Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is léir, ón seanfhocal seo, nár athraigh ár gcuid nósanna mórán ó bhí an seanam ann. Tugann an seanfhocal seo le fios dúinn gur ghnách le daoine ceangal a dhéanamh idir an Nollaig agus ceiliúradh nó féasta mór, go díreach mar a dhéanaimidne go fóill inniu.

Ní raibh béim chomh mór céanna ar an cheiliúradh ag an Cháisc. Ba ghnách le daoine iarracht a dhéanamh éadaí nua a fháil ag an Cháisc – rud éigin a thiocfadh leo a chaitheamh chuig an Aifreann ar Dhomhnach na Cásca. Bheadh orthu na héadaí seo a choinneáil maith – agus a chaitheamh chuig an Aifreann gach Domhnach eile go dtí an chéad Domhnach Cásca eile!
Ó thaobh na Nollag de, áfach, cén mhaith culaith nua a fháil le dul ar Aifreann dá mba rud é go mbeadh aimsir fhliuch cháidheach ann taobh amuigh – b’fhearr díriú isteach ar an cheiliúradh!
Ceiliúradh na Nollag inniu, ach ní raibh na milseáin chéanna, na turcaithe ná na deochanna siúcrúla céanna acu sa seanam!
Sa seanam, ar ndóigh, bhí an chuid is mó de mhuintir na hÉireann beo bocht. Ní raibh turcaí acu, ná Shloer ná boscaí milseáin agus milseoga blasta an t-am sin! 200 bliain ó shin, ba ghnách le daoine prátaí a ithe gach uile lá – cúpla uair sa lá! Ní raibh siad cleachta le feoil a fháil ach amháin ag amanna iontach speisialta, cosúil leis an Nollaig.
“Prátaí ar maidin, prátaí um nóin
Is dá n-éireoinn istoíche
Is prátaí a gheobhainn…”
Cad é a chiallaíonn an rann seo, i do bharúil? Ar mhaith leat an aiste bia seo a bheith agat sa lá atá inniu ann?
Mura n-itheann tú ach prátaí gach lá de do shaol – is féasta ceart é nuair a fhaigheann tú rud beag feola, arán agus im!
Bhí sórt traidisiúin ann i gcuid mhaith tíortha Caitliceacha go ndéanann tú troscadh an lá roimh fhéile mhór reiligiúnach. Mar sin, bhí sé de nós ag na Gaeil iasc saillte agus prátaí a ithe mar sórt féasta beag, Oíche Nollag. Tá an nós seo go fóill beo ina lán áiteanna in oirthear na hEorpa, sa Pholainn, mar shampla, go mbíonn iasc acu Oíche Nollag.
Féasta Oíche Nollag – iasc saillte. Ní raibh cuisneoirí ag daoine sa seanam. Má stóráil tú feoil nó iasc i salann, mhair sé i bhfad níos faide.
Lá Nollag, bhí na daoine is saibhre sa tír ábalta gé a cheannach faoi choinne dhinnéar na Nollag (ní raibh turcaithe ann – is éan Meiriceánach é!). Ach don chuid is mó den tír, bhí orthu a bheith ag brath ar an mhéid bia a thiocfadh leo a fhás, a cheapadh nó a dhéanamh dóibh féin.
Gé don dinnéar – bia na ndaoine saibhre
Choinnigh a lán daoine muca. Bhí sé coitianta ag na daoine níos boichte muiceoil a ithe ag an Nollaig.
Choinnigh a lán daoine muca agus bheadh sé coitianta go leor muiceoil nó bagún a fháil Lá Nollag agus é a ithe le prátaí agus glasraí de chineál éigin – cabáiste, b’fhéidir. Bheadh siad ábalta arán a dhéanamh as coirce agus im a dhéanamh as bainne. Don duine a bheadh cleachta le prátaí a ithe gach lá eile den bhliain – is féasta ceart é muiceoil, cál, arán agus im! Agus, dá dtiocfadh leat rud beag siúcra a fháil, thiocfadh leat cáca milis a dhéanamh mar mhilseog!
Bhí sé de nós ag daoine cuidiú lena chéile ag an Nollaig fosta – má bhí go leor bia agatsa, roinn tú é leis na comharsana
Agus, mar is nós linne go fóill, bhíodh áit lárnach ag an charthanacht i gceiliúradh na Nollag. Cé go raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann bocht, thug teaghlaigh a raibh rud beag sa bhreis acu bia mar bhronntanas do dhaoine eile sa phobal nach raibh an oiread sin acu – rud beag feola, im nó bainne, b’fhéidir. Ar an dóigh sin, bhí gach duine ábalta ‘bia is deoch a bheith acu i gcomhair na Nollag!’

Le plé
Sa seanam, bhí i bhfad níos lú ag daoine ná mar atá againne inniu, ach rinne siad a ndícheall an Nollaig a dhéanamh speisialta. Cén fáth, i do bharúil?
Cén t-am den bhliain is fearr leatsa agus cad chuige?
Tá an focal carthanacht luaite san alt. Mínigh carthanacht i do chuid focal féin. Cad chuige, dar leat, a mbíonn béim mhór ar an charthanacht agus ar bheith ag cuidiú le daoine eile, um Nollaig?
