Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
(le Gráinne Uí Loingsigh)
Tá na bóithre contúirteach. Bíonn cuid mhór feithiclí ag taisteal ar na bóithre.

Mar sin, tá sé iontach tábhachtach go mbímid sábháilte agus muid ag siúl nó ag rothaíocht in aice leis an bhóthar.

Cad é mar is féidir linn a bheith sábháilte ar an bhóthar?
Bíodh do chluasa i gcónaí ag éisteacht.
Bíodh do shúile i gcónaí ag amharc.

Nuair a bhíonn tú ag siúl ar chosán, siúil ar an taobh istigh den chosán.
Tóg lámh le duine fásta.

Ag deireadh an bhóthair, stop ag colbha an chosáin.

Aimsigh áit shábháilte le trasnú. Mar shampla, soilse tráchta:

Nó, trasrian síogach:

Agus tú ag déanamh réidh le dul trasna an bhóthair, abair an rann beag seo le cuidiú leat,
"Amharc ar dheis,
Amharc ar chlé,
Níl aon rud ag teacht,
Tá mé réidh!"

Agus tú ag trasnú an bhóthair, siúil agus bí ag éisteacht agus ag amharc amach go cúramach faoi choinne feithiclí. Ná rith!

Ag an am seo den bhliain, bíonn sé dorcha ar feadh cuid mhaith den lá. Mar sin de, caith éadaí geala.

Ná caith éadaí dorcha - bíonn sé ródheacair ag na tiománaithe tú a fheiceáil. Bí sábháilte, bí feiceálach!
❓ Ceisteanna
🗣️ Le plé agus le déanamh ✍️
Cruthaigh póstaer le pictiúir agus teachtaireacht shoiléir: “Bí Sábháilte ar an Bhóthar!”
(Is féidir é a chur ar bhalla an tseomra ranga.)
I ngrúpaí beaga, déan rólimirt faoin dóigh cheart leis an bhóthar a thrasnú go sábháilte.
Scríobh rann nua cosúil leis an cheann atá san alt chun cuidiú le páistí eile cuimhneamh ar rialacha an bhóthair. Nó, tarraing pictiúr leis an rann san alt a léiriú.
An féidir leat na bearnaí a chomhlánú mar is ceart? (Amharc siar ar an alt thuas.)
Tá na bóithre .
Bíodh do chluasa i gcónaí ag .
Nuair a bhíonn tú ag siúl ar , siúil ar an taobh .
Ag deireadh an bhóthair, stop ag an chosáin.
Ag an am seo den bhliain, caith éadaí .