Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Caitheann a lán daoine fásta a lán ama, agus airgid, ag iarraidh cur in éadan an ‘dul in aois’. Cuireann siad dath ina gcuid gruaige, ceannaíonn siad uachtar costasach le cur ar a gcraiceann agus baineann siad triail as vitimíní agus mianraí speisialta agus aistí bia faoi leith.
Rud ar bith le cuma óg a choinneáil ar an chraiceann!
Má tá aithne agatsa ar dhuine fásta a bhíonn ag gabháil don chraic seo, thig leat a rá leis nó léi go bhfuil bealach i bhfad níos fusa ann leis an chorp agus leis an inchinn a choinneáil óg – teanga eile a fhoghlaim! Tá eolaithe i mBaile Átha Cliath i ndiaidh teacht ar fhianaise iontach láidir go dtig leat tú féin a chosaint níos fearr ar rud a dtugtar ‘aosú luath’ air má labhraíonn tú níos mó ná teanga amháin.
‘Anois, cad é a bhí le déanamh agam inniu arís?’
Is é atá i gceist leis an ‘aosú luath’ ná nuair a bheadh rudaí ag tarlú i gcorp nó in inchinn duine nach dtarlódh de ghnáth go dtí go mbeadh an duine níos sine. Seans go mbeadh fadhbanna acu lena gcuimhne, mar shampla, ag aois níos óige ná mar is gnách.
Rinne na heolaithe i mBaile Átha Cliath ceann de na suirbhéanna agus na staidéir ba mhó riamh ar an cheist seo. Scrúdaigh siad eolas ó bhreis agus 86,000 duine. Is é a fuair siad amach, ná:
🗣️ Bíonn seans i bhfad níos lú ann go dtarlódh an t-aosú luath do dhuine a labhraíonn dhá theanga.
🗣️ Bíonn cosaint níos fearr arís ag daoine a labhraíonn trí theanga nó níos mó.
Má labhraíonn tú níos mó ná teanga amháin go rialta – cuidíonn sé leat do chorp a chosaint ar an aosú luath
Síleann na heolaithe go gcuidíonn sé go mór leis an inchinn nuair a bhíonn tú ag malartú go rialta idir teangacha difriúla – tá sé rud beag cosúil le d’inchinn a thabhairt chuig an seomra aclaíochta!

Anois – cionn is go bhfuil dhá theanga, ar a laghad, againne uilig cheana féin, tá muid ag cuidiú, cheana, lenár n-inchinn a choinneáil níos sláintiúla. Dá mbeifeá leis an tríú teanga a fhoghlaim agus a úsáid go rialta, bheadh cosaint níos fearr arís agat!
Mar sin, má tá comhairle ar bith de dhíth ar na daoine fásta a bhfuil aithne agatsa orthu, i dtaca le bheith ag dul in aois – abair leo dearmad a dhéanamh den uachtar costasach agus níos mó ama a chaitheamh ag cleachtadh a gcuid Gaeilge!

Ceisteanna le freagairt
1. Cad chuige a gcuireann a lán daoine fásta dath ina ngruaig agus a n-úsáideann siad uachtar costasach ar a gcraiceann?
2. Cad é an chomhairle atá san alt le cuidiú le do chorp agus leis an inchinn fanacht níos óige?
3. Mínigh an téarma ‘aosú luath’ i do chuid focal féin.
4. Cá mhéad duine a bhí páirteach sa staidéar a rinne na heolaithe as Baile Átha Cliath?
5. Cad é an difear idir dhá theanga a labhairt agus trí theanga a labhairt, ó thaobh aosú luath de?
6. Cén fáth a síleann na heolaithe go bhfuil sé maith don inchinn nuair a bhíonn tú ag malartú idir teangacha difriúla?
Le plé
🗣️ Tá dhá theanga ar a laghad againne uilig. Dá dtiocfadh leat teanga eile a fhoghlaim, cén teanga a bheadh ann agus cén fáth?
🗣️ An bhfuil sé tábhachtach, taobh amuigh de chúrsaí sláinte, dar leat, go mbeadh páistí in Éirinn dátheangach? Cén fáth?
🧠 An dtig libh smaoineamh ar ghníomhaíochtaí eile leis an inchinn a choinneáil sláintiúil aclaí?
🧠 Bíonn a lán páistí ag dúil go mór le bheith ‘fásta suas’. Mar rang, smaoinígí ar bhuntáistí agus ar mhí-bhuntáistí le bheith i do dhuine fásta.