Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Bíonn cuid mhór mothúchán difriúil ag daoine. I nGaeilge, deir muid go mbíonn mothúcháin orainn.

Cosúil le do chuid éadaí, bíonn mothúchán ort ar feadh tamaill, ach ní bhíonn an mothúchán céanna ort an t-am ar fad. Is féidir lenár mothúcháin athrú i rith an lae.

Áthas / Sásta ☺️
Nuair a bhíonn áthas ort, nó, nuair a bhíonn tú sásta, bíonn aoibh an gháire ort. Mothaíonn do chorp compordach agus teolaí.

Seo í Ríoghnach. Tá áthas uirthi (tá sí sásta) mar gur thug a mamaí cúpla líreacán di.

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am ar mhothaigh tusa sásta?
Brón / Buartha ☹️
Nuair a bhíonn brón ort, nó, nuair a bhíonn tú buartha, bíonn cuma mhíshásta ort. In amanna, bíonn daoine ag caoineadh nuair a bhíonn brón orthu, nó, nuair a bhíonn siad buartha.

Seo é Dáire. Tá brón air (tá sé buartha) mar gur thit a uachtar reoite.

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am a raibh brón ort (nuair a bhí tú buartha)?
Eagla 😱
Nuair a bhíonn eagla ort, bíonn do chroí ag preabadh go gasta! Seans go mbeidh tú ag cur allais. 😥

Seo é Rónán. Tá eagla air roimh an dorchadas. Ná múch an solas, a Dhaidí!

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am a raibh eagla ort?
Fearg 😡
Nuair a bhíonn fearg ort, bíonn cuma chrosta ort. Mothaíonn tú gur mhaith leat screadach os ard agus gur mhaith leat do chosa a ghreadadh.

Seo é Fearghal. Tá fearg air mar gur bhris a dheartháir óg a bhréagán.

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am a raibh fearg ort?
Faitíos / Cúthail 🫣
Nuair a bhíonn faitíos ort (nó nuair a bhíonn tú cúthail), bíonn sé deacair labhairt le daoine. Bíonn tú neirbhíseach, nó giota beag eaglach in áit úr, nó roimh dhaoine nua.

Seo í Niamh. Tá faitíos uirthi (tá sí cúthail) mar nach bhfuil aithne aici ar dhuine ar bith ar a foireann peile nua.

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am a raibh faitíos ort féin / am a raibh tú cúthail?
Cróga 🦁
Nuair a mhothaíonn tú cróga, ní bhíonn eagla ort. Is féidir leat rud ar bith a thriail!

Seo é Naoise. Tá sé cróga mar go bhfuil sé ag dul síos sleamhnán ard.

🤔 An dtig leat smaoineamh ar am nuair a mhothaigh tú cróga?
🤔 An bhfuil tú ábalta smaoineamh ar mhothúchán ar bith eile?
Ceisteanna:
Le plé agus le déanamh