raidió a bhí ag tosú ag an am sin.
Úsáideadh a lán iarainn sa túr
Fíricí an túir
D’oibrigh thart ar 300 oibrí ar an láthair agus 150 oibrí eile ag déanamh na bpáirteanna i monarcha mar aon le 50 innealtóir agus dearthóir ag pleanáil an struchtúir. San iomlán, tá 18,038 píosa miotail sa túr, agus iad ceangailte le chéile le 2.5 milliún seam.
Ceanglaíonn seamanna píosaí miotail le chéile
Nuair a críochnaíodh é in 1889, bhí Túr Eiffel ar an fhoirgneamh is airde ar domhan. Bhí sé 312m ar airde. Níor tógadh rud ar bith níos airde go dtí an bhliain 1929, nuair a tógadh Foirgneamh Chrysler (319m) i Nua-Eabhrac. Sa lá atá inniu ann, tá Túr Eiffel níos airde arís, 330m, mar tá aeróg chumarsáide ar a bharr!
Tugann breis agus 6 mhilliún turasóir cuairt ar Thúr Eiffel gach bliain. Thig an t-ardaitheoir nó an staighre a ghlacadh chuig an dara leibhéal ach is é an t-ardaitheoir amháin a théann go dtí an 3ú leibhéal, áit a bhfaigheann tú radharc iontach ar Pháras. Tá an túr déanta as iarann agus, mar sin de, bíonn baol meirge ann. Déantar an túr a phéinteáil gach 7 mbliana nó mar sin. Cuireadh tús leis an 20ú péinteáil sa bhliain 2019.
An túr ag tús a shaoil
An túr thar na blianta
Úsáideadh an túr mar chlár fógraí don chomhlacht carranna Citroën ó 1925 go 1936. Ceanglaíodh aon cheathrú milliúin de bholgáin dhaite de phríomhchorp an túir agus nuair a d’éirigh sé dorcha, bhí gach litir den fhocal CITROËN lasta ag na bolgáin agus le feiceáil 20 míle ón túr féin.
D’eagraigh daoine áirithe éachtaí éagsúla ag an túr, mar shampla, paraisiútáil nó léimneach bhuinsí. Ach, ar an drochuair, níor tháinig siad uilig slán. In 1912, rinne an táilliúir, Franz Reichelt, iarracht eitilt i gculaith speisialta ón chéad leibhéal agus thit sé go talamh, mar a bheadh cloch ann! 14 bliana ina dhiaidh sin, maraíodh an píolóta, Léon Collet, nuair a rinne sé iarracht a eitleán a stiúradh idir chosa an túir ach phléasc sé ina chaor thine nuair a bhuail sé in éadan ceann de na cosa.

Túr Eiffel sa lá inniu
Mar a dúirt muid, tá gean ag pobal an domhain ar an túr. Bhí sé go mór le feiceáil i gCluichí Oilimpeacha 2024 agus ní féidir scannán a dhéanamh i bPáras gan cuairt a thabhairt air. Tá gean ar leith ag muintir Pháras air, ar ndóigh, agus tugann siad ‘La dame de fer’ air nó an ‘An bhean iarainn’.
Bíonn sé gaofar ag an bharr!
Cuir ort do gheansaí mór má tá tú ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt air nó bíonn sé i gcónaí gaofar ag an bharr! Tá costas 6.90 Euro ar thicéad do pháistí 4-11 dul go dtí an barr agus tá sé oscailte inniu ó 9:00 ar maidin go dtí 10:45 san oíche! Is fiú go mór dul ann!
Is laoch é anois Gustave Eiffel sa Fhrainc
Ceisteanna:
1. Cad chuige ar tógadh Túr Eiffel ar dtús?
2. Cén bhliain ar críochnaíodh Túr Eiffel?
3. Cad é a shíl ealaíontóirí an ama faoin túr?
4. Cad chuige a n-íosfadh Guy de Maupassant a lón i mbialann an túir gach lá?
5. Cé chomh minic, de ghnáth, a phéinteáiltear an túr?
6. Cad chuige a mbíonn sé gaofar ag an bharr, dar leat?
7. Cad é a chiallaíonn an leasainm ‘La dame de fer’?
8. Cá mhéad oibrí san iomlán a bhí ag obair ar an Túr Eiffel a phleanáil agus a thógáil?
9. Cá fhad a bhí Túr Eiffel ina fhoirgneamh is airde ar domhan?
10. Cé a rinne iarracht éigríonna eitleán a stiúradh idir chosa an túir?
Le plé:
Cad chuige a mbeadh an túr úsáideach chun staidéar a dhéanamh ar an aimsir, dar leat?
An síleann tú go raibh na healaíontóirí ceart nuair a dúirt siad go raibh Túr Eiffel gránna? An raibh éad orthu faoi na hinnealtóirí agus na hailtirí?
Ar cheart do thíortha eile a siombail féin den tír a bheith acu? Cad iad na buntáistí agus na dúshláin? Cad é a dhéanfá don tír seo?
Pictiúir:
Gustave Eiffel: More Than Production / Shutterstock.com