Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Cé hiad na daoine a chuidíonn libh gach lá? Cé a chuidíonn libh ar scoil? Cé a chuidíonn libh sa phobal?

Ar scoil
Cuidíonn go leor daoine libh ar scoil gach lá. Cuirim i gcás, múinteoirí, cúntóirí ranga, glantóir na scoile agus príomhoide na scoile, ar ndóigh!
Príomhoide na scoile
Cuidíonn príomhoide na scoile libh a bheith sábháilte ar scoil. Déanann sé nó sí cinnte de go mbíonn gach rud ag feidhmiú mar is ceart sa scoil agus go mbíonn na daltaí uilig sásta. Bíonn an príomhoide i mbun na scoile.
(Bíonn oifig ag an phríomhoide.)
Múinteoirí
Cuidíonn na múinteoirí libh foghlaim sa rang.
Bíonn siad iontach smaointeach agus cairdiúil. Déanann siad ceachtanna libh gach lá. Tugann siad aire do na daltaí. Déanann siad rudaí deasa agus spraíúla libh fosta.

Cúntóirí ranga
Cuidíonn na cúntóirí ranga linn nuair a bhíonn an obair deacair. Nuair a bhíonn an múinteoir gnóthach le tasc eile, bíonn na cúntóirí ranga ann le cuidiú a thabhairt fosta. Déanann siad cinnte de go mbíonn muid uilig sásta agus sábháilte taobh amuigh sa chlós ag am sosa agus ag am lóin, chomh maith.

Glantóirí na scoile
Déanann glantóir na scoile an scoil a choinneáil glan agus slachtmhar. Nach mbíonn sé go deas teacht isteach ar scoil gach maidin agus cuma mhaith ar an áit?

Sa phobal
Cuidíonn daoine eile linn sa phobal chomh maith - dochtúirí, siopadóirí, fir/mná dóiteáin, bailitheoirí bruscair, mná/fir an phoist agus seachadóirí.
Dochtúirí
Nuair a thagann tinneas orainn, cuidíonn na dochtúirí linn. In amanna tugann siad leigheas dúinn nuair a bhímid tinn. Éisteann siad lenár gcroí le rud speisialta darb ainm steiteascóp.

Altraí
Nuair a bhíonn duine iontach tinn, téann sé / sí isteach san otharlann. Tugann altraí aire an-mhaith do na daoine atá tinn san otharlann. In amanna, tugann altraí cuairt ar an scoil le cógas a thabhairt amach do na daltaí.

Siopadóirí
Cuidíonn siopadóirí linn nuair a bhímid sa siopa. Díolann siad bia agus éadaí sna siopaí agus is féidir linn iad a cheannach ón siopadóir.

Fir/Mná Dóiteáin
Nuair a tharlaíonn tine mhór chontúirteach, cuidíonn na fir agus na mná dóiteáin leis an tine a mhúchadh. Caithfidh siad a bheith iontach cróga! Cuidíonn siad le daoine éalú nuair a bhíonn siad gafa in áit chontúirteach, chomh maith. Bíonn siad iontach láidir agus cuidiúil.

Bailitheoirí Bruscair
Tá post iontach tábhachtach ag na bailitheoirí bruscair. Cuidíonn siad linn ár gceantar a choinneáil glan. Tógann siad ár mbruscar gach seachtain agus glacann siad ar shiúil chuig an dumpa é. Gan na bailitheoirí bruscair, bheadh prácás agus boladh bréan inár gceantar.

Mná/Fir an phoist agus seachadóirí
Tá post tábhachtach eile ag na mná agus fir phoist. Glacann siad litreacha, cártaí breithlae agus bearta chuig ár dtithe beagnach gach lá. Bíonn seachadóirí ag fágáil beart chuig ár dtithe go minic, chomh maith.

Péas / Póilíní / Gardaí
Cuidíonn na Póilíní / na Gardaí linn a bheith sábháilte sa phobal. Stopann siad daoine a bhíonn ag déanamh rudaí atá mícheart. Is féidir leat cuidiú a iarraidh ar phóilín nó ar Gharda má bhíonn tú caillte. Bíonn siad ag tiomáint i gcarranna speisialta agus bíonn bonnán ar na carranna.

Tiománaithe Bus
Cuidíonn an tiománaí bus linn dul ó áit amháin go háit eile go gasta agus go sábháilte. Bíonn a lán daltaí scoile ag dul ar scoil ar bhus gach lá. Cuidíonn na tiománaithe bus leis na daltaí sin ar fad.

Ná déan dearmad “Go raibh maith agat!” a rá leis na daoine seo ar fad as an chuidiú a thugann siad dúinn, an chéad uair eile a fheicfidh tú iad.
Nach cinnte go bhfuil daoine eile ann atá iontach go deo tábhachtach inár saol agus bíonn siad ag cuidiú linn…
Sa bhaile!
Do theaghlach
Cé hiad na daoine is mó a chuidíonn leat gach lá? Ar ndóigh, is iad mamaí agus daidí, nó caomhnóirí agus seantuismitheoirí, chomh maith le deartháireacha agus deirfiúracha a bhíonn sa bhaile leat gach lá.

Cá mhéad duine atá i do theaghlach?
Tugann na daoine fásta sa bhaile bia duit agus éadaí glana. Léann siad leabhair leat agus cuidíonn siad leis an obair bhaile. Déanann siad cinnte de go mbíonn tú sábháilte agus sásta.

Le Plé nó le Déanamh