Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is fearr bheith sláintiúil ná saibhir!
Is é a chiallaíonn an seanfhocal seo ná, ní fiú na múrtha airgid a bheith agat má tá tú róthinn le tairbhe a bhaint as an airgead sin – le rudaí a cheannach nó le dul chuig áiteanna úra nó iontacha.
Cén mhaith cuid mhór airgid a bheith agat mura dtig leat é a chaitheamh?
Go mion minic, ní bhíonn meas againn ar ár sláinte, ná ar na rudaí maithe eile atá againn inár saol. Caithimid barraíocht ama ag smaoineamh ar rudaí nach bhfuil againn – na bróga reatha is daoire, an fón is úire, nó an consól cluichíochta nua is mian linn. Bíonn daoine fásta mar an gcéanna – ag santú níos mó airgid nó carr níos fearr nó teach níos mó.
Caithimid barraíocht ama ag santú rudaí nach bhfuill againn!
Ach, má bhuaileann tinneas thú, ní bhíonn an phráinn chéanna leis na rudaí costasacha seo níos mó – agus tuigeann tú an t-ádh a bhí ort nuair a bhí tú ar do sheanléim!
Sa seanam, má bhí táin agat, bhí tréad maith bó nó caorach agat
Tá an focal ‘táin’ suimiúil sa seanfhocal seo. Baineann ‘táin’ le ba nó caoirigh. Is é an chiall a bhí leis ná cuid mhór bó nó caorach. Sa lá atá inniu ann, is comhartha é go bhfuil tú saibhir má tá Lamborghini nó Porsche nó dhó taobh amuigh den teach agat. Sa seanam, áfach, ba chomhartha é go raibh tú saibhir má bhí cúpla dosaen bó ar an chnoc agat!
Saibhreas inniu? Lamborghini…
nó Porsche?
Lógó Lamborghini – tarbh
Lógó Porsche – capall
Tá clú ar Lamborghini agus Porsche sa lá atá inniu ann mar gheall ar na carranna galánta costasacha a dhéanann siad ach thosaigh an dá chomhlacht mar dhéantóirí tarracóirí! Tá go leor feirmeoirí in Éirinn a bhfuil Lamborghini acu – tarracóir Lamborghini!
Dá mbíodh bó amháin ag gnáth-theaghlach sa seanam, bhí siad ina suí go te ach dá mbíodh duine éigin iontach saibhir, thiocfadh leat a rá go raibh ‘táin ar cnoc’ ag an duine sin! Bhí leagan eile den seanfhocal seo ann i gCúige na Mumhan a dúirt, ‘Is fearr an tsláinte ná táin ar cnoc’.
Saibhreas sa seanam – tá táin ar cnoc aige!
Ciall eile a bhí le táin fadó ná ba a bhogadh ó áit amháin go háit eile, nó go fiú dul ar ruathar le ba nó caoirigh duine éigin eile a ghoid. Tá scéal Táin Bó Cuailgne, nó an Táin, mar a thugtar air, ar cheann de na finscéalta is clúití sa Ghaeilge. Baineann sé leis an bhanríon Meadhbh as Connachtaibh, a tháinig go hUltaibh* le tarbh darbh ainm Donn Chuailgne a ghoid, ach throid Cú Chulainn le hí a stopadh.
Cú Chulainn agus Donn Chuailgne
Tá an scéal chomh clúiteach sin, go bhfuil an 3ú ciall againn sa Ghaeilge nua ar an fhocal táin. Má deir tú go bhfuil duine sa táin, tá tú ag rá go bhfuil an duine sin iontach clúiteach nó gur laoch é nó í, mar a bheadh Cú Chulainn ann!
An bhanríon Meadhbh – tá sí sa táin!
Ceisteanna
Mínigh an seanfhocal ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’ i do chuid focal féin.
Cén sórt rudaí, dar leis an alt, a bhíonn daoine óga ag iarraidh?
Cad é a chiallaíonn an frása ‘a bheith ar ais ar do sheanléim’?
Cad é mar a bhíonn a fhios againn inniu, dar leis an alt, go bhfuil duine saibhir?
Cad é mar a bhí a fhios againn fadó go raibh duine saibhir?
Mínigh, i do chuid focal féin, an rud a chiallaíonn ‘tá sí ina suí go te’.
Má deir tú ‘tá táin ar cnoc aige sin’ – cad é atá i gceist agat?
Cén cúige inar chónaigh an bhanríon Meadhbh?
Cén sórt ainmhí é Donn Cuailgne?
Má deir tú go bhfuil duine sa táin, an dea-rud nó an drochrud é sin? Cén fáth?
Le plé
🐂 Cad iad na rudaí ba cheart dúinn a dhéanamh le fanacht sláintiúil aclaí agus le héirí níos sláintiúla?
🐂 Tá sé i bhfad níos deacra ag daoine fásta éirí aclaí agus fanacht aclaí ná mar a bhíonn sé do dhaoine óga, ach má bhíonn nósanna maithe againn agus muid óg, is mó seans go bhfanfaidh na nósanna sin linn agus muid níos sine. An dtig libh smaoineamh ar 5 nós ba cheart dúinn uilig a thógáil le fanacht níos aclaí sláintiúla agus muid níos sine?
🐂 In amanna, ní bhíonn meas againn ar na rudaí atá againn sa saol. Smaoinigh ar pháistí in áiteanna eile ar domhan agus ar na rudaí atá againne nach bhfuil acusan. Cad iad na rudaí ar cheart dúinne níos mó measa a bheith againn orthu?
🐂 Amharc ar an phictiúr den siopa thíos – an ainm maith é, i do bharúil? Cén fáth?
Siopa eachtraíochta i nGaillimh – an é go bhfuil gach rud sa siopa daor, ach go ndéanfaidh sé maitheas don tsláinte?
