Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá obair sa siúl faoi láthair le ‘pápacharr’ de chuid an Phápa Prionsias a athrú ina otharcharr. Nuair a bheas sé réidh, cuirfear an ‘pápa-otharcharr’ go Gaza, sa Phalaistín, le cuidiú le páistí bochta sa réigiún.
An Pápa Proinsias ina ‘phápacharr’ in Eacuadór in 2015
Gach áit a dtéann Pápa, tagann na mílte mílte duine amach lena fheiceáil. Ba ghnách leis na Pápaí taisteal thart i gcarráiste ard agus capaill á tharraingt.

Carráiste a bhíodh in úsáid ag Pápaí fadó, in Iarsmalann na Vatacáine
Ach, ó bhí na 1920idí ann, thosaigh siad a úsáid gluaisteán nó trucail bheag speisialta. Bíonn cúl an ghluaisteáin seo ardaithe rud beag le go dtig leis an Phápa seasamh air, go bhfeice gach duine é. Nuair a thug an Pápa Pól VI cuairt ar Nua-Eabhrac in 1965, thug na Meiriceánaigh ‘popemobile’ ar an charr seo agus tá an leasainm sin in úsáid ar ghluaisteán an Phápa go dtí an lá inniu.
An Pápa Proinsias sa phápacharr in Washington DC, 2015
Sula bhfuair sé bás, chuaigh carthanas as an tSualainn darb ainm Caritas chuig an Phápa Proinsias. Bhí smaoineamh acu go dtiocfadh leo an pápacharr s’aige a thiontú ina otharcharr, le cuidiú leis na páistí bochta in Gaza. Síleann siad go mbeidh siad ábalta é a úsáid le cuidiú le suas le 200 páiste sa lá. Bhí Proinsias breá sásta leis an smaoineamh seo.

Bhí sé de chlú ar an Phápa Proinsias go raibh sé iontach buartha faoin mhéid atá ag tarlú sa Phalaistín, go háirithe ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2023 ann. Sin nuair a thosaigh Iosrael ar ionsaithe móra buamála a dhéanamh ar phobal Gaza, mar fhreagairt ar ionsaí eile a rinne grúpa as Gaza darb ainm Hamas. Ó shin, tá chóir a bheith gach uile scoil in Gaza scriosta ag Iosrael agus rinne siad ionsaí ar na hotharlanna go léir sa réigiún. Síleann na saineolaithe go bhfuil suas le 20,000 páiste maraithe ag Iosrael (níos mó ná 80,000 duine san iomlán), agus níos mó ná 40,000 páiste gortaithe acu go dtí seo.
Tá léirscrios déanta ag Iosrael ar Gaza ó mhí mí Dheireadh Fómhair 2023 ann
Ba ghnách leis an Phápa Proinsias scairt a chur ar an sagart Caitliceach in Gaza gach oíche lena fháil amach cad é mar a bhí ag éirí le daoine. Bhí sé buartha, go háirithe, faoin mhéid páistí agus gnáthdhaoine a bhí ag fáil bháis agus a bhí á ngortú in Gaza. Fuair an Pápa Proinsias bás ar an 21ú Aibreán, 2025. Mharaigh Iosrael an sagart, an tAthair Gabriel Romanelli, i mí Iúil 2025.
Tá beagnach gach aon scoil scriosta, scriosadh níos mó ná an leathchuid de na hotharlanna agus tá damáiste mór déanta don chuid eile
Shínigh Iosrael agus Hamas comhaontú go mbeadh sos cogaidh ann i mí Dheireadh Fómhair i mbliana, ach níor stad Iosrael de na hionsaithe. Tá páistí go fóill á ngortú sa réigiún, gach uile lá.
An cineál cuma a bheas ar an otharcharr?
Ní mórán é an 200 páiste sa lá a mbeidh an t-otharcharr ábalta cuidiú leo, i gcomparáid leis an mhéid páistí agus daoine eile a bhfuil cuidiú de dhíth orthu, ach is comhartha é go bhfuil pobal an domhain ag smaoineamh orthu. Is comhartha cumhachtach é fosta, go raibh duine de na ceannairí reiligiúin is tábhachtaí ar domhan buartha faoina gcás.
Is comhartha é an t-otharcharr nua go bhfuil pobal an Domhain ag smaoineamh ar mhuintir Gaza
Ceisteanna
🙏🏻 Cad é an rud é ‘pápa-charr’?
🙏🏻 Cad é atá ag tarlú do phápacharr an Phápa Proinsias?
🙏🏻 Cá bhfuil Gaza, dar leis an alt?
🙏🏻 Cá mhéad páiste sa lá a mbeidh an t-otharcharr nua ábalta cuidiú leo?
🙏🏻 Cá mhéad duine ar fad a maraíodh in Gaza ó bhí Deireadh Fómhair 2023 ann?
🙏🏻 Dar leis an alt, cad é mar atá a fhios againn go mbíodh an Pápa Proinsias buartha faoi chás Gaza?
🙏🏻 Ar tháinig deireadh leis an troid i mí Dheireadh Fómhair 2025? Cad é mar atá a fhios againn?
Líon isteach na bearnaí
Tá daoine ag athrú an Phápa Proinsias ina le cuidiú le páistí in .
Ba ghnách leis na Pápaí taisteal i gcarráiste agus capaill á tharraingt, ach ó na 1920idí, thosaigh siad ag úsáid .
Tugadh an leasainm “ ” ar charr an Phápa nuair a thug Pól VI cuairt ar i 1965.
Bhí an carthanas ag iarraidh an pápacharr a thiontú ina otharcharr a bheadh in ann cuidiú le suas le páiste sa lá.
Bhí an Pápa Proinsias an-bhuartha faoin mhéid a bhí ag tarlú in , go háirithe ó mhí Fómhair 2023 ar aghaidh.
Síleann saineolaithe gur maraíodh suas le páiste agus gur gortaíodh níos mó ná páiste eile in Gaza.
Ba ghnách leis an Phápa a chur ar an sagart Caitliceach in Gaza gach oíche.
Fuair an Pápa Proinsias bás ar an Aibreán 2025, agus maraíodh an tAthair Gabriel Romanelli i mí 2025.
Cé go ndearna Iosrael agus Hamas comhaontú ar shos , níor stop Iosrael de na .
Is comhartha é an pápa-otharcharr go bhfuil an Domhain ag smaoineamh ar pháistí Gaza.
Le plé
‘Bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire an t-airgead a chaitheamh ar otharcharr ceart lena chur go Gaza, in áit airgead a chur amú ag athrú an phápachairr ina otharcharr beag nach mbeidh ábalta cuidiú ach le 200 páiste sa lá.’
Mar rang, déanaigí plé ar an ráiteas seo.