Sneachta ar ar an bhealach!?!

Dé Máirt, an 18ú Samhain 2025

Thit sneachta ar thalamh ard ar roinnt mhaith áiteanna i dtuaisceart na tíre aréir


An bhfuil sneachta ar bith sa cheantar s’agatsa inniu? Bhuel, murar thit sneachta aréir, agus má tá tú i do chónaí i dtuaisceart na tíre, ar thalamh ard (níos mó ná 200m os cionn leibhéal na farraige) – gach seans go mbeidh sneachta agaibh am éigin inniu nó anocht.

‘An ghaoth aduaidh, bíonn sí crua’ – faigh níos mó eolais ar na treonna sa Ghaeilge anseo.


Deir na réamhaisnéiseoirí aimsire go mbeidh gaoth aduaidh ag séideadh inniu agus go dtabharfaidh sé seo aer iontach fuar isteach go tuaisceart na tíre. Má bhíonn sé ag cur in áit ar bith sa tuaisceart inniu, seans go dtitfidh cuid den fhearthainn mar shneachta – go háirithe ar thalamh ard. 

Cad é mar a bhíonn a fhios ag lucht na haimsire cén sórt aimsire a bheas ann?


Ach, cad é mar a bhíonn a fhios ag na réamhaisnéiseoirí aimsire cén sórt aimsire a bheas againn amárach, nó an chéad lá eile? Bhuel, is cineál eolaíochta é an réamhaisnéisiú aimsire – tugtar meitéareolaíocht air agus, in amanna, tugtar meitéareolaithe ar lucht tuartha na haimsire. Úsáideann meitéareolaithe a lán uirlisí difriúla agus a lán eolais ar an eolaíocht agus ar an tíreolaíocht le barúil a thabhairt dúinn den chineál aimsire atá ar an bhealach chugainn.

Bailíonn stáisiúin aimsire, cosúil leis an cheann seo, cuid mhór eolais faoin aimsir


Bíonn cuid de na stáisiúin aimsire seo amuigh ar an fharraige


Amharcann siad ar dtús ar an aimsir atá ann anois, agus ar an aimsir a bhí ann le cúpla lá anuas, i gcuid mhaith áiteanna difriúla ar domhan. Úsáideann siad an t-eolas a thagann ar ais chucu ó stáisiúin aimsire ar talamh agus amuigh ar an fharraige. Faigheann siad eolas go fiú ó eitleáin aimsire a bhíonn ag eitilt thar an fharraige agus go hard os cionn an talaimh. Úsáideann siad pictiúir agus eolas ó shatailítí atá thuas sa spás.

Eitleán aimsire – eitlíonn tríd na scamaill agus tríd an atmaisféar ag bailiú eolais

Pic le CSIRO, CC BY 3.0, trí Wikimedia Commons


Cuireann satailítí sa spás eolas agus pictiúir ar ais chuig na meitéareolaithe ar domhan


Is iad na cineálacha eolais a bhailíonn siad ná eolas faoi:

🌡️ An teocht – cé chomh te nó chomh fuar is atá sé (agus a bhí sé le cúpla lá anuas) in áit faoi leith

🌧️ Fliuchras – an méid taise atá san aer agus an méid fearthainne (nó sneachta) a thit nó atá ag titim

🌪️ Luas na gaoithe – cé chomh gasta is atá an ghaoth ag séideadh

💨 Treo na gaoithe – an treo ina bhfuil an ghaoth ag séideadh

Cuidíonn an t-eolas seo leis na réamhaisnéiseoirí pictiúr maith a fháil den aimsir ina n-intinn agus de phatrúin san aimsir. Ach, le bheith iomlán cinnte, cuireann siad an t-eolas seo uilig isteach i sár-ríomhairí a dhéanann anailís orthu agus a úsáideann cuid mhór mata le teacht ar na patrúin is dóchúla san aimsir.

Meitéareolaí ag déanamh comparáid idir na torthaí ó shár-ríomhairí aimsire difriúla


Ansin, cuireann na réamhaisnéiseoirí na torthaí ó shár-ríomhairí difriúla i gcomparáid lena chéile agus úsáideann siad a gcuid eolais féin ar an aimsir agus ar an tíreolaíocht, chomh maith lena dtaithí féin, leis an phatrún is dóchúla a roghnú – agus seo an réamhaisnéis aimsire a thugann siad dúinne, an pobal. 

Pic ó chainéal TG4 ar na meáin shóisialta


Ní bhíonn an ceart ar fad acu i rith an ama, ach, de réir mar a thagann feabhas ar an teicneolaíocht, ar na huirlisí aimsire agus ar na sár-ríomhairí – tá ag éirí níos fearr le meitéareolaithe an lae inniu réamhaisnéisí níos cruinne agus níos faide chun cinn a thabhairt dúinn.

Mar sin, an cheist mhór – an mbeidh ‘Nollaig Bhán’ againn???

Tá sé róluath go fóill, go fiú ag na sár-ríomhairí is fearr, le ‘Nollaig Bhán’ a thuar!


Ceisteanna le freagairt

Cad chuige a bhfuil seans maith ann go dtitfidh sneachta ar thalamh ard sa tuaisceart inniu?

Cad é an rud meitéareolaíocht?

Cad é a dhéanann meitéareolaí?

Cén sórt eolais a bhailíonn réamhaisneoirí aimsire faoin aimsir? Luaigh trí shampla.

Cad é mar a úsáideann meitéareolaithe sár-ríomhairí?


Le plé

❄️ Cén fáth a gcuireann daoine an oiread sin spéise san aimsir? (Smaoinigh ar chineálacha difriúla daoine agus post agus na fáthanna a mbeadh an aimsir tábhachtach dóibh.)

❄️ An gcuireann tú féin suim san aimsir agus sna réamhaisnéisí aimsire? Cén fáth?

❄️ Cén sórt aimsire is fearr leatsa agus cén fáth?


Don mhúinteoir

Is féidir alt eile faoin topaic céanna, ach ar leibhéal níos insroichte, a léamh anseo.


meas