Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Inniu an chéad lá den tSeachtain Frithbhulaíochta, ón 10ú-14ú Samhain. Is ócáid bhliantúil í seo anois agus cuireann sí daoine ar an eolas faoin bhulaíocht, nó an tromaíocht, agus spreagann iad le deireadh a chur léi. ‘Cumhacht don Mhaith’ an téama i mbliana. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cumhacht ag gach duine againn rud maith a dhéanamh – má bhímid cineálta, má chuidímid le daoine eile agus má sheasaimid suas in éadan na bulaíochta.
Cad chuige a bhfuil seachtain mar seo tábhachtach? Tá an bhulaíocht mícheart agus gortaíonn sí daoine – tusa, do chuid cairde nó fiú daoine nach bhfuil aithne agat orthu. Is cuma nó bíonn daoine cosúil leat féin ag fulaingt mar gheall uirthi. Ar fud an domhain, cuireann an bhulaíocht isteach ar na milliúin duine – agus ní páistí amháin a bhíonn thíos léi nó tarlaíonn sí do dhaoine fásta chomh maith.
Tá gach duine éagsúil
Cuireann an tSeachtain Frithbhulaíochta i gcuimhne dúinn go bhfuil ‘cumhacht don mhaith’ ag gach duine againn agus gur féidir linn uilig difear a dhéanamh.
Le linn na seachtaine, glacfaidh go leor scoileanna páirt i ngníomhaíochtaí speisialta. Beidh tionóil speisialta acu agus cluichí a chuidíonn le páistí tuiscint níos fearr a fháil ar an bhulaíocht agus ar an dóigh le seasamh le chéile lena stopadh. Spreagtar gach duine le bheith cairdiúil le gur féidir linn saol níos cineálta a dhéanamh.

Beidh rud amháin faoi leith ar siúl chomh maith, mar atá, Lá na Stocaí Éagsúla. Caitheann daoine stocaí éagsúla ar an lá sin lena thaispeáint go bhfuil gach duine éagsúil agus speisialta ina ndóigh féin. Níl gá le stocaí nua ná costasacha a úsáid – níl le déanamh ach spraoi a bheith agat agus do stíl féin a chur in iúl!

Le déanamh:
Iarr ar an mhúinteoir Lá na Stocaí Éagsúla a eagrú an tseachtain seo. Iarr ar gach páiste stocaí éagsúla a chaitheamh ar scoil. Le linn an lae, cuir daoine ina gciorcail agus iarr ar gach duine a rá cad é an dóigh a bhfuil daoine éagsúil. (Beidh gach duine éagsúil ar dhóigh amháin nó eile, ar ndóigh).
Tabhair cártaí beaga do na páistí. Ar leathchuid de na cártaí, scríobhfaidh siad focail dheasa (m.sh. ‘Tá tú go hiontach!’), agus ar an leathchuid eile focail nach bhfuil cairdiúil. Tugann na páistí na cártaí amach go randamach. Pléigh cad é mar a mhothaíonn daoine nuair a chluineann siad focail dhearfacha i gcomparáid le focail dhiúltacha. Críochnaigh le geallúint dhearfach: ‘Úsáidfidh mé mo chumhacht don mhaith!’
I ngrúpaí beaga, déanaigí póstaer le híomhánna nó focail a léiríonn cineáltas, cairdeas, agus tacaíocht. Cuirigí na póstaeir ar taispeáint sa seomra ranga nó sa halla.