Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tuigeann sibh an focal “teach”. Ach nuair a bhímid ag caint faoi níos mó ná “teach” amháin, tugaimid “tithe” orthu. Agus nuair a bhíonn tú “sa bhaile” bíonn tú i do theach féin le do theaghlach. Mar sin, baineann “Tithe agus Bailte” leis an áit a mbíonn daoine ina gcónaí. Tá go leor tithe agus bailte difriúla ann. Ní bhíonn baile gach duine mar an gcéanna.

Tithe in Éirinn
Teach scoite
Tá tithe ann nach mbíonn ceangailte le teach ar bith eile. Bíonn siad “scoite” óna chéile. Teach scoite an t-ainm a thugaimid ar theach den chineál sin.

Teach leathscoite
Tá tithe eile ann a bhíonn ceangailte le teach eile ar thaobh amháin. Teach leathscoite an t-ainm a thugaimid ar theach mar sin.

Teach sraithe
Bíonn tithe sraithe ceangailte lena chéile ar an aon sráid amháin. Bíonn teach sraithe ceangailte le teach eile ar an dá thaobh.

Carbhán
Bíonn cuid daoine ina gcónaí i gcarbhán. Bíonn carbhán níos lú ná teach. Bíonn rothaí ar charbhán. Mar sin, is féidir é a bhogadh go furasta. Is maith le cuid daoine dul ó áit go háit ar a laethanta saoire i gcarbhán. Ar an dóigh sin, thig leo bheith “sa bhaile” go fóill agus iad in áit atá iomlán nua!

Teach soghluaiste
Bíonn teach soghluaiste rud beag cosúil le carbhán, ach ní bhíonn rothaí air. De ghnáth, bíonn na tithe seo níos mó ná carbhán, ach níos lú ná tithe eile.

Is féidir iad a bhogadh ó áit amháin go háit eile, ach, bíonn crann tógála agus leoraí mór de dhíth le hiad a thógáil. Mar sin de, fanann siad san aon áit amháin, an chuid is mó den am.
(Ní bhíonn sé furasta teach soghluaiste a bhogadh. Pic le Susan Law Cain/Shutterstock.com)
Bungaló
Bungaló an t-ainm a thugaimid ar theach nach mbíonn staighre ann. Bíonn gach seomra ar an urlár céanna. Bíonn bungaló suite ar a phíosa talaimh féin, ar shiúl ó thithe eile. Mar sin de, is ar imeall an bhaile mhóir, nó amuigh faoin tuath a bhíonn bungaló le fáil.

Teach dhá stór
Bíonn cuid daoine ina gcónaí i dteach ina bhfuil dhá urlár. Bíonn cuid de na seomraí thíos staighre agus an chuid eile thuas staighre. Teach dhá stór a thugaimid air sin.

Árasán
De ghnáth, bíonn árasán níos lú ná teach. Ar an dóigh sin, bíonn níos mó ná árasán amháin i bhfoirgneamh amháin. Is féidir cuid mhór árasán a bheith i bhfoirgneamh ilstórach. Tagann gach duine isteach tríd an doras céanna ar an bhunurlár, ach bíonn baile dá gcuid féin ag gach teaghlach taobh istigh den fhoirgneamh mhór.

Na Seomraí
Anois, amharcaimis ar na seomraí a bhíonn taobh istigh den teach.
Tugaimid an seomra leapa ar an seomra ina mbíonn an leaba. Téann tú a chodladh anseo.

An seomra suí. Seo an áit a mbíonn tú i do shuí le do theaghlach. Is minic a bhíonn daoine ag amharc ar an teilifís le chéile sa seomra seo.

An chistin. Seo an áit ina ndéanann daoine cócaireacht. (Bíonn cuid daoine ag ithe sa chistin fosta.)

An seomra bia. Má bhíonn teach measartha mór agat, b’fhéidir go mbeadh seomra bia agat ann. Is seomra é sin ina mbíonn daoine ag ithe. Bíonn tábla mór ann agus cathaoireacha thart air. Is seomra difriúil é seo ón chistin.

An seomra folctha. Bíonn leithreas agus folcadán nó cithfholcadán sa seomra seo.

An seomra súgartha. Má tá do theach measartha mór, tá seans go mbeidh seomra ar leith ann ina bhfuil na bréagáin agus na cluichí. Bíonn cead agat súgradh sa seomra seo.

Tithe eile ar fud an Domhain
Má amharcann tú ar na tithe ar do bhealach chun na scoile, tá seans maith ann go bhfuil siad cosúil lena chéile. Den chuid is mó, bíonn na tithe in Éirinn déanta as brící agus coincréit. Bíonn píosaí díobh déanta as adhmad fosta.
(brící agus coincréit)
Ach, an raibh a fhios agat nach mbíonn gach teach thart ar an domhan déanta as na hábhair seo? Amharcaimis ar thithe éagsúla ar fud an domhain.
Íoglú
Bíonn íoglú le fáil in áiteanna atá iontach fuar ar fad, mar shampla, an Ciorcal Artach (atá cóngarach don Phol Thuaidh). Bíonn íoglú déanta as brící speisialta - brící sneachta! Bíonn cruth cosúil le leathsféar ar íoglú.

Cé go mbíonn sé sioctha fuar taobh amuigh den íoglú, bíonn sé te teolaí taobh istigh. Ní chónaíonn daoine in íoglú go lán-aimseartha anois. Bíonn íoglú in úsáid nuair a bhíonn daoine ar thuras seilge, mar shampla.

Bád Cónaithe
Cónaíonn cuid daoine ar bhád. Bíonn an taobh istigh den bhád deas compordach, agus leapacha, cistin agus seomra suí ann chomh maith. Bíonn cuid de na báid seo ceangailte leis an talamh le leictreachas agus uisce a fháil.
(Bád atá ceangailte den talamh ar an abhainn Cam i Sasana. Pic le DacologyPhoto/Shutterstock.com)
Bíonn báid chónaithe eile ann a bhogann ó áit go háit. Bíonn seolta nó inneall acu le cuidiú leo turas a dhéanamh.
(Báid chónaithe ar Chósta Theas na hIndia)
Teach ar Chosa Taca
I gcuid áiteanna thart ar an domhan, tarlaíonn tuilte go minic. Mar gheall air sin, tógann daoine sna háiteanna sin tithe ar chosa taca. Ar an dóigh sin, bíonn cosaint ag an teach ón uisce nuair a ardaíonn sé. Is féidir leis na daoine seo dul ag iascaireacht gan imeacht ón teach fiú!

Teach Crainn
In áiteanna sa dufair, tógann daoine tithe go hard i measc na gcrann. Ar an bhealach sin, bíonn cosaint acu ó chuid de na hainmhithe contúirteacha a chónaíonn ar an talamh. Is feidir tuilte a tharlú ó am go chéile sa dufair fosta. Má bhíonn tú i do chónaí i dteach crainn, bíonn tú sábháilte nuair a ardaíonn an t-uisce fosta.

❓🗣️ Le plé agus le déanamh